Deir iar-aire Gaeltachta go bhfuil “seans an-mhaith” go mbeidh príomhchúram laethúil na Gaeltachta ar aire sinsearach den chéad uair le 14 bliain má chloíonn Fianna Fáil le gealltanas toghcháin a rinne siad.
Agus Fianna Fáil ar an stiúir sna cainteanna faoi bhunú rialtais, d’fhéadfadh gur i roinn nua a bheidh cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta curtha. Ceann de na gealltanais réamhthoghcháin a bhí ag Fianna Fáil, a bheidh ar an bpáirtí is mó sa gcéad Dáil eile, ná go n-athbhunódh siad an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Is mar aire ar an Roinn sin a bhí Éamon Ó Cuív idir 2008 agus 2011, an uair dheireanach gur fágadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar aire sinsearach.
“Tá seans an-mhaith ann go mbeidh aire sinsearach le Gaeilge ann má chloíonn Fianna Fáil lena ghealltanas,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.
Faoin mbunreacht 15 aireacht rialtais atá ceadaithe agus an cheist a bheadh ann ná an roinn aisti féin a bheadh sa roinn gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta. Faoin rialtas deireanach bhí gnóthaí pobail agus tuaithe istigh leis an roinn coimirce sóisialaí.
Tá aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ina éileamh le fada ag Conradh na Gaeilge ach cé go bhfuil sé ráite ag Fianna Fáil go mbeadh Gaeilge ag an aire sa roinn nua sin, níor thug siad aon ghealltanas nach dtarmligfí cúraimí na teanga agus na Gaeltachta chuig aire stáit, mar atá déanta ag gach rialtas ó 2011.
Faoi Fhine Gael a bhí sé an t-aire stáit Gaeltachta deireanach a ainmniú, ach ní raibh aon duine sásta an cúram a ghlacadh tar éis do Patrick O’Donovan an ról a fhágáil ag tús na bliana seo agus thug Fine Gael uathu an aireacht d’Fhianna Fáil agus Thomas Byrne.
Cúigear Gaeilgeoirí a toghadh d’Fhine Gael san olltoghchán, O’Donovan, Hildegarde Naughton agus triúr Teachtaí Dála nua, Naoise Ó Muirí, a tógadh ar an Spidéal i gConamara, Barry Ward agus Joe Neville.
Dá gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag an aire sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nua ata geallta ag Fianna Fáil, d’fhéadfadh 17 as an 46 Teachta nuathofa atá ag an bpáirtí a bheith san áireamh ach is beag seans go gceapfaí cuid acu de bharr cúinsí tíreolaíochta agus eile.
Fear amháin a mbeadh seans maith aige ar an aireacht Ghaeltachta sin ná Dara Calleary. Bhí Calleary, atá ina Theachta Dála do Mhaigh Eo ó 2007, ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar feadh seal gairid in 2020 sular éirigh sé as mar thoradh ar chonspóid ‘Golfgate’. Chaith sé coicís ina aire stáit na Gaeltachta díreach sular ceapadh é sa roinn sin agus tá aireachtaí stáit tugtha dó i ranna fiontair, airgeadais agus i roinn an Taoisigh chomh maith.
Chaithfí an t-aire stáit Gaeltachta reatha, Thomas Byrne, a chur san áireamh don aireacht nua chomh maith. Seo an tríú huair do Byrne a bheith tofa sa Mhí Thoir agus é ina aire stáit ó 2020. Bhí sé freagrach as gnóthaí Eorpacha ar dtús agus leagadh cúraimí an spóirt agus na Gaeltachta air ina dhiaidh sin.
Bheadh Pat ‘the Cope’ Gallagher, fear a chaith dhá sheal ina aire stáit Gaeltachta sna 1980idi agus sna 1990idí, san iomaíocht chomh maith agus an suíochán a chaill sé in 2020 buaite ar ais ag fear Dhún na nGall.
