Deireadh le port meidhreach na gCúigí

Botúin bhunúsacha a d’fhág gur díbríodh Cúige Laighean ná Cúige Mumhan sna babhtaí leathcheannais den URC

Deireadh le port meidhreach na gCúigí

Seachtain ó shin bhí mé ag caint ar a fholláine is a bhí cúrsaí rugbaí na tíre seo.  Bhí dhá fhoireann as Éirinn i measc na ceithre fhoireann a bhí ag imirt i gcluichí leathcheannais an URC. Ní hamháin sin ach chinntigh an deich mbua as a chéile a bhí ag Cúige Mumhan go raibh buntáiste imirt sa mbaile ag curaidh na bliana seo caite.

Bhuel, chuir na Bulls agus Glaschú deireadh le mo phort meidhreach.

Is cinnte go raibh neart deiseanna ag an dá chúige an lá a thabhairt leo sa dá chluiche ach is cinnte freisin go raibh siad ag déanamh i bhfad an iomarca botún bunúsach, rud a thug dóchas agus misneach don fhreasúra.

Tháinig cuid de na deacrachtaí a bhí le feiceáil ó imreoirí Chúige Laighean i gcraobh chluiche Chorn na gCuradh chun cinn arís i gcoinne na mBulls i bPretoria. Idir pasanna scaoilte, easpa cruinnis, gan dóthain imreoirí ag dul isteach sa ruc agus easpa greadadh sa lár páirce bhí Cúige Laighean ag cur brú orthu féin. Cúis imní freisin na deacrachtaí a bhí ag Cúige Laighean sa gclibirt.  Cuimhnigh gurb iad seo na himreoirí céanna a bheas ag dul chun páirce i gcoinne na hAfraice Theas faoi cheann coicíse. Chiallaigh an lagimirt sin bua le chúig phointe d’fhoireann an bhaile, na Bulls, agus séasúr eile gan corn ar bith ag Chúige Laighean.

Tá géarghá le fiosrúchán agus mionstaidéar domhain maidir le chuile ghné de scéal Chúige Laighean, an fhoireann bainistíochta agus imreoirí araon.  An mbeidh sé de mhisneach acu cúpla cinneadh crua a ghlacadh?

Fós féin, tá an leithscéal “imirt as baile” ag Cúige Laighean. Níorbh ionann an cás do Chúige Mumhan a bhí ag imirt as comhair 20,000 dá lucht leanúna féin. Mar sin féin, bhí na cuairteoirí, Glaschú níos trodaí, níos ocraí agus níos fisiciúla fiú ná fir Luimnigh. Thug Glaschú an cath chuig Cúige Mumhan ón gcéad nóiméad sa gcliseadh, sa síneadh amach agus sa gclibirt.  Theip ar Chúige Mumhan go leor dá gcuid sínte amach féin a shlánú rud a cheil ardán ionsaithe orthu agus d’íoc siad go daor as an easpa seilbhe sin.

Níor scar ach trí phointe na foirne ag deireadh an chluiche agus is cinnte go raibh na Muimhnigh croíbhriste.  Mar sin féin, caithfidh siad a admháil gur lig siad na maidí le sruth. Bhí dóthain seansanna acu an gníomh a dhéanamh ach díreach mar a tharla do Chúige Laighean bhí easpa cruinnis á gcrá.

Sea, fíor-dhroch-dheireadh seachtaine do rugbaí na hÉireann. Ní raibh muid sách maith. Sin lomchlár na fírinne.

Maidir le craobh an URC a bheas á imirt san Afraic Theas idir na Bulls agus Glaschú, is deacair tada seachas bua do fhoireann an bhaile a thuar. Ach ag an am céanna cuimhnigh go raibh ar Chúige Mumhan taisteal go Cape Town don chraobh anuraidh agus in ainneoin nárbh iad rogha na coitiantachta,  b’iad a d’ardaigh an chraobh.

Níl Glaschú gan seans i mo thuairimse ach ní bheidh sé éasca acu.

Fág freagra ar 'Deireadh le port meidhreach na gCúigí'