Thug TG4 siar ó thuaidh agus soir ó dheas sinn ar an Déardaoin le dul ag fánaíocht cois cósta. Ar dtús chuamar go Tír Chonaill mar a raibh Áine Ní Bhreisleáin ag bualadh bóthair lena sraith deich gclár An Cósta Thiar. Sna seachtainí atá romhainn bainfimid lán ár gcuid súl as tírdhreach chuidsúlach cheantair Ghaeltachta chósta thiar na tíre ó Thír Chonaill go Ciarraí.
Lena chois cuirfimid aithne ar dhaoine atá buailte fúthu agus ag tuilleamh a gcrústa sna ceantair seo. Tá ainm Áine in airde le tamall de bharr feabhas a cuid oibre ar an gclár Bladhaire ar RnaG agus mar gheall ar a ról mar chuid de thriúracht Beo ar Éigean, an podchraoladh ar RTÉ. Tá a croíúlacht agus a cuideachtúlacht an-oiriúnach do chlár mar seo. Cuireann sí aoíonna ar a gcompord agus éirionn léi an trom is éadrom a shníomh le chéile go paiteanta.
Ní haon ionadh gur thosaigh bean Ghaoth Dobhair amach lena cuid spaisteoireacht ar an bhfód dúchais. Meabhraíodh dúinn gurb é Cnoc Fola an pointe is sia ó thuaidh ar an oileán seo agus sa chéad chlár imíonn sí léi ó dheas go Machaire Gathlán, Rann na Feirste, an Charraig Fhinn, Oileán na Cruite agus oileán Uaighe. Bhí an clár go hiomlán as Gaeilge, cineál feiniméan ar fiú tagairt dó ar na saolta seo, agus caint á cur ag Áine ar mhuintir na háite, an staraí áitiúil Donnchadh Ó Baoill agus a bhean ghaoil Mairéad Ní Mhaonaigh ina measc.
Deineadh trácht i rith an ama ar nasc an phobail leis an bhfarraige agus seatanna den tírdhreach álainn ár gcur fé dhraíocht. Bhí suaithinseacht ar leith ag baint leis an inbhear, An Ghaoth mar a rabhthas ag iascadh bradán ar bhonn tráchtála ón mheánaois i leith. Chuireas suim faoi leith i scéal Oileán na Cruite a tréigeadh sna seachtóidí. Tús maith le sraith a bhfuil cuma mhaith uirthi.
Duine eile a bhfuil a ainm in airde ar na saolta seo an nádúraí Eoin Warner. Ba é a bhí mar láithreoir ar an tsraith iontach Éire Fhiáin in 2017 agus bhí sé le clos arís sa tsraith An Cuan mí na Samhna seo caite. Sa tsraith trí chlár Iontais na bhFarraigí Ceilteacha beidh sé ag siúl, ag cadhcáil agus ag tumadh fan an chósta ó Chorcaigh go Port Láirge is Loch Garman agus as sin go cósta na Breataine Bige.
Is léir i gcónaí go bhfuil Warner paiseanta faoin nádúr agus déantar a phaistí cainte eolgaiseacha, deisbhéalacha a shníomh le píosaí scannánaíochta a bhíonn draíochtúil agus lán léargais; díreach mar a deineadh le Éire Fhiáin. Fuaireamar éachtaint ar fhaoileáil agus cúirtéireacht na rónta, aire uibhe na n-éan aille agus planctón fluaraiseach.
Bhí téama an chaomhnaithe le brath go láidir sa dá chlár seo agus is cuí agus is tráthúil sin.
Dhá chlár bhreátha thaitneamhacha a chuirfeadh fonn bóthair is uisce ort mar aon le breis measa a chothú ionainn ar ár gcósta, ár bhfarraigí is ár dteanga.
Seán Mag Leannáin
“Tá ainm Áine in airde le tamall de bharr feabhas a cuid oibre ar an gclár Bladhaire ar RnaG agus mar gheall ar a ról mar chuid de thriúracht Beo ar Éigean, an podchraoladh ar RTÉ. Tá a croíúlacht agus a cuideachtúlacht an-oiriúnach do chlár mar seo. Cuireann sí aoíonna ar a gcompord agus éirionn léi an trom is éadrom a shníomh le chéile go paiteanta.” Aontaím go hiomlán. Is craoltóir óg den chéad scoth í Áine Ní Bhreisleáin.