Deis ag Ciarraí agus Maigh Eo a gcumas a léiriú roimh thús na craoibhe

Beidh cath suimiúil i gcluiche ceannais Roinn 2 tráthnóna agus Gaillimh ag iarraidh díoltas a bhaint de Ros Comáin i ndiaidh an chluiche eatarthu seachtain ó shin

Deis ag Ciarraí agus Maigh Eo a gcumas a léiriú roimh thús na craoibhe

Ciarraí v Maigh Eo – Páirc an Chrócaigh, 4pm (Beo ar TG4)

Cé go mbíonn sé i gcónaí deacair léargas ceart a fháil ar fhoirne i rith na sraithe, ba cheart go dtuigfeadh muid níos fearr anocht cén bhail go díreach atá ar fhoirne peile Chiarraí agus Mhaigh Eo.

Ba léir luath sa bhliain go raibh Ciarraí ag cur béime ar an tsraith agus Jack O’Connor ag iarraidh dea-thús a chur lena thríú seal i gceannas fhoireann an chontae. Cé gur bhain sé leas as na cluichí chun imreoirí nua a thriail, tá foirne láidre curtha chun páirce aige i nach mór gach cluiche. Fiú an deireadh seachtaine seo caite, agus áit ag Ciarraí sa chluiche ceannais cheana féin, roghnaigh O’Connor gan scíth a thabhairt do scata imreoirí.

Cúis amháin go raibh an Conchúrach dírithe ar an tsraith ná go raibh a fhios aige go mbeadh air fanacht tamaillín eile le cluichí in aghaidh foirne ardchumais. Cé go mbeidh an cluiche siúd in aghaidh Chorcaí in 2020 i gcúl a gcinn, tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh Ciarraí trí Chraobh na Mumhan gan mórán stró i mbliana agus go tobann, d’fhéadfaidís a bheith i gcluiche ceathrú ceannais nó leathcheannais na hÉireann gan cluiche crua a bheith imeartha acu le roinnt míonna.

Buíoch go maith mar sin a bheidh O’Connor as cluiche eile in aghaidh ceann de na foirne is fearr sa tír. Tabharfaidh sé deis eile dó freisin súil a chaitheamh ar an bhfoireann roimh thús na craoibhe. Cé go mbeidh formhór na n-imreoirí a bheidh ar an bhfoireann aimsir an tsamhraidh ina cheann ag O’Connor cheana féin, tá cúpla cinneadh fós le déanamh aige. Cé a thosóidh sa chúl ceann acu ach tá cúpla áit i measc na gcúlaithe agus i measc na dtosaithe oscailte go fóill.

Ní raibh an chuma ar an scéal go raibh an bhéim chéanna á cur ag Maigh Eo ar an tsraith ach féach anois iad sa chluiche ceannais. Tá trí seachtaine fós ann go dtí cluiche Mhaigh Eo in aghaidh na Gaillimhe i gCraobh Chonnacht ach sin bearna sách fada le gur féidir le James Horan cead a gcinn a thabhairt dá chuid imreoirí tabhairt faoina gcéilí comhraic.

Beidh leathshúil ag Horan ar an gcraobh atá le teacht ach tá’s aige freisin gur deis iontach é seo an lámh in uachtar a fháil ar cheann de na foirne is fearr sa tír. Bhuaigh Ciarraí an choimhlint idir na foirne seo i mBabhta 5 an mhí seo caite ach d’fhág an aimsir uafásach a bhí thíos i dTrá Lí an oíche sin nach ceart an iomarca suntais a chur ann. Scéal eile a bheidh ann inniu lá breá ar Pháirc bhreá an Chrócaigh. Is mór an mhuinín a thabharfadh bua inniu d’fhoireann níos deireanaí sa samhradh.

Gaillimh v Ros Comáin – Páirc an Chrócaigh, 1.45pm (Beo ar TG4)

Chas na foirne seo ar a chéile an deireadh seachtaine seo caite i bPáirc de hÍde agus bhuaigh Ros Comáin le cúig phointe. Bhí bearna níos mó idir na foirne i ndáiríre, aon phointe dhéag chun cinn a bhí Ros Comáin ag leath ama, ach lig an fhoireann baile na maidí le sruth agus chuir Gaillimh críoch mhaith leis an gcoimhlint lena náire a sheachaint.

Déarfá, mar sin, gurb iad Ros Comáin rogha na coitiantachta do chluiche an lae inniu ach b’fhéidir nach iad. Ní féidir an iomarca béime a chur ar chluiche an Domhnaigh seo caite ar chúpla cúis. Bhí Gaillimh cáilithe cheana féin don chluiche ceannais, rud a d’fhág gur chinn Pádraic Joyce roinnt imreoirí tábhachtacha a fhágáil ar an taobhlíne, agus bhí díocas ar fhir Ros Comáin buachan agus ardú céime a bhaint amach taobh leis na Gaillimhigh.

Beidh tionchar ag an toradh sin ar chluiche an lae inniu, áfach, mar ní bheidh Gaillimh ag iarraidh dhá chluiche as a chéile a chailleadh agus cluiche tábhachtach craoibhe acu in aghaidh Mhaigh Eo faoi cheann trí seachtaine. Bhí Gaillimh an-láidir sa tsraith agus a gcéad sé chluiche buaite acu ach má chliseann orthu faoi dhó in aghaidh Ros Comáin in achar seachtaine, cuirfear cuid den dea-obair sin ó mhaith.

Fágadh leithéidí Liam Silke, Dylan McHugh, John Daly, Cillian McDaid, Rob Finnerty agus Damien Comer ar an gclaí ón tús in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite ach tá siad ar fad ar ais ar an bhfoireann inniu, mar atá Paul Conroy, a bhí ar fionraí seachtain ó shin. Tá Shane Walsh fós ar iarraidh agus gortú droma ag cur as dó.

D’fhág taispeántas Ros Comáin Dé Domhnaigh nach raibh an dara rogha ag Joyce ach an fhoireann is fearr atá aige a chur chun páirce. Bhí Ros Comáin ar fheabhas ar fad sa chéad leath in aghaidh na Gaillimhe agus rinne Conor Cox, Donie Smith, Cian McKeon agus Diarmuid Murtagh scrios i measc na dtosaithe. Cúig iarracht déag a thug fir Ros Comáin faoi na postaí sa chéad 35 nóiméad agus cúig scór déag a fuair siad, 1-14. 

Ní go rómhaith a chruthaigh an dá fhoireann seo i bPáirc an Chrócaigh le roinnt blianta agus sin rud a luaigh Anthony Cunnigham théis an bhua in aghaidh na Gaillimhe agus dúirt go raibh feabhas ag teastáil más le Ros Comáin an chéad chéim eile chun cinn a thógáil.

Dúirt sé freisin go mbeadh sé níos éasca ag Pádraic Joyce a chuid imreoirí a ghríosú chun catha an deireadh seachtaine seo ná mar a bhí seachtain ó shin, rud atá fíor, ach is eol do Joyce freisin gur deacair stop a chur le foireann Ros Comáin nuair a bhíonn muinín acu agus iad faoi lán seoil.

Fág freagra ar 'Deis ag Ciarraí agus Maigh Eo a gcumas a léiriú roimh thús na craoibhe'