Daltaí ag filleadh ar scoil, cead bóthair i do chontae féin agus ‘go leor cúiseanna dóchais’

303 cás nua den chóróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ó lár mhí na Nollag

Daltaí ag filleadh ar scoil, cead bóthair i do chontae féin agus ‘go leor cúiseanna dóchais’

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Fillfidh daltaí uile an stáit ar scoil ar maidin agus tabharfar cead bóthair do dhaoine ina gcontaetha féin tráth a bhfuil “go leor cúiseanna dóchais ann”.

303 cás nua den chóróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ó lár mhí na Nollag.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh go leor cúiseanna dóchais ann agus aghaidh á tabhairt ag daoine ar sheachtain eile den phaindéim.

Ón lá inniu beidh cead ag dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoin spéir i spásanna poiblí agus tabharfar cead do dhaoine taisteal aon áit ina gcontaetha féin. Beidh cead chomh maith dul isteach i gcontae eile más turas 20 ciliméadar nó níos lú ón mbaile atá i gceist. Cuirfear tús inniu chomh maith le hathoscailt earnáil na tógála.

213 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil maidin inné agus bhí 53 acusan in aonad dianchúraim. Seachtar othar eile a bhí buailte ag an ngalar a cuireadh san ospidéil in achar 24 uair an chloig, an líon is lú othar nua ó dheireadh mhí na Samhna.

Dúirt an Dr Ronan Glynn gur léir ó líon na gcásanna a fógraíodh inné go raibh rath ar iarrachtaí an phobail. Dúirt sé go bhfeicfí chomh maith an tseachtain seo “ardú suntasach” ar líon na ndaoine a dtabharfaí vacsaín dóibh.

D’achainigh an Dr Glynn ar dhaoine gan filleadh ar an obair toisc go raibh páistí ag filleadh ar an scoil agus gan a bheith ag bualadh taobh istigh le daoine ó theaghlaigh eile.

“Fiú más ag bualadh le daoine taobh amuigh atá tú, fan amach óna chéile agus ná buail ach le daoine ó theaghlach amháin ag an am,” arsa an Dr Ronan Glynn. Mheabhraigh sé do dhaoine chomh maith nach mbíonn aon duine lánvacsaínithe go dtí coicís i ndiaidh an dara dáileog.

Fág freagra ar 'Daltaí ag filleadh ar scoil, cead bóthair i do chontae féin agus ‘go leor cúiseanna dóchais’'

  • Éadóchasach

    Dóchas dóibh siúd nár tholg an galar go dtí seo, agus nach dtolgfaidh é. Dóchas dóibh siúd gurbh fhéidir leo an saol a bhí acu roimis an bpaindéim a thosnú aríst nuair a bheidh sí “thart”. Dóchas dóibh siúd agus dá leithéid; éadóchas, agus saolta nach mbeidh go deo mar a bhíodar, do dhaoine eile. Ach ná bímíst ag labhairt fúthu ná fésna saolta scriosta ná faoin éadóchas – is fearr linn an dóchas, nach fearr?