Déantar rómánsú ar an dornálaíocht, scéal eile ar fad a bhíonn sa bhfírinne

Tá ceangal láidir idir na buillí a fhaigheann dornálaithe agus iad i mbun troda agus na haicídí agus na tinnis a bhuaileann iad nuair a théann siad in aois

Déantar rómánsú ar an dornálaíocht, scéal eile ar fad a bhíonn sa bhfírinne

Ní féidir a shéanadh faoin tráth seo ach go bhfuil ceangal láidir idir na buillí a fhaigheann dornálaithe agus iad i mbun troda agus na haicídí agus na tinnis a bhuaileann iad nuair a théann siad in aois.

Chuir liacht na nua-aoise deireadh le haon leithscéal a bhíodh acu siúd a raibh sé de nós acu a rá nach raibh aon chruthúnas ann a chinnteodh an fhianaise sin.

Tá neart ráite agus scríofa faoin ábhar, ach meabhraíodh go láidir dom arís é le gairid agus mé ag léamh alt breá a scríobh an t-iriseoir Meiriceánach Wright Thompson faoi chuartú a rinne sé ar fhear a throid Muhammad Ali. Rinne an galar Parkinson giorrúchán ar a shaol siúd freisin ar ndóigh, cé nár ghlac sé féin ná a chuid dochtúirí riamh leis go mba í a chuid dornálaíochta ba chúis leis an ngalar.

61 babhta gairmiúil a throid Ali ach ní leo siúd ná go deimhin leis an bhfear féin a bhaineann an t-alt áirithe seo, ach leis an tóraíocht a rinne Thompson ar dhuine acu ‘Sweet Jimmy’ Robinson nár sheas ach 90 soicind sa gceathrú ceann de na 61 babhta sin – Miami Beach, 7 Feabhra 1961.

Chuaigh ‘Sweet Jimmy’ bocht ar an drabhlás agus ar an uisce bruite agus cé gur shiúil an t-údar na Státaí chinn ar mórán de thásc ná de thuairisc a fháil air seachas cuimhní fánacha nach raibh le trust ó dhaoine a dtáinig an t-anás orthu mar a tháinig sé ar Robinson féin.

Chinn ar Thompson a theacht ar ‘Sweet Jimmy’.

Ag drannadh le deireadh an ailt tá cur síos ar an méid a bhain de thart ar an gceathrú cuid de na dornálaithe a thug dúshlán an dornálaí ab fhearr dá raibh ann agus is é an drochbhail a chuaigh orthu siúd a spreag mé féin le tuilleadh tochailte a dhéanamh faoin scéal.

Bá é ‘Irish’ Gerry Quarry a thug dúshlán Ali nuair a bhí an téarma fionraíochta trí bliana go leith a gearradh air siocair nach dtiocfadh sé san arm istigh aige i 1970. Throid siad a chéile arís dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Nuair a tháinig an lá go raibh sé in am ag Quarry na miotóga a chaitheamh ar an lochta bhí a intinn chomh buailte sin ag an néaltrú agus nach raibh sé in ann a chuid éadaigh a chur air fhéin go gairid ina dhiaidh sin. Bhásaigh sé in aois a 53 bliain.

Nuair a bhásaigh Jimmy Ellis cúig bliana ó shin in Memphis, chreid an fear a chaith blianta mar chomrádaí speárála ag Ali agus a throid é i 1971 go raibh a bhean chéile fós beo – bhí sí básaithe le hocht mbliana.

Faoi láthair tá crapadh ar inchinn Leon Spinks a bhain an mothú as lucht dornálaíochta nuair a bhuaigh sé ar Ali i 1978 agus bhí néaltrú freisin ar Ernie Terrell a throid é blianta roimhe sin, mar a bhí ar Donnie Fleeman (1961) .

Agus é ag troid den uair dheireanach faoin ainm Cassius Clay i mí Feabhra 1964 bhuaigh Ali ar Sonny Liston agus thug Craobh an Domhain leis. Rinne sé amhlaidh arís 14 mí ina dhiaidh sin. Seacht mbliana ina dhiaidh sin frítheadh Liston básaithe ina theach cónaithe agus drugaí agus snáthaidí ina chóngar. Mhionnaigh a dhochtúir go raibh faitíos cráite ag Sonny roimh shnáthaidí. Tá siad ann a deir go raibh baint ag lucht coiriúlachta lena bhás, dream ar chleacht sé a gcomhluadar agus an t-airgead a shaothraigh sé ag dornálaíocht caite aige.

Más amhlaidh an cás níl ann go raibh Liston, an trodaí ab iomráití as an liosta trodaithe a throid agus a chloígh Ali, sa mbád céanna.

Fir darbh ainm Herb Siler agus Anthony Esperti a throid sé sa dara agus sa tríú babhta gairmiúil a rinne sé – ciontaíodh Esperti as duine den teaghlach Gambinio de chuid an Mhaifia a dhúnmharú agus fuair Siler príosún as dúnorgain a chailín.

Cúig bliana déag sular throid sé Muhammed i 1975 chuir Ron Lyle téarma príosúnachta isteach as dúnmharú. Agus é éirithe as an dornálaíocht, cúisíodh as dúnmharú eile é ach an babhta seo frítheadh neamhchiontach é.

Urchar gunna a mharaigh an tAirgintíneach Oscar Bonavena a leag Ali amach sa mbabhta deireanach eatarthu i 1970 agus ba le píopa cruach a mharaigh mac a dhearthár Trevor Berbick, an té a bhí sa gcúinne trasna ó Muhammad sa troid dheireanach a rinne sé agus é beagnach dhá scór bliain d’aois i 1981.

Chaith na póilíní in Cleveland Williams le gunna bliain sular throid sé Ali i 1966. Rinne Rudie Lubbers, a bhí ina sheaimpín na hÍsiltíre nuair a throid seisean é, téarma i bpríosún mar gheall ar mhangaireacht drugaí, mar a rinne Chuck Webner, arbh as a throid in aghaidh Ali i 1975 a d’eascair an scannán ‘Rocky’.

Rinne an scannán sin rómánsú ar an dornálaíocht. Scéal eile ar fad a bhíonn sa bhfírinne.

Fág freagra ar 'Déantar rómánsú ar an dornálaíocht, scéal eile ar fad a bhíonn sa bhfírinne'