Deireadh leis na scéalta faoi ‘Imeacht Earls’ agus conradh aontaithe leis an IRFU aige

Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh Keith Earls le bheith ag imirt thar lear an séasúr seo chugainn ach tá conradh nua trí bliana sínithe aige, rud a fhágann go mbeidh sé ag fanacht sa tír seo go dtí 2019 ar a laghad

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

dea-scéal ann tráthnóna do Joe Schmidt agus lucht leanúna Chúige Mumhan agus é fógartha go bhfuil conradh nua sínithe ag Keith Earls leis an IRFU.

Bhí deireadh le teacht le conradh Earls an samhradh seo agus bhí an chuma ar an scéal go raibh sé chun Cúige Mumhan a fhágáil agus conradh a shíniú le Saracens i Shasana.

D’fhógair an IRFU tráthnóna, áfach, go bhfuil conradh nua trí bliana sínithe ag fear Luimnigh, rud a fhágann go mbeidh sé ag imirt sa tír seo go dtí Craobh an Domhain 2019 ar a laghad.

Is dea-scéal é seo do bhainisteoir na hÉireann, Joe Schmidt, go háirithe tar éis do roinnt imreoirí eile conarthaí a aontú le foirne thar lear le tamall anuas.

Ag tús na seachtaine, fógraíodh go mbeidh Marty Moore ó Chúige Laighean ag fágáil ag deireadh an tséasúir agus conradh aontaithe aige le Wasps i Sasana. Tháinig an fógra sin sna sála ar an scéal go mbeadh Ian Madigan, ag imirt do Bordeaux an séasúr seo chugainn.

D’imir Earls a chéad chluiche do Chúige Mumhan i 2007. D’imir sé a chéad chluiche d’fhoireann na hÉireann an bliain dár gcionn agus tá geansaí na hÉireann caite 46 uair go nuige seo.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil conradh nua aontaithe ag comhghleacaí Earls ar fhoireann na Éireann agus ar fhoireann Chúige Mumhan, Conor Murray. Dála Earls is conradh trí bliana atá sínithe ag Murray.

Fág freagra ar 'Deireadh leis na scéalta faoi ‘Imeacht Earls’ agus conradh aontaithe leis an IRFU aige'