D’fhéadfadh an Breatimeacht a bheith ina stad má dhiúltaítear don mhargadh – Theresa May

Deir Príomh-Aire na Breataine gur éirigh léi gealltanais thábhachtacha a fháil maidir leis an gcúlstop agus gnéithe eile den mhargadh imeachta

D’fhéadfadh an Breatimeacht a bheith ina stad má dhiúltaítear don mhargadh – Theresa May

Tá ráite ag Theresa May go bhfuil an “baol ann nach mbeadh aon Bhreatimeacht ann” sa chás go vótálfaí in aghaidh a margadh imeachta sa pharlaimint amárach.

Dúirt sí go mbeadh “pairilis” sa pharlaimint sa chás go ndiúltófaí dá margadh agus go bhféadfadh a leithéid stop a chur leis an mBreatimeacht, atá in ainm is tarlú ar an 29 Márta.

Dheimhnigh May chomh maith gur iarr sí ar an AE go gcuirfí dáta éaga leis an gcúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint, ach gur diúltaíodh don éileamh sin. 

Dúirt sí áfach gur éirigh léi gealltanais thábhachtacha a fháil maidir leis an gcúlstop agus gnéithe eile den mhargadh imeachta. 

Dúirt sí go raibh sé deimhnithe ag an AE go bhféadfaí tús a chur leis na cainteanna iarBhreatimeachta roimh an 29 Márta agus gur deimhníodh freisin gur ‘pacáiste’ atá sa mhargadh imeachta agus sa ráiteas polaitiúil faoin mBreatimeacht. 

Dúirt sí go raibh sé socraithe chomh maith leis an AE go mbeadh rogha ag feidhmeannas Stormont maidir le haon rialacha nua a thabharfaí isteach sa chás go dtabharfaí feidhm don chúlstop. 

Mhaígh May go raibh sé deimhnithe ag an AE go raibh feidhm dhlíthiúil lena ghealltanais faoin gcúlstop.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine gurbh amhlaidh nár éirigh le duine ar bith eile sa pharlaimint margadh a mholadh a d’fhéadfaí a aontú agus a chloífeadh le toradh an reifrinn Breatimeachta. 

D’fhoilsigh Rialtas na Breataine ar maidin comhfhreagras idir an Príomh-Aire Theresa May agus an tAontas Eorpach maidir le ceist an chúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. 

Sa litir a fuair Theresa May ó Donald Tusk Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, déantar iarracht daoine a chur ar a suaimhneas faoi cheist an chúlstop ach deirtear athuair nach bhfuil aon dul siar ar aon rud atá sa mhargadh Breatimeachta. 

Deir Tusk agus Juncker go ndéanfar gach iarracht teacht ar réiteach ó thaobh na teicneolaíochta maidir le ceist na teorann chun nach mbeadh aon ghá leis an gcúlstop. 

Deirtear sa litir nach bhfuil aon fhonn ar an AE “ach oiread leis an Ríocht Aontaithe” go dtiocfadh an cúlstop i bhfeidhm agus gur drochmhargadh trádála a bheadh ina leithéid don dá thaobh. 

Deirtear i litir an AE nach bhfuil aon rud dá laghad sa mhargadh a chuirfeadh as do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus nach bhfuil sé i gceist go mbeadh rialacha an Aontais i bhfeidhm sa Tuaisceart ach a fhad is atá sin riachtanach chun teorainn chrua a sheachaint.

Deirtear freisin go bhféadfaí tús a chur le cainteanna faoin gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAE chomh luath in Éirinn is a bheadh vóta caite ar son an mhargaidh i dTeach na dTeachtaí in Westminster. 

Amárach a bheidh an vóta cinniúnach maidir leis an margadh Breatimeachta a d’aontaigh Rialtas na Breataine leis an AE. Is é is dóichí ná nach mbeidh dóthain tacaíochta sa pharlaimint don mhargadh.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh an Breatimeacht a bheith ina stad má dhiúltaítear don mhargadh – Theresa May'