LEABHAIR
Marina Hyde – guth fíorghreannmhar na ndaoine
Marina Hyde
Guardian Faber
Deir Marina Hyde gurb í saintréith an té a bhíonn á chur féin chun cinn mar ‘guth na ndaoine’ nach mbíonn aon acmhainn grinn aige.
Ní mhaífeadh Hyde féin go deo gurb í guth na ndaoine í agus is go neamhghaisciúil a dhéanann sí cur síos ar a cúram mar iriseoir i réamhrá a bailiúcháin nua, What Just Happened?!: Dispatches from Turbulent Times.
Ach pé acu is áin nó nach áin léi é, tá Hyde mar ghuth na ndaoine ag mórán daoine a mbíonn a colúin shearbhasacha ghéarchúiseacha ar an Guardian á léamh acu. Nuair a dhéanann sí a racht a ligean, tá racht á ligean aici don uile dhuine atá bailithe den ‘Binfire of Vanities’, mar a thugann sí féin ar an gcéad chaibidil anseo a insíonn scéal na tubaiste ó reifreann Cameron go dtí Breatimeacht Boris.
Tá gach aon leathanach den saothar seo lomlán le jócanna. Tóg a cur síos ar Nigel Farage, mar shampla. Is é a ‘mhalairt de Midas’ é – ‘he may as well be nicknamed Shitfinger’.
Nó seo í ag sciolladh ar iarPhríomh-Aire: ‘Boris Johnson is so selfish he doesn’t even fly by the seat of his own pants’.
Níl a sárú ann chun an phoimpéis a pholladh ná an fhimíneacht a fheannadh. Sampla maith a comhairle don Daily Express, nuachtán mór Breatimeachta a bhíonn síoraí ag tagairt go fánach míchuí do Hitler: ‘Guys, if you hate Hitler so much, stop publishing front pages that read like future exhibits in a museum show called, ‘Before the Militias’.’
Deir Hyde nach bhfuil aon léargas mór le tabhairt aici faoi shaol na polaitíochta ná aon teoiric mhór le tairiscint aici faoi chás a tíre, ach níl sin fíor ach oiread. Is iad a tabhairt faoi deara diamhair agus a cumas iontach cur síos a dhéanamh ar rudaí agus daoine na buanna is mó atá aici, ach tá siúráil mhorálta ina saothar chomh maith.
Sampla breá di sin an colún ina gcuireann sí easpa tuisceana agus daonnachta Katie Hopkins i gcomparáid le dínit agus misneach deartháir duine de na daoine a maraíodh san ionsaí ar an Manchester Apollo.
Géilleann sí go bhfuil téis mhór amháin aici, is é sin go bhfuil ré pholaitíocht an X-Factor linn. ‘Reality TV is repeating itself as history,’ a deir sí. Cruthúnas atá sna colúin atá cnuasaithe anseo ar fhírinne an ráitis sin.
Ní hí an cholúnaíocht pholaitiúil amháin an t-aon saghas scríbhneoireachta a bhfuil Hyde dea-oilte ann ach oiread agus tá sí ar fheabhas chomh maith ar chúrsaí spóirt agus ar chultúr na gceiliúrán.
Is léiriú iontach ar a cuid buanna chomh maith colúin amhail an ceann faoina dheacra is atá an saol ag daoine mór le rá, dar leo féin.
Deir sí gurb é an moladh is ansa léi ná moladh na ndaoine a deir léi nach léann siad a cuid colún go mbíonn deis acu suí síos tráthnóna le gloine fíona.
Scaoil gloine amach duit féin agus bain taitneamh as duine de shár-iriseoirí a linne.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Keegan agus cumhacht an chineáltais
Claire Keegan
Grove Press
Ní haon rud beag é an cineáltas, mar a léiríonn scéal an leabhair Small Things Like These le Claire Keegan atá ar an ngearrliosta don Booker Prize. Fógrófar an buaiteoir Dé Luain seo chugainn.
