Cúrsaí pleanála, foilsitheoireacht na Gaeilge agus cás na teanga sa Gharda Síochána le plé ag coiste Oireachtais

Tiocfaidh ionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe os comhair chéad chruinniú na bliana de Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna chun cúrsaí pleanála a phlé

Cúrsaí pleanála, foilsitheoireacht na Gaeilge agus cás na teanga sa Gharda Síochána le plé ag coiste Oireachtais

Cuirfear tús athuair inniu le hobair Choiste Gaeilge an Oireachtais agus Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag filleadh ar Theach Laighean tar éis bhriseadh na Nollag.

Cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht a bheidh á bplé ag an gcoiste an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn ach tá sé mar aidhm ag an gcoiste freisin díriú ar fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge agus ar chás na Gaeilge sa Gharda Síochána i mbliana.

Tiocfaidh ionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna chun cúrsaí pleanála a phlé.

Deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le plé an lae inniu ós rud é gurb í cathair na Gaillimhe an t-aon chathair sa Stát ina bhfuil Gaeltacht oifigiúil lonnaithe.

“Níl aon amhras ach go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge uirbeach mar chuid de thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail. Mar sin, tá dualgas orainn, agus ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, gach rud is féidir a dhéanamh, agus níos mó ná sin, chun na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós beo taobh istigh dá limistéar a chosaint, a fhorbairt agus a fhás.”

Tháinig na comhairlí áitiúla eile a bhíonn ag plé le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht os comhair an choiste ag dhá chruinniú a reáchtáladh roimh na Nollag. Mhol príomhfheidhmeannaigh roinnt comhairlí contae go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála agus forbartha ar leith don Ghaeltacht.

Tá sé i gceist go dtiocfadh an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, agus oifigigh óna Roinn os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn chun fadhb na tithíochta agus na pleanála sa Ghaeltacht a phlé. Tá ráite cheana ag an Aire O’Brien go bhfuil beartas nua le fógairt ag a Roinn i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Tá an Coiste chun sraith cruinnithe a reáchtáil freisin i mbliana faoi earnáil fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge.

Beidh An Garda Síochána os comhair an choiste freisin an mhí seo chugainn chun cás na Gaeilge san eagraíocht a phlé.

“Mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste, tá mé ag tnúth le tuilleadh cruinnithe faoin bpleanáil sa Ghaeltacht, agus an tAire Tithíochta ag teacht ós ár gcomhair, chomh maith le sraith cruinnithe agus suirbhé poiblí a eagrú mar gheall ar fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

“Is cinnte go mbeimid ag faire ar chás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta arís i mbliana chun a chinntiú nach dtaispeánfar an dímheas céanna dóibh agus a léirigh an rialtas le dhá bliain anuas. Tá sé i gceist nuair a bheidh na srianta Covid scaoilte go mbeidh an Coiste in ann obair níos mó a dhéanamh, ina measc cuairteanna ar roinnt de na ceantair Ghaeltachta nó ar eagrais Ghaeilge,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

“Caithfimid a chinntiú go bhfeidhmeoidh an Comhchoiste mar ghuth láidir don phobal labhartha fud fad na tíre agus ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta ó thuaidh agus ó dheas nuair a thabharfaidh na srianta sláinte an deis dom tabhairt faoi sin.”

Fág freagra ar 'Cúrsaí pleanála, foilsitheoireacht na Gaeilge agus cás na teanga sa Gharda Síochána le plé ag coiste Oireachtais'