Deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta gur €100,000 a bheidh ar fáil do phleananna teanga

Cuireadh i leith an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh sa Seanad inné go bhfuil ‘éigeandáil’ ann maidir leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht agus go bhfuil coistí pleanála teanga i ‘gcruachás’ cheal maoinithe

Deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta gur €100,000 a bheidh ar fáil do phleananna teanga

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go mbeidh “comhrá” idir Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus lucht pleanála teanga agus go bhfuil súil aige go réiteoidh na cainteanna sin aon “trioblóid” atá ann i dtaobh phróiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Ach dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie tráthnóna inné nach mbeidh aon ardú á dhéanamh ar an maoiniú €100,000 atá fógartha d’eagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta don chéad bhliain de chur i bhfeidhm a bpleananna.

Cuireadh i leith an Aire Stáit sa Seanad inné go raibh “éigeandáil” ann maidir le córas na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus go raibh coistí pleanála teanga i “gcruachás” cheal maoinithe,

ag géarú ar an mbrú atá á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht ó dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint chun plean teanga a chur i bhfeidhm.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go mbeidh cruinniú go luath ag Fóram Chois Fharraige le hÚdarás na Gaeltachta agus le Roinn na Gaeltachta le ceist an mhaoinithe a phlé.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis  an bplean a chur i bhfeidhm as seo go ceann seacht mbliana, atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc.ie tráthnóna inné gur socraíodh an t-allúntas €100,000 chun “deis” a thabhairt d’eagraíochtaí pleanála teanga Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus tús a chur le cur i bhfeidhm na bpleananna atá “aontaithe”. 

Dúirt an t-urlabhraí gur “socraíodh an t-allúntas ar an mbonn ba chothroime ab fhéidir, ag féachaint don chiste a bhí ar fáil agus an líon pleananna teanga a rabhthas ag súil a bheith ceadaithe roimh dheireadh na bliana”.

Thug an t-urlabhraí le fios go bhféadfadh na heagraíochtaí pleanála teanga maoiniú breise a lorg faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta atá ag an Roinn. €2.322m in airgead caipitil agus €6.390m in airgead reatha a bheidh ar fáil do na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta sin, a dúradh.

“Is féidir leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga iarratais a dhéanamh ar chúnamh faoi na scéimeanna seo cheana féin le maoiniú a dhéanamh ar thograí atá luaite ina gcuid pleananna.

“De réir mar a bheidh tuilleadh pleananna teanga ag teacht isteach chuig an Roinn ó na ceanneagraíochtaí pleanála teanga sa bhliain amach romhainn, beidh an Roinn ag déanamh anailíse orthu agus ag cur na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta in oiriúint le freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais na bpleananna sin,” a dúirt an t-urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh sa Seanad tráthnóna inné gur gá don Aire McHugh soiléiriú a thabhairt mar gheall ar cheist mhaoiniú na bpleananna teanga agus mhaígh sé go raibh dhá bhliain go leith d’obair dheonach na gcoistí pleanála teanga “curtha amú”.

“Tá éigeandáil sa phróiseas pleanála teanga, tá sé ar fad ina chíor thuathail. Ní thuigim ó thalamh an domhain, cén chaoi a raibh tú ábalta dul ar aghaidh agus an maoiniú a fhógairt do na pleananna teanga gan dul ar ais ag na dreamanna a raibh tú ag plé leo.

“Cén plean atá agat féin, a Aire, ó thaobh na bpleananna teanga? Cén fáth gur athraigh sibh na postaí i lár an chluiche? Caithfidh tusa teacht ar ais, a Aire, agus soiléiriú a thabhairt dúinn cén fáth ar tháinig sibh ar an bhfigiúir sin €100,000, cén fáth ar tháinig sibh ar an bhfigiúr sin do chuile eagraíocht agus do chuile cheantar ar fud na Gaeltachta, céard iad na cúinsí a d’úsáid tú agus cén fáth gur chuir sibh dhá bhliain go leith obair amú ar na daoine sa bpobal a rinne an obair sin go deonach gan treoir cheart a thabhairt dóibh ó thús?” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta gur €100,000 a bheidh ar fáil do phleananna teanga'

  • Jamie

    Ní réiteoidh €100,000 – pá Teachta Dála amháin – an éigeandáil atá sna ceantair éagsúla Gaeltachta. Déan ceart é nó ná déan ar chor ar bith é!