Tá beirt de cheannródaithe na filíochta agus na scéalaíochta in Éirinn, Máire Mhac an tSaoi agus Peig Sayers, le ceiliúradh i bpíosaí nua ealaíne atá le cruthú.
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin go raibh deontais ar fiú €25,000 an ceann iad le bronnadh ar dheichniúr ban mar chuid de Ghradam Markievicz 2024 agus tionscadail faoi Mhac an tSaoi agus Sayers beartaithe ag beirt de na daoine a fuair an deontais.
Bronnadh ceann de na deontais ar an amhránaí aitheanta as Corca Dhuibhne, Muireann Nic Amhlaoibh chun amhráin nua a chumadh bunaithe ar dhírbheathaisnéis agus scéalta Pheig Sayers. Tá sé i gceist go mbeadh liricí na n-amhrán, a bheidh i nGaeilge, bunaithe ar thaithí saoil Sayers mar bhean Ghaeltachta.
Tá deontas bronnta freisin ar an gceoltóir Zoë Conway chun píosa ceoil a chumadh a bheidh bunaithe ar shaothar Mháire Mhic an tSaoi. Beidh Gaeilge, ceol na fidle agus ceolfhoireann shiansach le cloisteáil sa phíosa.
Bronnadh deontais ar ealaíontóirí sna healaíona traidisiúnta, san amharclannaíocht, sa gceol agus sa litríocht mar Ghradam Markievicz 2024.
An aidhm atá leis an tionscadal seo tacú le healaíontóirí a gceird a fhorbairt agus ealaín a tháirgeadh a aithníonn agus a dhéanann ról na mban sa 20 hAois agus ó shin a chomóradh.
Tugann an dámhachtainí ómós do Constance Markievicz, ealaíontóir agus an chéad bhean a toghadh ina feisire parlaiminte do Westminster i 1918 agus a bhí ina hAire Saothair sa Chéad Dáil.
Rinne an tAire Catherine Martin comhghairdeas leis na healaíontóirí a fuair deontas faoin ngradam i mbliana
“Breathnaíodh go coitianta ar na healaíona mar spás sábháilte chun súil siar a chaitheamh ar imeachtaí casta san am atá thart. Tá sé oiriúnach go háirithe go n-úsáideann an Gradam seo, atá in ómós do Constance de Markievicz, meán na healaíne chun aghaidh a thabhairt ar ról na mban sa tréimhse réabhlóideach agus i mblianta tosaigh bhunú an Stáit – ról a ndearnadh neamhaird air agus nach raibh meas mór air.”
Fág freagra ar 'Deontais bronnta chun píosaí ealaíne a chruthú bunaithe ar shaothar Mháire Mhic an tSaoi agus Pheig Sayers'