Deireadh fógartha leis an neamhréir idir scálaí pá oibrithe i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ

Faoi shocrú stairiúil nua beidh clár reachtairí i RnaG ar an scála pá céanna feasta le léiritheoirí raidió in RTÉ

Deireadh fógartha leis an neamhréir idir scálaí pá oibrithe i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ

Tá deireadh fógartha ar an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Tuigtear do Tuairisc gur cuireadh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an eolas inniu faoi struchtúr nua pá a rachaidh i ngleic leis an neamhréir pá a fhágann go mbíonn daoine in RTÉ a bhíonn ag obair trí Bhéarla ag fáil pá níos mó ná a gcomhghleacaithe a bhíonn ag obair trí Ghaeilge le RnaG.

Faoin socrú stairiúil beidh clár-reachtairí i RnaG ar an scála pá céanna feasta le léiritheoirí raidió in RTÉ. Idir €50,000-67,000 a fhaigheann an clár-reachtaire i Raidió na Gaeltachta faoi láthair i gcomparáid leis an scála €53,000-83,000 a bhíonn ag an léiritheoir raidió in RTÉ.

Tosóidh gach clár-reachtaire nua a fhostófar i RnaG feasta ar an scála nua agus de réir an scála nua a íocfar na hincrimintí a bheidh á bhfáil ag daoine atá fostaithe mar chlár-reachtairí cheana. Ní dhéanfar an t-ardú pá a shiardhátú.

Faoin socrú nua, cuirfear reachtairí rúnaíochta Raidió na Gaeltachta ar an scála pá céanna is atá ag a macasamhail i RTÉ.

Dhá scála a bhíonn ann do reachtairí rúnaíochta, €31,000 – €41,000 agus €28,000 – €36,000. Faoin socrú nua beidh an dá grád sin á gcur in oiriúint don scála pá ag comhordaitheoir craolacháin in RTÉ, €33,000 – €50,000.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Is beag dul chun cinn a rinneadh faoin scéal ar feadh blianta fada, ach moladh i dtuarascáil a choimisiúnaigh an rialtas faoi chúrsaí íocaíochta agus acmhainní daonna in RTÉ, a foilsíodh mí Bealtaine, go bhfaighfí “réiteach” ar an gceist.

Nuair a ceapadh Kevin Bakhurst ina ard-stiúrthóir ar RTÉ níos túisce i mbliana, dheimhnigh go raibh sé ag iarraidh réiteach a fháil ar an neamhréir pá.

I mí Feabhra dúirt Kevin Bakhurst, go raibh cás le freagairt ag an gcraoltóir faoin neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Ag cruinniú le foireann RTÉ faoi róil agus gráid san eagraíocht, thagair an tArd-Stiúrthóir go sonrach do chás oibrithe RnaG.

Léirigh cáipéisí a fuair Tuairisc i mbliana go raibh aighneas i measc Chomhairle RnaG nach mór 20 bliain ó shin, in earrach na bliana 2015, nuair nár tugadh cead plé a dhéanamh ar chomhionannas pá a bhaint amach idir clár-reachtairí RnaG agus a gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath.

 

Fág freagra ar 'Deireadh fógartha leis an neamhréir idir scálaí pá oibrithe i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ'

  • JP

    Is uafásach an rud é gur ligeadh don leithcheal agus don úirísliú seo dul ar aghaidh chomh fada sin!