Deireadh ré Theresa May, agus ré níos contúirtí d’Éirinn ag teannadh linn

Deireadh ré Theresa May, agus ré níos contúirtí d’Éirinn ag teannadh linn 

Deireadh ré Theresa May, agus ré níos contúirtí d’Éirinn ag teannadh linn

Is cúis aiféala a himeacht, ar bhealach amháin. Ainneoin gach rud – a claonmhargadh leis an DUP, a caolaigeantacht, a héidreoir, agus a míchumas ginearálta – rinne Theresa May a dícheall chun riachtanais an oileáin seo a chur san áireamh agus an Breatimeacht á chur chun cinn aici.

Ní raibh an comhaontú aistarraingthe a shínigh sí sa Bhruiséil anuraidh ag teacht leis na haidhmeanna róshimplí a d’fhógair sí go místuama go gairid tar éis dul i gcomharbacht ar David Cameron in 2016. Chúlaigh sí ó na haidhmeanna sin de réir mar a chuir Michel Barnier agus Leo Varadkar ina luí uirthi nach ndéanfaí margadh lena rialtas mura nglacfaí le cúlstad i dTuaisceart Éireann.

Níor tháinig sí ar mhalairt intinne go fonnmhar. Thug sí leideanna suaracha seafóideacha go mbeadh an Bhreatain ábalta an cúlstad a chur i leataobh, ach d’athraigh sí a hintinn. Níor thug móramh in Westminster tacaíocht riamh dá comhaontú aistarraingthe ach sheas sí an fód ina fhabhar go dtí gur díbríodh as oifig í.

Is céim chun cinn a héirí as oifig ar bhealach aisteach amháin. Ba léir do gach duine neamhchlaonta le fada nach mbeadh Theresa May ábalta an Ríocht Aontaithe a thabhairt slán as duibheagán an Bhreatimeachta. Tiocfaidh, uair éigin, ach cén uair? I gceann bliana, nó cúig bliana, nó deich mbliana, cá bhfios? 

Ba léir le tamall nach mbeadh Therea May ábalta a tír a tharrtháil. Is fearr mar sin go dtabharfadh ceannaire eile aghaidh ar an bhfadhb. Sin ráite, faoi láthair ní léir bealach éalaithe ón tsáinn, ar dhá phríomhchúis.

Creideann eite mhór de páirtí Theresa May agus den phobal thall gur féidir fís an Bhreatimeachta (saorthrádáil leis an AE, ar théarmaí a bheidh níos fearr ná mar atá ag an mBreatain mar bhallstát) a chomhlíonadh. Ní féidir. Níor pléadh téarmaí trádála riamh a bhainfeadh an bonn de mhargadh aonair an AE, agus ní phléifear. 

Síleann eite mhór dá páirtí agus an DUP go gcuirfear an cúlstad in Éirinn ar leataobh nuair a bheidh leasuithe ar an gcomhaontú aistarraingthe á bplé. Níl aon dul as ag an AE ach ballstát beag a bhfuil cruachás mór ag bagairt uirthi a chosaint, agus ní bheidh aon dul as acu amach anseo.

Ní hionann sin agus a rá nach n-athrófar an cineál cúlstad atá á thairiscint ag san AE faoi láthair, ach is le toil agus le cead an rialtais amháin a athrófar é.

Mar sin féin, tá cuma níos gruama agus níos éiginnte ar an mBreatimeacht anois ná mar a bhí le trí bliana. Is léir dhá fhéidearthacht.

Tuar an dóchais

  1. Toghfaidh an Páirtí Caomhach Boris Johnson nó ceannaire éigin eile a gheallfaidh go ndéanfaidh sé/sí ath-idirbheartaíocht sa Bhruiséil agus go gcuirfear an cúlstad ar ceal. 
  2. Ní bheidh aon toradh fiúntach ar an ealaín sin seachas tagairtí gan bhrí sa Dearbhú Polaitiúil d’athruithe a d’fhéadfaí a bhaint amach anseo (agus béim ar na focail ‘a d’fhéadfaí’).
  3. Cuirfidh an príomh-aire nua an comhaontú aistarraingthe céanna agus an dearbhú polaitiúil leasaithe faoi bhráid na parlaiminte i Londain, amhail is gur bua mór don tír a mbeidh déanta aici/aige
  4. Vótálfaidh móramh ina fhabhar.
  5. Beidh áthas ar fud na hEorpa go bhfuil deireadh leis an ngéarchéim, ainneoin go léireofar dochar an Bhreatimeachta sula i bhfad ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.

Tuar na himní

  1. Toghfaidh an Páirtí Caomhach Boris Johnson nó ceannaire éigin eile a gheallfaidh go ndéanfaidh sé/sí ath-idirbheartaíocht sa Bhruiséil agus go gcuirfear an cúlstad ar ceal. 
  2. Ní bheidh dearcadh Choimisiún nua an AE agus uachtarán nua Chomhairle an AE soiléir go mbeidh a n-ainmniúcháin daingnithe i bParlaimint na hEorpa sa bhfómhar.
  3. Ní bheidh cruinniú dáiríre mar sin ag an dá thaobh lena chéile go dtí tús mhí Deireadh Fómhair. Déarfar go láidir leis an bpríomh-aire nua nach n-athrófar an margadh a rinneadh le Theresa May.
  4. Fógróidh an príomh-aire nua in Westminster nach ngéillfidh sé/sí do sheasamh ‘míréasúnta’ an AE. Pléifear dáta imeachta na Breataine a chur ar atráth ach ní athrófar an dáta atá socraithe (31 Deireadh Fómhair) toisc nach mbeidh ceannairí an Aontais ar aon tuairim, rud atá riachtanach, gur fiú é a athrú.
  5. Tosóidh ré éiginnte an Bhreatimeachta, ar an 31 Deireadh Fómhair mar a bhí socraithe, agus gan aon mhargadh déanta roimh ré.

Dúirt Simon Coveney le cruinniú rialtais Dé Máirt gur treise ná riamh anois contúirt an Bhreatimeachta. Faraor, is mó an chontúirt sin agus Theresa May ag éirí as oifig ná mar a bhí sular shocraigh sí críoch a chur lena ré dhearóil i Sráid Downing.

Fág freagra ar 'Deireadh ré Theresa May, agus ré níos contúirtí d’Éirinn ag teannadh linn'