Cuntas beathaisnéise ochtar mórGhael eile curtha le ainm.ie

Tá ocht gcuntas beathaisnéise nua curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, ainm.ie

Cuntas beathaisnéise ochtar mórGhael eile curtha le ainm.ie

Tá cuntas ar shaol agus ar shaothar ochtar mórGhael a bhásaigh le cúpla bliain anuas curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.

Ar an ochtar a bhfuil cuntas orthu foilsithe ar an suíomh tá Domhnall Mac Síthigh (1951–2017), an scríbhneoir agus taiscéalaí Duibhneach, Aodh Ó Domhnaill (1947–2018), drámadóir, file agus liriceoir as Baile Átha Cliath agus Proinsias Ó Mianáin (1935–2016), duine de mhórghníomhaithe na Gaeilge san fhichiú haois.

Cuireadh chomh maith le ainm.ie le déanaí cuntas ar Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha (1943–2017) as an Aird Thiar in Iorras Aithneach, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann.

Ar na daoine eile a bhfuil cuntas ar a saol curtha le bunachar ainm.ie tá Diarmaid Ó Doibhlin (1942–2017) scoláire agus file as contae Dhoire, Seán Ó hÉalaí (1938–2017) ‘glór Mhaigh Eo’ ar Raidió na Gaeltachta agus Peadar Lamb, an t-aisteoir mór le rá as an gCeathrú Rua.

Gníomhaí teanga agus scoláire ab ea Aodán Mac Póilín (1948–2016), duine eile a bhfuil eolas faoina shaol agus a shaothar ar fáil anois ar an suíomh beathaisnéise.

Tá breis is 1,700 beathaisnéis ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, Cló Iar-Chonnacht agus Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.

Ba iad Éilis Ní Anluain, Mártan Ó Ciardha, Seán Mac Labhraí agus Lillis Ó Laoire a sholáthair na cuntais bheathaisnéise is déanaí a cuireadh leis an mbunachar.

Fág freagra ar 'Cuntas beathaisnéise ochtar mórGhael eile curtha le ainm.ie'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Obair iontach amach is amach atá sa mbailiúchán iomlán.