D’fhéadfadh Micheál Martin ardú céime a thabhairt do Chorcaíoch chomh maith agus aireacht a thabhairt den chéad uair don Teachta Dála ó Ghaeltacht Mhúscraí, Aindrias Moynihan, atá isa Dáil ó 2016, nó do Phádraig O’Sullivan.
Bheadh ceist ann an mbeadh Martin sásta aire sinsearach a dhéanamh de dhuine nach raibh aireacht stáit orthu cheana ach d’fhéadfadh go mbeadh O’Sullivan agus Cathal Crowe, múinteoirí beirt, san áireamh dá gcruthófaí aireacht stáit don Ghaeilge sa Roinn Oideachais, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge. Dúirt Fianna Fáil roimh an toghchán go raibh siad sásta an t-éileamh “a mheas” agus dúirt Fine Gael go rabhthas “dearfach” faoina leithéid a dhéanamh.
“Tá éigeandáil ann ó thaobh na Gaeilge sa chóras oideachais,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc agus an méadú ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhronntar agus ar líon na ndaltaí nach ndéanann scrúduithe stáit don Ghaeilge.
“Tá an fhadhb ag dul in olcas agus caithfear tabhairt fúithi. An bealach chun tabhairt fúithi ná go mbeadh aire stáit ag plé leis an Ghaeilge sa chóras oideachas le díriú ar an gceist seo.”
Gheall na páirtithe uile go mbunódh an rialtas nua grúpa laistigh de thrí mhí chun forbairt a dhéanamh ar pholasaí nua oideachais don Ghaeilge ón naíonra go dtí an tríú leibhéal.
Maidir le haireacht na Gaeltachta, dúirt de Spáinn, go bhfuil sé riachtanach gur aire sinsearach a bheadh ag plé le cás na teanga agus na Gaeltachta sa gcéad rialtas eile.
“Níl muid ag rá céard iad na cúraimí eile ba cheart a bheith ar an aire, níl uainn ach go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta go díreach agus go mbeadh Gaeilge acu,” ar sé.
“Caithfidh muid an brú céanna a chur [ar na polaiteoirí] arís agus tá muid ag iarraidh ar an bpobal freisin teagmháil a dhéanamh leis na daoine atá tofa chun cur ina luí orthu an tábhacht a bhaineann le ceapacháin na n-airí agus ceist na tithíochta ar ndóigh freisin.”
Cé nach fios go díreach cé a bheidh sa gcéad rialtas eile, rud amháin atá cinnte ná go mbeidh aire Gaeltachta nua ann, óir theip ar Catherine Martin a suíochán a choinneáil.
Ceithre bliana a chaith Martin ina haire sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach bhí sí ar dhuine díobh siúd a bhí thíos leis an slad a rinneadh ar an gComhaontas Glas san olltoghchán agus a suíochán i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin caillte aici.
Maidir le hoidhreacht Catherine Martin mar aire Gaeltachta, dúirt de Spáinn gur cuireadh acmhainní breise i dtreo na Gaeilge agus na Gaeltachta faoina cúram ach go raibh sé “díomách” nár tugadh “cothrom na Féinne” don teanga le linn a tréimhse mar aire.
“Cé go raibh airgead sa bhreis tugtha, agus aithníonn muid é sin, ní raibh sé ar an leibhéal a bhí muid ag súil leis agus níor tugadh cothrom na Féinne don teanga agus don Ghaeltacht,” a dúirt sé.
“An cheist is suntasaí dúinne ná go mbeadh an t-aire ag plé le cúrsaí Gaeltachta. Nuair a bhreathnaíonn tú ar an maoiniú a cuireadh ar fáil do chúrsaí ealaíon [faoin rialtas deireanach], d’éirigh thar barr leis na healaíona mar go raibh an t-aire ag plé go díreach leis an ábhar sin.”
Fág freagra ar 'Seans ‘an-mhaith’ ar aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad Rialtas eile – Ó Cuív '