Tá ráite ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go bhfuil an chuma ar an scéal gur “cur i gcéill” a bhí sna geallúintí a rinneadh san acht teanga agus an dlí á shárú ag an rialtas féin “gan pionós ar bith” air dá bharr.
Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur léir “nach fiú tráithnín” an méid atá sa reachtaíocht teanga maidir leis an sprioc earcaíochta 20%, maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sa nGaeltacht agus maidir leis an gcosaint atá le tabhairt don síneadh fada.
Deir Ó Snodaigh go bhfuil an dlí sáraithe ag an rialtas agus teipthe air roinnt de na forálacha atá sa reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm go hiomlán.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, níor chloígh Aire na Gaeltachta leis an acht nuair a theip air dátaí a leagan síos ag tús na bliana seo do na spriocanna maidir leis na dualgais teanga atá ar chomhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa nGaeltacht. Deir Roinn na Gaeltachta go ndéanfar fógra maidir leis an teip sin “go gairid”.
Bhí an scéal sin i measc na gcásanna ar thagair Ó Snodaigh dóibh agus é a cur síos ar “theip” an rialtais.
“Tá an Rialtas ag sárú an dlí, in ainneoin go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) in ainm is a bheith i bhfeidhm anois ina iomlán,” ar sé le Tuairisc.
“De réir Alt a 9A, bhí dualgas le cur ar chomhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha agus seoltaí Gaeilge le síntí fada. Ní léir go bhfuil comhlachtaí forordaithe go fóill.
“De réir Alt a 18C, bhí Plean Náisiúnta le foilsiú ag sainaithint seirbhísí agus ag sonrú straitéisí. Foilsíodh plean nach ndearna ceachtar den dá rud agus táimid anois ag fanacht ar phlean gníomhaíochta.
“De réir Alt a 18E, bhí dáta le bheith roghnaithe ag an Aire faoina mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre in oifigí na státseirbhíse sa Ghaeltacht. Níor roghnaíodh faoin spriocdháta é, táimid fós ag fanacht.
“De réir Alt a 19A, bhí Caighdeáin Teanga le teacht i gcomharba ar Scéimeanna Teanga, atá aisghairthe. Cé gur gealladh go bhfoilseodh an Rialtas dréacht-Chaighdeáin roimh achtú an Achta fiú, ní ann dóibh.
“Is cosúil gur cur i gcéill a bhí san Acht más féidir leis an Rialtas é a shárú gan pionós ar bith,” a deir Ó Snodaigh.
Deir an Teachta Dála de chuid Bhaile Átha Cliath Lár Theas go bhfuil sé i gceist aige freagraí a lorg ó Aire na Gaeltachta maidir le ceist na spriocanna agus na dualgais eile atá sa reachtaíocht.
“Ní fiú tráithnín geallúintí faoi earcaíocht 20% nó seirbhísí Gaeilge a Ghaeltacht nó meas ar an síneadh fada má tá Fianna Fáil agus Fine Gael chun na geallúintí ar fad a bhriseadh.
“Tá ceisteanna curtha agam ar an Aire Dara Calleary maidir leis na nithe seo go léir, agus beidh mé ag súil le freagra cuimsitheach le linn Sheachtain na Gaeilge.”
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí agus ranna stáit a chinntiú go mbeidh a gcuid seirbhísí go léir i nGaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Chomh maith leis sin leagtar dualgas ar oifigí comhlachtaí poiblí a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga na hoifige acu. Bhí an tAire le spriocdhátaí a leagan síos ag tús na bliana faoina mbeadh na dualgais sin á gcomhlíonadh ach táthar fós ag fanacht ar fhógra uaidh.
Cé go ndeir an Roinn go bhfuiltear ag súil le “níos mó a fhógairt faoi seo”, níor tugadh aon eolas maidir le cén uair go díreach a dhéanfar sin nó cén uair a fhógrófar na spriocdhátaí. Níor tugadh aon mhíniú ach an oiread ar an gcúis nár éirigh leis an Aire cloí leis an reachtaíocht.
Beanfeasa
Bí id gníomhaí teanga.
Bí id Sisyphus.