Cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus an gaeloideachas ar chlár Choiste Gaeilge an Oireachtais i mbliana

Tá clár oibre 2024 foilsithe ag Coiste Gaeilge an Oireachtais agus é i gceist acu aghaidh a thabhairt ar chuid de na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag lucht na Gaeilge i láthair na huaire

Cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus an gaeloideachas ar chlár Choiste Gaeilge an Oireachtais i mbliana

Tá cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, an Ghaeilge sa chóras oideachais, coláistí samhraidh agus an córas Eircode i measc na n-ábhar a bhfuil súil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais iad a phlé sna míonna amach romhainn.

Tá clár oibre foilsithe ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge don bhliain 2024 agus é i gceist ag na Teachtaí Dála agus Seanadóirí aghaidh a thabhairt ar chuid de na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag lucht na Gaeilge i láthair na huaire.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Teachta Dála Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, go raibh an coiste ag smaoineamh ar “na dúshláin atá os comhair phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fud fad na tíre” agus iad ag socrú an chláir oibre.

Is í an chéad tosaíocht atá luaite sa chlár oibre ná cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus na treoirlínte pleanála atá beartaithe ag an Rialtas.

Tá moill mhór ar na treoirlínte a gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien breis is dhá bhliain ó shin. An Roinn Tithíochta, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta atá i mbun na dtreoirlínte ach ní léir go fóill cén uair a fhoilseofar iad.

Dúirt an grúpa feachtais BÁNÚ an tseachtain seo go rabhthas ag iarraidh go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht gan a thuilleadh moille agus go raibh cruinnithe á lorg freisin ag an ngrúpa leis an Aire O’Brien agus le hAire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan.

“Tá an scéal seo ag dul ar aghaidh le hos cionn dhá bhliain agus níl aon cheist faoi ach go bhfuil pobal na Gaeltachta á chur ó phosta go piléar maidir leis seo,” a dúirt BÁNÚ i ráiteas. “Tá doiléireacht éigin ag baint leis an scéal agus tá an crú cinnte ar an tairne anois agus an bille úr pleanála foilsithe ag an rialtas.”

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh cruinnithe a reáchtáil freisin chun roinnt de na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais a phlé.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go bhfuil fadhbanna ar leith ag cur as do mhúineadh na teanga sna scoileanna, córas na ndíolúintí ina measc. Léirigh anailís atá déanta ag Tuairisc go bhfuil níos mó díolúintí á mbronnadh ar dhaltaí ná mar a bhí riamh agus go raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge ag duine as gach ochtar daltaí iarbhunscoile anuraidh.

Tá an coiste freisin ag iarraidh díriú ar an easpa scolaíochta lán-Ghaeilge atá ar fáil timpeall na tíre, cur chuige an chórais T1 agus T2, agus an réamhscolaíocht.

I measc na n-ábhar eile a bhfuiltear ag iarraidh díriú orthu, tá córas na ndíolúintí agus teagasc, infheictheacht agus maoiniú na Gaeilge ag an tríú leibhéal.

Tá cruinnithe ar na bacáin arís faoin gcóras Eircode freisin. Réitigh an coiste tuarascáil faoin sárú reachtaíochta atá ar bun maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta ach níl aon réiteach faighte ar an scéal ó shin agus díomá ar bhaill an choiste nár chas an t-aire atá freagrach as an gcóras, an tAire Stáit Jack Chambers, leo chun an cheist a phlé.

Tá cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta, úsáid agus infheictheacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide, seirbhísí poiblí dátheangacha agus stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe luaite i measc na n-ábhar eile atá an coiste ag iarraidh a phlé in 2024, a deirtear.

Fág freagra ar 'Cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus an gaeloideachas ar chlár Choiste Gaeilge an Oireachtais i mbliana'

  • Eithne Nic Dhonnchadha

    Ba cheart go mbeadh deiseanna ag muinteoirí atá ag múineadh Gaeilge forbairt ghairmiúil leanúnach (CPD )a dhéanamh go rialta.Seachtain nó dhó sa ghaeltacht m sh.
    Diriú isteach ar na bunrialacha gramadaí ,aimsir láithreach,caite,fháisteannach, séimhiú is rl ar bhealach réidh easca.

  • Sibéal

    Is maith an rud é go bhfuil an coiste ag díriú freisin ar an easpa scolaíochta lán-Ghaeilge atá ar fáil timpeall na tíre,
    Léiríonn taighde ón ESRI go bhfuil an leibhéal éilimh ar an Ghaelscolaíocht thart ar 23 faoin gcéad ach níl bunscoileanna lán-Ghaeilge ach ag 8.1 faoin gcéad (252 as 3,104) de bhunscoileanna na tíre agus gur ag 3.6 faoin gcéad atá na scoileanna dara leibhéal.

  • Dalt

    Aontaím leat Eithne, bíonn daoine ag tabhairt amach faoi easpa scoileanna lán-Ghaeilge ach níl caighdeán Gaeilge ró-ard ag formhór na múinteoirí atá fostaithe cheana féin

  • Siún

    Náireach an srian atá curtha ar óige na tíre dul ar aghaidh chuig iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Cé atá laistiar de seo? Tuairisc, rachaigí i mbun fiosraithe. Déanaigí amhlaidh le cás na ndíolúintí: cé atá laistiar den mhias seo? An iad na frith-Ghaeil chéanna is cúis leis seo ar fad? Tá freagraí le lorg! Treise libh!