Tá sé ráite ag an Aire Cumarsáide Patrick O’Donovan go bhfuil an rialtas tiomanta do neamhspleáchas nuachta a bhaint amach do TG4 agus go bhfuil sé féin sásta féachaint ar bhuiséad na heagraíochta a ardú sna blianta amach romhainn.
Tá sé molta ag Coimisiún na Meán go mbronnfaí tuilleadh airgead poiblí ar RTÉ agus TG4 agus cé nach bhfuil aon ghealltanas tugtha ag an Aire O’Donovan maidir le maoiniú breise a thabhairt don stáisiún Gaeilge, deir sé go gcoinneofar leis an obair atá ar siúl chun go mbeidh TG4 in ann a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil.
Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ.
Is beag dul chun cinn atá déanta sna cainteanna idir na heagraíochtaí ó shin ach, agus é ag labhairt faoi mhaoiniú do RTÉ agus TG4, dúirt an tAire Cumarsáide go gcoinneofar leis an obair go dtí go mbainfear neamhspleáchas amach do TG4 i dtaobh chúrsaí nuachta.
“Ó thaobh TG4 de, tá maoiniú breise curtha ar fáil againn don stáisiún i mbliana agus tá siad ar a slí chun a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil faoi Nuacht agus táimid chun é sin a thabhairt chun críche,” a dúirt an tAire O’Donovan le Today with David McCullagh ar RTÉ Radio 1.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo le gairid gur dhúirt ceannasaíocht nuachta RTÉ le foireann Nuacht RTÉ/TG4 go rabhthas “i bhfad ó shocrú a bheith déanta” faoi cheannas neamhspleách eagarthóireachta a bheith ag TG4 ar an nuacht.
Tá TG4 ag iarraidh an folúntas do Cheannaire Nuachta a líonadh ó ceapadh Deirdre Ní Choistín, a bhí sa ról sin, ina hardstiúrthóir ag tús na bliana. Fógraíodh an post don cheannaire nuachta don dara huair an mhí seo caite.
Tuigtear gur moladh i dtuarascáil a réitigh Coimisiún na Meán ar mhaoiniú RTÉ agus TG4 gur chóir go gcuirfeadh an státchiste €66.3 milliún ar fáil do TG4 an bhliain seo chugainn, thart ar mhilliún euro níos mó ná an €65.4 a d’fhógair an rialtas i mBuiséad 2026. Mhol Coimisiún na Meán go n-ardófaí buiséad an stáisiúin go dtí €67.5 milliún in 2027.
Ardú os cionn €5 milliún a d’fhógair an rialtas do TG4 sa mBuiséad deireanach agus cuid den airgead breise sin le cur ar fáil chun cabhrú leo seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú.
Dúirt an tAire O’Donovan inné go mbeadh sé féin sásta moltaí ó Choimisiún na Meán maidir le TG4 a mheas mar go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an stáisiún, ní hamháin chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach chun na cluichí Gaelacha agus ábhar cultúrtha a chur os comhair an phobail chomh maith.
Dúirt an tAire Cumarsáide nach bhfuil sé i gceist aige aon airgead breise a thabhairt do RTÉ in ainneoin mholtaí Choimisiún na Meán, áfach.
Tá sé fógartha cheana ag an rialtas go bhfuil €240 milliún le cur ar fáil do RTÉ an bhliain seo chugainn agus €260 milliún a chuirfear ar fáil in 2027. Molann Coimisiún na Meán go n-ardófaí é sin go dtí €255 milliún an bhliain seo chugainn agus €275 milliún an bhliain dár gcionn.
“Sa chéad chúpla Buiséad eile, beidh mé ag breathnú ar TG4, ach maidir le RTÉ, níl sé ar intinn agam méadú a dhéanamh ar an maoiniú,” ar sé.
Dúirt O’Donovan go bhfaigheann RTÉ a dhóthain ón státchiste mar atá agus go raibh an rialtas tar éis RTÉ a tharrtháil théis “praiseach na bhflip fleap agus gach ar bhain léi”.
“Tá muid ag iarraidh go gcomhlíonfaí an comhaontú atá ann idir RTÉ agus an Rialtas agus tá i bhfad le dul againn sula bhfeicfear sin chun an fhírinne a rá,” a dúirt sé.
“Tá muid ag iarraidh go gcuirfear dlús leis na hathchóirithe in RTÉ. Tá muid ag iarraidh go gcuirfí dlús leis an gclár iomarcaíochta. Tá muid ag iarraidh RTÉ atá níos lú, atá níos oiriúnaí don fheidhm, a fheiceáil.”
Fág freagra ar '‘Déanfaimid é’ – an rialtas tiomanta do sheirbhís nuachta neamhspleách a bhaint amach do TG4'