D’fhéadfadh Ó Cualáin a bheith i gceannas an Gharda Síochána go samhradh 2019

Dúirt cathaoirleach an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn gur cheart don rialtas fanacht ar thuarascáil an Choimisiúin faoi thodhchaí na póilíneachta sula gcuirfí tús leis an bpróiseas earcaíochta le comharba Nóirín O’Sullivan a aimsiú

D’fhéadfadh Ó Cualáin a bheith i gceannas an Gharda Síochána go samhradh 2019

D’fhéadfadh Dónall Ó Cualáin, as Carna i nGaeltacht na Gaillimhe, a bheith ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí go dtí samhradh na bliana 2019.

Tá Ó Cualáin i gceannas ar an nGarda Síochána go sealadach ó d’éirigh an t-iarChoimisinéir, Nóirín O’Sullivan, as a cúram níos luaithe an mhí seo.

Dúirt cathaoirleach an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn, Kathleen O’Toole, leis an Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan gur cheart don rialtas fanacht ar thuarascáil an Choimisiúin faoi thodhchaí na póilíneachta sula gcuirfí tús leis an bpróiseas earcaíochta le comharba O’Sullivan a aimsiú.

Dúirt Josephine Feehily, cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta, áfach, gur “ábhar imní” di an moladh go bhfanfaí os cionn bliana sula gceapfaí Coimisinéir nua ar an nGarda Síochána.

Dheimhnigh sí gurbh é an tÚdarás Póilíneachta a réiteodh an próiseas earcaíochta ach gurbh í Seirbhís na gCeapachán Poiblí a bheadh freagrach as an bpróiseas a reáchtáil.

Má ghlactar leis an gcomhairle ón gCoimisiún, ní chuirfear tús leis an bpróiseas earcaíochta as seo go ceann bliana agus ní thiocfaidh deireadh leis an bpróiseas sin go ceann naoi mí ina dhiaidh sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh fear Charna ag feidhmiú mar Choimisinéir go dtí samhradh na bliana 2019.

Tá ráite ag Ó Cualáin cheana féin nach spéis leis cur isteach ar phost Choimisinéir an Gharda Síochána nuair a fhógrófar é. Dúirt Ó Cualáin gur onóir mhór dó an deis a fháil gníomhú mar cheannasaí na nGardaí agus gur ag díriú ar a ról mar Choimisinéir feidhmeach amháin atá sé.

Thug Ó Cualáin tréimhse mar sháirsint ar Inis Mór agus thug sé seal chomh maith mar cheannfort sna Gleannta i nDún na nGall. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin arís mar Ard-Cheannfort i gcathair na Gaillimhe sular ceapadh mar choimisinéir cúnta é.

Thug an t-iarChoimisinéir Nóirín O’Sullivan le fios don Taoiseach agus don Aire Dlí agus Cirt ag tús na míosa go raibh sí ag éirí as a post, post a bhí aici ó Mhárta 2014. Tharla cuid mhaith conspóidí le linn do O’Sullivan a bheith sa phost is sinsearaí sa Gharda Síochána, an chonspóid is déanaí faoi thástálacha bréige anála agus cás Maurice McCabe san áireamh.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh Ó Cualáin a bheith i gceannas an Gharda Síochána go samhradh 2019'