Déanfar athrú ó bhonn ar ‘chóras na bpointí’ agus ar chóras iontrála an tríú leibhéal ar fad má ghlactar le moltaí radacacha atá déanta ag tascghrúpa a cheap Comhairle Chumann Ollscoileanna na hÉireann.
Molann an tascghrúpa, a bhfuil a dtuarascáil faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), go gcuirfí torthaí eile seachas torthaí na hArdteistiméireachta san áireamh agus daltaí á ligean isteach in Ollscoileanna na tíre.
Moltar, mar shampla, nach bhfaighfí áit ar chúrsaí ardstádais amhail cúrsaí leighis, tar éis na hArdteiste, agus go dtabharfaí faoi bhunchéim ar dtús sula bhféadfaí cur isteach ar a leithéid de chúrsa.
Is nuair a bheadh bunchéim déanta a chuirfí ‘measúnú aon uaire’ a shocródh an ligfí do dhuine cúrsa ar nós ceann leighis a dhéanamh.
Moltar sa tuarascáil tríd síos go mbeadh measúnú eile ann seachas scrúduithe na hArdteiste agus cinneadh á dhéanamh cé ba cheart a ligean isteach i gcúrsaí ollscoile agus gur de réir an mheasúnaithe sin amháin, nó gur de réir an mheasúnaithe sin móide torthaí na hArdteiste, a dhéanfaí a leithéid de chinneadh.
Ceapadh tascghrúpa chun scrúdú a dhéanamh ar na fáthanna a roghnaíonn daltaí ollscoileanna agus cúrsaí áirithe agus chun an córas iontrála atá ann faoi láthair a chíoradh, d’fhonn is go bhféadfaí an córas oideachais trí chéile a leasú agus a fheabhsú.
Féachadh go grinn ar mholtaí difriúla le haghaidh córais nua le súil is go bhfaighfí amach cén ceann is mó a mbeadh dea-thionchar aige ar na hábhair a roghnaíonn daltaí scoile a dhéanamh agus a rachadh chun tairbhe dóibh ar bhonn foghlama de.
Breathnaíodh freisin ar na cosáin iontrála a leathnú i dtreo is nach mbeadh an oiread céanna iomaíochta ann amach anseo i gcomhair áiteanna ar chúrsaí, rud a laghdódh an brú a bhíonn ar dhaltaí pointí arda a fháil san Ardteist agus ábhair ar leith a roghnú mar gheall go bhfuil siad ‘níos éasca’ ná cinn eile.
Creideann an tascghrúpa go ndéanfadh na hathruithe seo simplú ar an rogha ábhair a dhéanann scoláirí ag an dara leibhéal agus ag an tríú leibhéal agus go bhfágfadh sé nach mbeadh daltaí ag roghnú ábhar ar mhaithe le ‘pointí’ amháin.
Rinneadh mionscagadh freisin ar an gcóras marcála atá i bhfeidhm don Ardteist faoi láthair agus moltar go laghdófaí an líon bandaí gráid atá anois ann ó aon cheann déag go dtí seacht gcinn.
Moltar, leis, go bhféachfaí ar an ‘míloighic’ a ghabhann le scála na bpointí nuair a bhíonn marcanna arda i gceist, m.sh., tá deich bpointe de dhifear idir A1 agus A2 i láthair na huaire.
Anuas air sin, moltar féachaint ar an ionnanú a dhéantar idir torthaí gnáthleibhéil agus torthaí ardleibhéil i gcásanna áirithe.
Ní gá, mar shampla, go mbeadh B1, gnáthleibhéal ag freagairt do D3, ardleibhéal ar bhonn pointí de, ach tá faoin gcóras atá ann faoi láthair.
Is é an phríomhchúis ar féachadh ar na ceisteanna seo ná gur braitheadh go bhfuil ‘iompar foghlama’ ar leith ann i measc daltaí scoile mar gheall ar an gcóras reatha, agus nach iompar chun maitheasa é.
Luaitear, mar shampla, an bhéim a chuirtear ar an gcur de ghlanmheabhair agus an tionchar díobhálach a bheidh aige sin ar chur chuige staidéir na ndaltaí ó bhliain go bliain.
Creideann an tascghrúpa nach bhfuil aon ‘fhoghlaim dhomhain’ ar bun ag na daltaí dá dheasca sin agus nach tábhachtach leo ach cuimhneamh ar an méid a fhoghlaimíonn siad nó go mbíonn na scrúduithe déanta acu.
Chomh luath is a bhíonn na scrúduithe ardteiste thart acu, déanann siad dearmad ar an méid atá foghlamtha acu agus fágann siad ina ndiaidh é, a deirtear sa tuarascáil.
Lena chois sin, mar gheall gur foghlaim thanaí gan machnamh a bhíonn á déanamh acu, creideann an tascghrúpa nach bhfuil na daltaí ag foghlaim faoi conas dul i ngleic le fadhbanna a réiteach, rud a mbeidh impleachtaí aige dóibh ar an tríú leibhéal, san ionad oibre, agus, níos tábhachtaí fós, sa saol trí chéile.
Mar gheall go dtaibhsítear do dhaltaí go bhfuil ábhair áirithe níos ‘fusa’ ná a chéile, bíonn claonadh acu ábhair a roghnú a chruinneoidh pointí dóibh, dar leo féin, seachas cinn a bhfuil spéis acu iontu.
An rud ‘is truamhéalaí ar fad’, a deir údair na tuarascála, ná nach bhfuil formhór na scoláirí ag baint aon taitnimh as a gcuid foghlama ná as na hábhair Ardteiste a ndéanann siad staidéar orthu.
D’aontaigh an tascghrúpa gur gá go mbeadh béim ar an méid seo a leanas faoi cibé córas nua a chuirfear i bhfeidhm sa deireadh:
- Dea-shuáilcí oideachais, dea-thorthaí agus forbairt phearsanta;
- Teacht ag gach aon duine ar an oideachas tríú leibhéal, cuma cén cúlra sóisialta atá acu;
- Trédhearcacht agus simplíocht;
- Foghlaim dhomhain, mhaith a mbainfí taitneamh aisti;
- Rogha níos fearr a bheith ag scoláirí san iomlán agus cosáin iontrála níos leithne a bheith ann chun freastal ar an méid sin;
- An córas nua a bheith éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de.
Tuairiscítear go bhfuil na hOllscoileanna ag obair as lámha a chéile chun an méid sin a bhaint amach agus go bhfuiltear ag féachaint le cosáin iontrála níos leithne a chur i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair 2017.
Fág freagra ar 'Deireadh le ‘rás na bpointí’ molta i dtuarascáil Ollscoileanna'