Dhá fholáireamh oráiste eisithe ag Met Éireann agus Stoirm Bram ag déanamh orainn

Buailfidh Bram talamh thart ar a trí a chlog anocht agus go mbeidh sí ag ropadh léi ansin go dtí a naoi a chlog san oíche amárach

Dhá fholáireamh oráiste eisithe ag Met Éireann agus Stoirm Bram ag déanamh orainn

Tá an t-oileán seo ag fáil faoi réir do dhrochoíche agus ropadh gaoithe agus díle bháistí á dtuar ach a mbuailfidh an stoirm is déanaí, Bram an tír.

Gaoth mhór aneas a bhféadfadh fórsa gála a bheith léi an éadáil a thabharfaidh Bram, stoirm a d’ainmnigh muid fhéin, chugainn agus de réir nádúir le cósta is measa a bheidh an ghaoth sin.

Beidh an ghaoth láidir agus siotaí tréana léi i ngach contae sa tír agus é á thuar go mbuailfidh Bram talamh thart ar a trí a chlog anocht agus go mbeidh sí ag ropadh léi ansin go dtí a naoi a chlog san oíche amárach.

Tá dhá fholáireamh oráiste gaoithe eisithe ag Met Éireann do 11 contae agus gaoth láidir nó gála ag déanamh orainn.

Tiocfaidh an chéad fhainic oráiste i bhfeidhm i gceithre chontae leis an gcósta ó dheas óna 7am go dtí a 3pm – Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge agus Loch Garman is túisce a shroichfidh Bram.

Trí uair an chloig ina dhiaidh sin, ag a 10am, a bheidh feidhm leis an rabhadh oráiste leis an gcósta thiar agus beidh sé i bhfeidhm sna seacht gcontae thiar go dtí a 6pm – Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, agus Dún na nGall.

Tá fainic curtha ag lucht na haimsire i Met Éireann ar dhaoine a bheith san airdeall má bhíonn siad ag taisteal le cósta ar thalamh íseal mar go bhféadfadh taoillí arda a bheith ina bhfuarlaigh ar na bhóithre agus contúirt ag baint leis sin don taistealaí.

Óna 9pm anocht go dtí a 9am amárach tá rabhadh buí báistí fógartha do sheacht gcontae – Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge Ciarraí agus Corcaigh.

Tá an bháisteach throm seo níos contúirtí mar go bhfuil an talamh báite agus na srutháin lán cheana de bharr na drochaimsire le tamall agus d’fhéadfadh tuilte agus fuarlaigh a bheith in áiteanna agus contúirt ag baint leis an taisteal. D’fhéadfadh an fliuchán seo cur as d’imeachtaí a bhí le tarlú amuigh faoin aer.

Amárach beidh rabhadh buí gaoithe i bhfeidhm sa tír ar fad agus Met Éireann ag tuar go mbeidh “ropadh láidir gaoithe aneas againn agus baol gála le cósta”.

Beidh an foláireamh sin i bhfeidhm óna 3.00am anocht go dtí a 9.00am ar maidin amárach.

Tá lucht aimsire na Breataine tar éis rabhadh buí gaoithe a eisiúint do na sé chontae ó thuaidh den teorainn ar feadh dhá uair déag amárach, ón naoi ar maidin go dtí a naoi san oíche. Tá fainic curtha acu go bhféadfadh an stoirm cur as do dhaoine agus dá gcúram. Aontroim, an Dún, Fear Manach, Ard Mhacha, Tír Eoghain agus Doire na contaetha a gheobhaidh séideán buí ó Bhram amárach.

Fág freagra ar 'Dhá fholáireamh oráiste eisithe ag Met Éireann agus Stoirm Bram ag déanamh orainn'