Deireadh curtha le moltaí Fhoras na Gaeilge i dtaobh na meán agus gan ach duine amháin ar a son

Léiríonn an tuarascáil faoin bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáil Foras na Gaeilge faoi na meáin go raibh 95% de na daoine a chuir aighneacht isteach ‘go láidir’ i gcoinne mholtaí na heagraíochta

Deireadh curtha le moltaí Fhoras na Gaeilge i dtaobh na meán agus gan ach duine amháin ar a son

Tuigtear go bhfuil deireadh curtha ag Foras na Gaeilge leis na moltaí i dtaobh na meán Gaeilge a rinneadh i gcáipéis chomhairliúcháin de chuid na heagraíochta.

De réir na moltaí sin chuirfí deireadh leis an iris ar líne Nós agus ar líne amháin a bheadh fáil ar Comhar feasta. Chomh maith leis sin moladh go mbainfí €80,000 as an bpota €500,000 a chaitear ar na meáin faoi láthair chun tús a chur le scéim nua printíseachta agus le foilsiú nuachtlitreacha clóite áitiúla.

Ach de réir tuarascála nua, ní raibh ach duine amháin a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin i leith na meán Gaeilge a reáchtáil an Foras i bhfabhar na moltaí sin.

Léiríonn an tuarascáil faoin bpróiseas comhairliúcháin a reachtáladh mar chuid den athbhreithniú go raibh 95% de na daoine nó grúpaí a chuir aighneacht faoi bhráid an Fhorais “go láidir” i gcoinne mholtaí na heagraíochta. 107 aighneacht a fuair an eagraíocht trasteorann.

I bhfianaise na bhfreagraí uilig go léir seo, nochtar tuairim an-láidir go speisialta nár chóir baint do mhaoiniú ná do stádas na dtrí fhoilseachán Gaeilge Comhar, NÓS, agus Tuairisc.ie atá á maoiniú faoi scéim reatha Fhoras na Gaeilge,” a deirtear sa tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin a choimisiúinaigh Foras na Gaeilge. 

Níor cheap ach 15% de dhaoine go raibh aon fhiúntas ag baint leis an moladh faoin scéim printíseachta do chéimithe iriseoireachta Gaeilge agus níor cheap ach 8% go raibh aon fhiúntas ag baint leis an scéim nuachtlitreacha.

Os a choinne sin, moladh in go leor de na haighneachtaí go gcuirfí airgead breise ar fáil do na foilseacháin atá faoi láthair ann.

“Mar aon leis sin, go deimhin, nochtar barúil an-láidir sna freagraí anseo gur chóir tuilleadh maoinithe a éileamh, nó a fháil, nó a chur ar fáil d’earnáil na meán Gaeilge, d’fhonn í a neartú agus í a fhorbairt go straitéiseach seachas, dar leis na freagróirí áirithe seo, acmhainní na hearnála a athdháileadh nó a ghearradh siar.”

Tá próiseas idir lámha ag Foras na Gaeilge le tamall ar mhaithe le socrú a dhéanamh faoi thodhchaí na bhfoilseachán Gaeilge agus cuireadh fad leis na conarthaí atá ag na trí fhoilseachán faoi dhó cheana fad is a bhí an próiseas sin ar bun.

Tá an tríú tairiscint ar shíneadh ama bliana eile á meas faoi láthair ag na foilseacháin sin, Tuairisc.ie, Comhar agus NÓS.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le moltaí Fhoras na Gaeilge i dtaobh na meán agus gan ach duine amháin ar a son'

  • file

    Foras na Gaeilge ag éisteacht le tuairimi Gaeilgeoirí? An mhuc é sin sa spéir os mo chionn?