‘Ba nuacht do ghlór go seasta…’
Ba páiste glórach thú ón tús
a labhair i gcaint na ndaoine,
páiste a dhiúl an briathar beo
ón máthair a thug don tsaol thú.
Níorbh iontas sin, mar ba bród do ghin,
is ba misneach cláir do chliabháin.
Ní bheifeá beo marach léirsiú is gleo
ó dhream nach ndearna aon díobháil.
Labhair tú amuigh, is labhair tú istigh,
ba nuacht do ghlór go seasta.
Labhair tú ar cheol ar spraoi is ar spóirt
Labhair tú ó Dhún na nGall go Casla.
Tá tú anois deich mbliana os cionn an scóir,
bród inár nglór ag caint ort,
bród as glór a d’fhás ón bhfód
nárbh ionann agus glór an strainséir.
Pilib Ó Duinn
Suí síos anois agus éist le mo scéal
Is féidir leat é a aithris ó bhéal go béal
Ba mhian liom labhairt faoin ‘stáisiún’
Agus é á sheoladh fud fad an náisiúin
Ar siúil ar an aer maidin go hoíche
Le cúnamh Dé ní stopfaidh sé choíche
Beagnach gach chlár á chraoladh beo
Tá súil agam iad a bheith ann go deo
Go moch ar maidin caithfimid dul siar
Le bheith ag éisteacht ar chlár Iris Aniar
Más ar dhíospóireacht atá tú ag brath
Éist le Athmhaidin agus glór Ghormfhlaith
Idir aon déag is meánlae bíonn réalta
Le Gaeilg Uladh ar sheó Barrscéalta
Ag Michelle Nic Grianna a bhíonn an cleas
Le achan fadúda a fhoghrú go deas
An Saol ó Dheas curtha i láthair ag Helen Ní Shé
Scéalta faoin Ríocht, caid, gandal is gé
Cluas a thabhairt d’Fhachtna ar Tús Áite
Nach iad na polaiteoirí a bhíonn cráite
Ó hEibhlín de Bhailís a thagann an Nuacht
Lena guth a chloisint, sheasfainn sa bhfuacht
An Gealach Gorm le haghaidh an cheoil
Rac, traidisiúnta, reggae, sciobóil
Ná foinn is amhráin idir shean is nua
Ó Shliabh Luachra go Sliabh gCua
Agus Jo Ní Chéide lena binn ghuth
An Taobh Tuathail ann ina shruth
Pádraig agus Toose ar Eachtraigh Dom
An mbíonn siad ag insint an fhírinne lom?
Liam Mac an Iomaire agus Leagan Cainte
Lena haíonna bíonn na seoda roinnte
Caoga bliain anois ar an bhfód
Cheapfá é bheith ann le hanallód
Saibhreas na Ghaeilge le cloisteáil
Blasanna canúintí anonn is anall
An áit a cloiseann tú na réaltacha
Leoga, sin é Raidió na Gaeltachta