Cúrsaí fuinnimh ag cothú fadhbanna don Chomhaontas Glas

Tá sé ina aighneas idir an Comhaontas Glas agus páirtithe eile an chomhrialtais faoi chúrsaí fuinnimh i gcónaí

Cúrsaí fuinnimh ag cothú fadhbanna don Chomhaontas Glas

Cé gur tógadh faoin tuath in Éirinn mé i ndeireadh an fichiú haois caithfidh mé a admháil nár chaith mé lá ar an bportach riamh. Is minic a dúirt daoine ar comhaois liom nach bhféadfadh a leithéid a bheith amhlaidh, ach bhí. Ní raibh aon phortach ag mo thuismitheoirí agus nach minic a dúradh gur mhór an t-aiféala a bhí orthu nach raibh. Tá tine oscailte sa teach inar tógadh mé agus b’éigean an breosla a cheannacht i gcónaí ó tharla nach raibh portach ag muintir an tí.

Dá réir sin, is beag a thuig mé ag fás aníos an ceangal idir pobal na tuaithe agus an mhóin. Ní hamháin le go mbeadh tine go deas le breathnú uirthi tráthnóna geimhridh ach leis an teach a théamh, le soláthar uisce te a chinntiú agus le béilte a réiteach má bhí ‘range’ agat.

Is cuimhin liom an chonspóid a bhain le gual deataigh a thoirmeasc go háirithe i mBaile Átha Cliath. Sí Mary Harney, mar aire a rinne an cinneadh mar gheall ar chomh dona agus a bhí caighdeán an aeir i gcathracha na tíre.

Tá muid anois i lár conspóide eile faoi bhreosla a bheith faoi thoirmeasc ach tá an ceann seo fite fuaite leis an bpolaitíocht náisiúnta agus ag cothú teannais idir páirtithe an rialtais freisin. Teastaíonn ó Éamonn Ryan mar Aire Comhshaoil cosc a chur ar dhíol móna mar gheall ar an dochar a dhéanann breosla iontaise don timpeallacht. De réir tuairiscí tá sé gonta ag an mbealach a dtáinig an plean atá aige amach os comhair an phobail. Shamhlóinn go mbeadh sé níos gonta fós gur éirigh le Leo Varadkar an plean atá aige a cheistiú go poiblí agus teacht i dtír ar mhíshuaimhneas phobal na tuaithe faoi. Tá imní ar dhaoine mar thoradh ar an ardú sa gcostas maireachtála go mbeidh siad gan tine, gan fuinneamh sa ngeimhreadh má bhaintear a gcuid móna díobh.

Tá teannas idir an Comhaontas Glas agus páirtithe eile an chomhrialtais faoi chúrsaí fuinnimh i gcónaí. Beidh na Glasaigh ag cur brú ar na páirtithe eile dul níos faide ná mar is mian leo. Deir Éamonn Ryan gurb é sin ceann de na rólanna atá acu ag bord an rialtais. An deacracht atá acu faoi láthair ná nach bhfuil an fhorbairt a theastaíonn déanta le foinsí malartacha fuinnimh a chur ar fáil. Tá go leor de na foinsí céanna conspóideach agus beidh siad blianta i mbun forbartha. Idir an dá linn beidh teas ag teastáil, uisce le téamh agus béilte le réiteach.

Tá imní ar chúlbhinseoirí i Fine Gael agus Fianna Fáil gur orthusan a íocfar fearg an phobail faoin gcosc ar dhíol móna. Tá an ceart acu imní a bheith orthu. Feictear do phobal na tuaithe go bhfuil go leor dá gcuid bealaí traidisiúnta faoi ionsaí. I lár na géarchéime reatha agus soláthairtí fuinnimh ag éirí gann ní haon iontas go bhfuil daoine ag cloí leis na traidisiúin a bhí acu riamh.

Más leis an rialtas deireadh a chur leis na traidisiúin céanna, níor mhór a bheith cinnte go bhfuil malairt acu le cur ar fáil.

Fág freagra ar 'Cúrsaí fuinnimh ag cothú fadhbanna don Chomhaontas Glas'

  • Eoghan Ó Néill

    Cuir sorn maith isteach in áit na tine oscailte agus beidh 4 oiread teasa sa teach agat ar 1/4 an bhreosla a fhad is a bhfuil an mhóin tirim. Más smutáin adhmaid aá agat bíodh siad triomaithe go maith le 20% nó níos lú taise ann i ndiaidh bheith stóráilte faoi scáth bliain nó dhó.

  • Pól

    Malairt ar fáil… b’shin iad na focla tábhachtacha. Níor moladh aon mhalairt fhóinteach go fóill agus is údar imní é sin. Tá an ceart ag Eoghan faoin sorn maith ach chosnódh a leithéid an saol is a mháthair mhór orainne. Tuigim an mhóin thirim agus an t-adhmad stóráilte bliain nó dhó maith go leor.