Deontas €169,000 bronnta ag Roinn na Gaeltachta ar Naomh Abán

Deir Cathaoirleach an chumainn go rachaidh tromlach an airgid i dtreo fiacha ó reáchtáil Chomórtas Peile na Gaeltachta a laghdú

Deontas €169,000 bronnta ag Roinn na Gaeltachta ar Naomh Abán

Tá sé fógartha tráthnóna ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil deontas €169,000 curtha ar fáil aige do CLG Naomh Abán i mBaile Bhuirne.

Dar le Cathaoirleach an chumainn, Cathal Ó Riada, rachaidh “tromlach” an airgid sin chun aisíocaíocht a dhéanamh ar iasacht a fuair siad chun fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2015, a reáchtáladh ar an mbaile.

“Tá muid thar a bheith sásta an t-airgead a fháil. Bímid sásta le haon rud a chabhródh na fiacha a ghlanadh,” a deir Ó Riada.

Thóg Naomh Abán páirc imeartha agus clubtheach nua ar Pháirc Íosagáin don chomórtas dhá bhliain ó shin agus cé go raibh siad in ann an chuid is mó den €800,000 a bhí ag teastáil a íoc le cabhair Deontas Caipitil Spóirt agus feachtas bailiúcháin, fós bhí orthu iasacht mhór a fháil.

“Fuair muid iasacht €300,000 agus beidh sé sin le díol ar ais againn ar feadh cúig bliana déag,” a mhínigh Ó Riada. “Ciallaíonn an t-airgead seo go mbeidh muid in ann na fiacha sin a laghdú.”

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is club an-ghníomhach é Cumann Peile Naomh Abán agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid d’áis ar fáil i gceantar Gaeltachta chun a chinntiú go mbíonn achan deis ag bunadh an cheantair, go háirithe daoine óga, an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.

Fág freagra ar 'Deontas €169,000 bronnta ag Roinn na Gaeltachta ar Naomh Abán'