Chaill Naomh Abán áit i gcluiche ceannais na hÉireann nuair a bhuail Cnoca Bríde as contae an Chabháin mná Mhúscraí i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann.
Ní fhacthas ach seacht bpointe sa gcluiche ach ba iad an fhoireann baile a tháinig slán ar scór 0-4 in aghaidh 0-3 agus turas fada in aisce déanta ag Naomh Abán.
Bhí seaimpíní Chorcaí agus na Mumhan gan aon scór sa gcéad leath agus bhí orthu fanacht go dtí an 32ú nóiméad chun a gcéad bpointe a fháil, nuair a d’aimsigh Annie Ní Mheachair an sprioc faoi dheireadh.
Abbi Connor a d’aimsigh an dá scór a bhí faighte ag Cnoca Bríde faoin tráth sin, dhá chúilín péire ó chiceanna saora, ach bhí Naomh Abán ar ais ar comhscór théis 35 nóiméad nuair a fuair Clíona Ní Mhocháin pointe.
D’aimsigh Gia McCabe an chéad scór ón imirt do Chnoca Bríde sa 49ú nóiméad agus chuir Lydia Ní Dhonncha na foirne ar comhscór arís le cic saor. Ellie Reilly a fuair an scór cinniúnach agus beagán faoi bhun cúig nóiméad den ghnátham imeartha fágtha.
Bhí briseadh croí i ndán d’fhir Mhaigh Cuilinn freisin nuair a fuair Ruairí Fallon cúl déanach chun Craobh Shinsir Chonnacht a bhuachan do Naomh Bríd.

Chuir Maigh Cuilinn tús iontach leis an gcluiche le cúl ó Fhiachra McDonagh a d’fhág go raibh curaidh na Gaillimhe ceithre phointe chun tosaigh sula raibh trí nóiméad caite, ach tháinig Naomh Bríd isteach sa gcoimhlint de réir a chéile agus bhíodar ar ais ar comhscór faoi leath ama, 1-5 in aghaidh 0-8.
Chuir scór dhá phointe ó Dessie Conneely Maigh Cuilinn chun tosaigh arís luath sa dara leath agus bhí siad fós aon phointe chun cinn sa 57ú nóiméad nuair a thit iarracht ó Conor Hand i mbéal an chúil. Cuireadh an liathróid i dtreo Ruairí Fallon a sheol go cúl na heangaí í.
Farasbarr dhá phointe a bhí ag fir Ros Comáin sa deireadh agus Craobh Chonnacht buaite acu den séú huair.
Fág freagra ar 'Deireadh déanta ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn agus Naomh Abán'