Cúnamh éigeandála d’Éirinn luaite ag Von der Leyen ina céad agallamh mar uachtarán

Tá ráite ag Ursula Von der Leyen, uachtarán nua Choimisiún na hEorpa, gur dócha go gcuirfí cúnamh éigeandála ar fáil d’Éirinn i gcás an Bhreatimeachta chrua

Cúnamh éigeandála d’Éirinn luaite ag Von der Leyen ina céad agallamh mar uachtarán

Tá ráite ag Uachtarán nua Choimisiún na hEorpa Ursula Von der Leyen go bhféadfadh go gcuirfí cúnamh éigeandála d’Éirinn sa chás go mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh.

Dúirt Von der Leyen go gcuirfí an cúnamh sin ar fáil do thíortha amhail Éire mar gurb iad is mó a bheadh thíos le Breatimeacht gan mhargadh.

Dúirt sí go seasfadh an tAE go docht leis na ballstáit is measa a bheadh buailte ag an mBreatimeacht.

Fiafraíodh d’uachtarán nua an Choimisiúin an mbeadh Éire ar cheann de na tíortha a gheobhadh an cúnamh éigeandála toisc go meastar go forleathan go bhfágfadh an Breatimeacht a lorg go háirithe ar an tír seo.

 “Ní fhéadfainn é sin a thuar. Ach is ceart don Eoraip cuidiú leis na ballstáit is measa a bhuailfí,” arsa Ursula Von der Leyen. 

Dúirt Von der Leyen go mbeadh “tionchar an-diúltach go deo” ag Breatimeacht crua ar an dá thaobh, an tAontas Eorpach agus an Bhreatain.

Ag labhairt di in agallamh le nuachtáin Eorpacha, dúirt Uachtarán nua an Choimisiúin gur “margadh maith” a bhí sa chomhaontú aistarraingthe a aontaíodh le Theresa May agus gur ar an gcomhaontú sin a bhunófaí aon chainteanna amach anseo.

Ina céad agallamh ó toghadh í, dúirt Von der Leyen athuair go bhféadfadh go gcuirfí síneadh eile fós leis an mBreatimeacht dá mbeadh ‘cúis mhaith’ ann déanamh amhlaidh.

 

Fág freagra ar 'Cúnamh éigeandála d’Éirinn luaite ag Von der Leyen ina céad agallamh mar uachtarán'