Agus teaspach nach bhfacthas le mí againn anseo cois caoláire san iarthar inniu, tá súil ghéar againn ar réamhaisnéis lucht na haimsire agus caint ar theas is triomach le cloisteáil agus muid ag teannadh leis an lá is faide sa mbliain, an Satharn beag seo.
Oíche mheirbh mharbhánta atá geallta dúinn anocht ag Met Éireann agus cé go mbeidh sé tirim sa gcuid is mó den tír, ná cuireadh corrmhúr aon iontas ort agus múraíl thoirní san aer. Leoithne éadrom nó measartha gaoithe anoir aneas a bheidh chugainn agus an teocht idir 13 agus 16 céim Celsius.
Amárach an Aoine beidh sé te tirim brothallach, agus scaití breátha gréine ann ach d’fhéadfadh ceathanna troma a bheith in áiteanna. Beidh sé an-mheirbh agus an teocht idir 21 agus 28/9 céim Celsius agus dá fhaide ón bhfarraige is airde a bheidh an teocht, go háirithe i lár tíre agus sa taobh ó thuaidh. Gaoth mheasartha anoir aneas a bheidh chugainn.
Faoin Satharn deir lucht an eolais go mbeidh an tAigéan Atlantach ina máistir arís ar an aimsir agus gaoth bhog nó mheasartha chugainn aniar aneas. Mar is dual di siúd beidh sí gnaíúil linn lena cuid uisce. Beidh an Satharn te, an teocht idir 19 agus 25 céim agus an aimsir is teo sa taobh thoir den tír, ach beidh sé ceathach agus cuid de na múranna sin trom toirniúil.
Beidh grian againn ar an Domhnach ach an lá níos fionnuaire, an ghaoth aniar agus í níos tréine ná a bhí á tuar le cúpla lá. Beidh an teocht idir 15 agus 20 céim Celsius agus sa taobh thoir is teo a bheidh. An tuar ag lucht na haimsire faoi láthair gur gaoth aniar, idir cheathanna is ghealáin atá romhainn i dtús na seachtaine seo chugainn chomh maith.
Tá scamall amháin ar an ngrian seo atá á tuar agus tá comhairle eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte [FSS] ag meabhrú dúinn arís a bheith stuama faoin ngrian.
Tá feachtas comhairle ag FSS ó thaobh muid fhéin a chosaint ar dhochar na gréine don chraiceann agus an ailse chraicinn ar an gcineál is coitianta sa tír seo. Faraor géar is i mBéarla amháin atá feachtas 5S SunSmart ar fáil dúinn ón bhFeidhmeannacht ach an chomhairle atá ag lucht sláinte – éadach, uachtar gréine, hata agus spéacláirí gréine a chaitheamh agus fanacht sa scáth ón ngrian agus gan páistí óga a fhágáil riamh faoin ngrian. Moltar uachtar gréine ag a bhfuil fachtóir cosanta ar an ngrian [SPF] 30+ do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí.
Mhol an tAire Stáit don tSláinte Phoiblí, Jennifer Murnane O’Connor, do chuile dhuine taitneamh a bhaint as an ngrian ‘ar bhealach sábháilte agus baol na hailse craicinn a laghdú’.
“Tá sé tábhachtach do chraiceann a chosaint agus tú amuigh faoi aer, go háirithe ón Aibreán go Meán Fómhair nuair is láidre na gathanna ultravialait ón ngrian,’ a deir an tAire Stáit.
Tá sé fógartha ag Uisce Éireann go leanfar leis na horduithe caomhnaithe uisce agus an cosc ar ídiú neamhriachtanach uisce atá i bhfeidhm ó thús an tsamhraidh i mbólaí áirithe i gcontaetha Dhún na nGall, na Mí agus na hIarmhí agus tá Gaeilge ag Uisce Éireann!
Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine brothallach romhainn agus scaití breátha gréine geallta'