Deis iontach ag beirt bhan Ghaeltachta ar bhonn Oilimpeach sa rámhaíocht anocht

Tá Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn ar fhoireann ceathrair na hÉireann a bheidh páirteach sa bhabhta ceannais rámhaíochta mall san oíche anocht

Deis iontach ag beirt bhan Ghaeltachta ar bhonn Oilimpeach sa rámhaíocht anocht

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb

Beidh a ndeis ag beirt bhan Ghaeltachta ar bhonn Oilimpeach a bhaint i dTóiceo anocht agus iad san iomaíocht i mbabhta ceannais rámhaíochta.

Tá Aifric Keogh, arb as Aill an Phréacháin sna Forbacha di, agus Fiona Murtagh, arb as Tulaigh Mhic Aodháin i Maigh Cuilinn di, ar fhoireann ceathrar ban na hÉireann a bheidh ag iomaíocht sa bhabhta ceannais ag 1.50am anocht (Beo ar RTÉ).

Eimear Lambe ó Bhaile Átha Cliath agus Emily Hegarty ó Chorcaigh at bheidh sa bhád le Keogh agus Murtagh.

Bhain an ceathrar áit amach sa rás ceannais a bhuíochas do thaispeántas den scoth sa bhabhta cáilithe maidin Dé Sathairn, nuair a chríochnaigh siad sa dara háit. Ag deireadh an rása 2km sin, ní raibh mná na hÉireann ach 0.2 soicind chun deiridh ar bhád na hAstráile, foireann atá aitheanta mar rogha na coitiantachta sa chomórtas.

Sé bhád ar fad a bheidh ag glacadh páirt sa rás ceannais anocht – An Bhreatain Mhór, Éire, an Astráil, an Ísiltír, an tSín agus an Pholainn. Meastar gurb iad foirne na hAstráile agus na hÍsiltíre is láidre sa rás ceannais ach tugtar an-seans d’Éirinn agus don tSín bonn a bhuachan.

Chuir tíofún isteach ar an gcomórtas rámhaíochta i dTóiceo le cúpla lá anuas.

Gaisce dochreidte a bheadh ann ag na mná seo bonn a thabhairt leo abhaile, ós rud é nár thosaigh an ceathrar ag rásaíocht le chéile go dtí mí an Mhárta.

Bhuaigh siad bonn airgid ag Craobhacha na hEorpa mí Aibreáin –na hÍsiltírigh a chríochnaigh sa chéad áit – ach níor éirigh le Keogh, Murtagh, Lambe agus Hegarty áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha go dtí an rás cáilithe a bhí ar siúl san Eilvéis mí Bealtaine, an seans deireanach a bhí acu áit a fháil i dTóiceo.

Tá éacht déanta ag an gceathrar rás na mbonn a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha, rud nach bhfuil déanta cheana ach ag foireann rámhaíochta ban amháin ón tír seo. Sinéad Lynch agus Claire Lambe, deirfiúr Eimear a bheidh san iomaíocht anocht, ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh in 2016.

Beidh rámhaithe eile as Éirinn san iomaíocht freisin anocht agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i mbabhtaí ceannais.

Beidh Paul O’Donovan agus Finbar McCarthy ag súil le rás eile a bhuachan agus iad sa bhabhta leathcheannais den chomórtas Bád Beirte Éadrom ag 3.30am. Ag an mbeirt seo atá an deis is fearr atá ag Éirinn bonn a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha seo.

Beidh Aoife Casey agus Margaret Crowley san iomaíocht sa chomórtas Bád Beirte Éadrom ag 3.40am agus is i mbabhta leathcheannais freisin a bheidh Monika Dukarska agus Aileen Crowley ó Chill Orglan i gCiarraí, agus iadsan ag rásaíocht ag 4.20am.

Fág freagra ar 'Deis iontach ag beirt bhan Ghaeltachta ar bhonn Oilimpeach sa rámhaíocht anocht'

  • Micheál Tim

    Nár laga Dia go deo
    Murtagh, Lambe, Hegarty agus Keogh
    Seasfaidh siad an fód
    Go hÉireann le bród
    Tá na mná seo thar coinn
    Crochfaidh siad leo na boinn

  • Eoin

    Go n-éirí go geal leo!

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Gach beannacht agus rarh orthu

  • An Teanga. Bheo

    Mna na hEireann maith sibh