Deimhniú ar bith ó TG4 nach mbeidh Béarla ar a chláir nuachta

Nuair a chuir Tuairisc ceist ar TG4 an raibh aon athrú déanta nó beartaithe ar an chur chuige seanbhunaithe go mbeadh an nuacht agus cúrsaí reatha ar TG4 i nGaeilge amháin, dúradh nach raibh aon ráiteas le déanamh faoin ábhar.

Deimhniú ar bith ó TG4 nach mbeidh Béarla ar a chláir nuachta

Níl TG4 sásta a dheimhniú gur i nGaeilge amháin a bheidh a seirbhís nuachta amach anseo.

Nuair a chuir Tuairisc ceist ar TG4 an raibh aon athrú déanta nó beartaithe ar an chur chuige seanbhunaithe go mbíonn an nuacht agus cúrsaí reatha ar TG4 i nGaeilge amháin, dúradh nach raibh aon ráiteas le déanamh faoin ábhar.

Tá cuid mhaith cainte faoi sheirbhís nuachta TG4 ó ghlac an Rialtas le moladh go mbeadh an stáisiún neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Is annamh go mbíonn aon Bhéarla le cloisteáil ar Nuacht TG4 nó ar an chlár cúrsaí reatha 7Lá ach ní hamhlaidh i gcás na sraithe nua cúrsaí reatha Iniúchadh, an chéad chlár cúrsaí reatha a choimisiúnaigh TG4 féin riamh.

De réir anailís a rinne Tuairisc ar an eagrán is déanaí de Iniúchadh TG4, a craoladh Dé Céadaoin seo caite, 33%, nó breis agus 16 bomaite den chlár 50 bomaite, a bhí i mBéarla.

Is i mBéarla chomh maith a cuireadh ráitis ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón Gharda Síochána i láthair ar an chlár.

Ag tagairt don tsraith sin, atá á léiriú ag an chomhlacht Clean Slate Television, chuir Tuairisc ceist ar TG4 an raibh polasaí dátheangach ag an stáisiún i leith cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha. Dúradh nach raibh “aon ráiteas ar fáil faoi láthair” maidir le polasaí teanga an stáisiúin.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón Choimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá an moladh sin á phlé ag TG4 agus RTÉ faoi láthair.

Tá monatóireacht le déanamh ag Coimisiún na Meán ar an idirbheartaíocht mar gheall ar TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Dúirt Alan Esslemont gurb é an rogha a bheadh aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná athbhreithniú a dhéanamh ar an socrú sin agus smacht iomlán a bheith ag TG4 ar na cláir nuachta a chraoltar ar na stáisiún agus ar na hacmhainní a bheadh ann dóibh.

B’fhearr leis go mbeadh lucht na nuachta fostaithe ag TG4 féin seachas ag RTÉ, mar atá faoi láthair, a dúirt sé.

míshuaimhneas le brath i measc fhoireann Nuacht TG4 faoi phlean an stáisiúin go mbeadh an tseirbhís nuachta neamhspleách go hiomlán ó RTÉ feasta.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont cheana go mbíonn an méid Gaeilge agus Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir TG4 ag brath ar “chinntí eagarthóireachta”.

Ag trácht dó ar chláracha faisnéise an stáisiúin, dúirt Alan Esslemont go gceadaítear Béarla más Béarla amháin atá ag foinse an scéil agus má tá tábhacht ag baint leis an fhoinse don scéal.

Rinne TG4 an tsraith nua Iniúchadh TG4 a choimisiúnú ón earnáil neamhspleách mar chuid den iarracht atá ar siúl ag an stáisiún cur lena seirbhísí nuachta agus cúrsaí reatha.

Sraith sé chlár 50 nóiméad atá i gceist le Iniúchadh TG4 atá á cur i láthair ag an iriseoir Kevin Magee.

Fág freagra ar 'Deimhniú ar bith ó TG4 nach mbeidh Béarla ar a chláir nuachta'

  • Donncha

    Dhá phoinnte le déanamh agam:

    1. Shíl mé go raibh an clár ‘Iniúchadh’ ar TG4 thar barr agus go raibh sé an tábhachtach agallaimh a dhéanamh le daoine, cosúil le Dwyer, atá ag iarraidh fuath do theifigh a chothú i measc an phobail. Gan na hagallaimh is na míreanna sin ní bheadh an éifeacht chéanna leis an gclár.

    2. Má bhaintear an tseirbhís nuachta ó RTÉ agus é a chur faoi TG4, níor mhiste a shocrú ón tús go mbeadh ceamradóirí nuachta le Gaeilge á usáid mar pholasaí, le go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag an bhfoireann nuachta chomh maith le bheith ina teanga chraolta. Mura bhfuil dóthain ceamradóirí ar fáil le Gaeilge líofa faoi láthair, agus seans nach bhfuil, mholfainn go ndéanfaí roinnt daoine óga le Gaeilge líofa a thraenáil mar cheamradóirí nuachta. Níor cheart go mbeadh sé inghlactha a thuilleadh nach mbeadh criú nuachta in ann feidhmiú trí Ghaeilge agus scéalta nuachta trí Ghaeilge á bhailiú acu.

  • Seán

    Deacrachtaí cruinnis & líofachta ag roinnt daoine ar cheamara. Ní tharlaíonn sé sna meáin eile le teangacha eile. Droch thionchar aige seo ar shealbhú teanga óige na Gaeilge/Gaeltachta. Maoirsiú de dhíth ar iriseoirí más foghlaimeoirí nó lucht líofa féin iad gur Gaeilge chruinn a úsáidtear ós comhair ceamara i gcónaí.

  • Pól

    Tá an chuma air nach mbíonn focal Gaeilge ag an bhfoireann nuachta, taobh amuigh den agallmhóir féin. An chuid is mó den am a chuirim TG4 ar siúl is clár i mbéarla a bhíonn ann. Tá gá ann le stáisiún teilifíse Gaeilge don tír seo.