Tá deireadh tobann curtha le haifreann Gaeilge atá á rá le leathchéad bliain i mBaile Átha Cliath. Tá an sagart a bhíodh ag rá an aifrinn i Séipéal Mícheál Naofa i nDún Laoghaire i ndeisceart an chontae le haistriú go paróiste eile agus níl sagart fágtha sa pharóiste a bheadh in ann an t-aifreann Gaeilge a rá.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil deireadh á chur leis an aifreann luath a bhíonn sa séipéal ag 8.00am Dé Domhnaigh agus leis an aifreann Gaeilge a bhíonn á rá dhá uair an chloig ina dhiaidh sin, agus nach mbeidh ann ach aifreann a 9.15 feasta.
Rinne an paróiste suirbhé ar líon na ndaoine a bhí ag freastal ar an dá aifreann a bhfuiltear ag cur deireadh leo níos luaithe i mbliana agus rinneadh an cinneadh na haifrinn sin a chur ar ceal.
Ní raibh aon choinne ag pobal Caitliceach na Gaeilge sa cheantar leis an scéal. Dúirt Pádraig Ó Cearbhaill, cainteoir Gaeilge a bhíonn ag freastail ar an aifreann i Séipéal Mícheál Naofa, nár chóir líon na ndaoine a théann chuig an aifreann a chur san áireamh agus cinneadh mar sin á thógáil toisc gur “dualgas” atá ann freastal ar chainteoirí Gaeilge de réir treoracha na hArd-Deoise.
“Ar shuíomh idirlín na hArd-Deoise, tugtar le fios nár chóir aifreann Gaeilge a chur ar ceal gan é a cheadú leis an Ard-Easpag roimhe ré agus gan dul i gcomhairle le pobal an aifrinn sin. Níor chuathas i gcomhairle leis an pobal sin, cainteoirí Gaeilge an cheantair, in aon chor.
“Tá dualgas ann freastal ar chainteoirí Gaeilge sa cheantar, is mionlach iad gan dabht ach seo an dearcadh a bheadh agamsa. Níl sé sásúil a leithéid a dhéanamh sa lá atá inniu ann,” a dúirt Ó Cearbhaill.
Dúirt Ó Cearbhaill freisin gur iarradh cruinniú leis an sagart paróiste, Paul Kenny, ach nach raibh aon chruinniú ann go dtí seo agus nach bhfuarthas aon fhreagra ón sagart.
Meastar go bhfágann an cinneadh seo go gcuirfear deireadh freisin leis an gcór Gaelach a bhíodh ag canadh gach Domhnach ag an aifreann Gaeilge. Tá an cór ag feidhmiú sa séipéal le fada an lá agus deirtear go raibh meas ag an gcumadóir aitheanta Seán Ó Riada ar an gceol a bhíodh á chasadh ann.
Tá imní ar chainteoirí Gaeilge sa pharóiste, agus ar roinnt ball den chór féin, nach mbeadh áit ag cór a chanann amhráin agus iomainn i nGaeilge i bparóiste nach mbeadh aifreann lán-Ghaeilge ann.
Tá sé ina údar imní ag an bpobal sa pharóiste freisin go bhfuiltear ag fágáil fúthu féin an obair a dhéanamh sagart nua le Gaeilge a aimsiú. Dúirt Ó Cearbhaill le Tuairisc.ie gur iarradh ar an bpobal Gaeilge sa pharóiste sagart nó sagairt le Gaeilge a aimsiú a d’fhéadfadh a bheith ar róta d’aifrinn Ghaeilge sa séipéal.
Dúirt sé nach freagra sásúil é sin ar an bhfadhb agus gur chóir don pharóiste agus don deoise féin an obair sin a dhéanamh mar gheall ar na dualgais atá orthu freastal ar Chaitlicigh le Gaeilge sa cheantar.
Fág freagra ar 'Deireadh tobann curtha le haifreann Gaeilge i nDún Laoghaire i ndiaidh 50 bliain'