I mbeagán focal tarraingíonn Keegan pictiúr chomh glé sin de bhaile beag tuaithe sna 1980idí go n-aireofá go bhféadfá do chos a shíneadh amach agus seasamh isteach ann. Neachtlanna Mhaigdiléana cúlra an scéil, cumhacht na heaglaise agus an Stáit agus comhpháirtíocht an phobail sa gcomhcheilg ar fad. Tá an cúlra seo i bhfolach taobh thiar de phictiúr de shráidbhaile bríomhar agus na daoine ag réiteach don Nollaig.
Trí shúile Bob Furlong, díoltóir breosla, a fheictear an scéal. Fear é a rinne a shaibhreas féin is atá pósta agus ceathrar iníonacha aige. Ina dhiaidh sin féin, tá a chúlra ag breith sna sála air. Cuireann muid aithne air agus é tuirseach is ag obair go dian i lár na tréimhse is gnóthaí den bhliain. Tá sé ag streachailt le scoilt éigin ann féin, scoilt a airíonn sé sa saol atá mórthimpeall air chomh maith.
Ní thuigeann sé féin i gceart céard atá ag cur as dó. Tá an dorchadas ag briseadh isteach ar an mbaile beag tuaithe agus ar intinn Furlong, in ainneoin go ndéarfá go bhfuil ag éirí go maith leis féin is a bhean agus a chlann. Baineann Keegan úsáid as íomhánna dorcha i gcodarsnacht le híomhánna an tsolais le haird a tharraingt ar an míshuaimhneas seo atá i gcroí an scéil.
Dá fhada an oíche tagann an lá agus is gníomh dóchais, cineáltais agus misnigh a dhíbríonn an dorchadas sa mbaile beag in Éirinn na 1980idí a chruthaíonn Keegan go paiteanta. Sin na rudaí beaga is tábhachtaí atá sa saol seo, nach iad? Ní hiad- an cineáltas, an misneach, an chrógacht –ní rudaí beaga iad ar chor ar bith.
TEILIFÍS
Caimiléireacht na n-ollscoileanna
Netflix
Baineadh creathadh ollmhór as ollscoileanna móra Meiriceá in 2019 nuair a thug an FBI chun solais go raibh cúbláil agus breabanna i gceist sa chóras iontrála. Bhíothas ann a bhain súp as na hollscoileanna ardnósacha, santacha agus tuismitheoirí gustalacha, uaibhreacha a bheith in umar na haimléise; schadenfreude má bhí a leithéid riamh ann. Bhí daoine cáiliúla cosúil le Felicity Huffman agus Lori Loughlin ina measc siúd a gcuireadh an tsúil ribe orthu. Sa dráma faisnéise Operation Varsity Blues: The College Admissions Scandal tugtar cuntas ar an gcaimiléireacht seo agus ar an té a bhí ar thosach cadhnaíochta, Rick Singer. Shleamhnaigh an saothar isteach ar Netflix go ciúin tamall ó shin. Tá a thuilleadh iomrá dlite dó.
Is féidir leis an dráma faisnéise a bheith ciotach ó thaobh na drámaíochta go minic. An sop drámaíochta le hais na scuaibe faisnéise. Ní hamhlaidh atá anseo a bhuíochas do léiriú seiftithe agus aisteoireachta ábalta, ó Matthew Modine go háirithe. Go deimhin is annamh go mbíonn piarda mór aisteoireachta le feiscint i saothar den mhúnla seo. Tá na míreanna athchruthaithe bunaithe go hiomlán ar thaifeadtaí cúléisteachta an FBI.
Tugann sin agus an mheitheal bhreá de chloigne cainte téagair don saothar seo a bhogann ar aghaidh ar luas breá. Ceann de na toisí is suimiúla faoin gclár ná an éachtaint a thugtar ar mhífheidhmiúlacht chóras iontrála na n-ollscoileanna. An bús agus an dearcadh caipitlíoch ag cur brú damanta ar dhaoine óga agus ag spreagadh na cúblála.
Bhíodh Singer ag caint tráth lena “chliaint” fé thrí dhoras a bheith ann chun na hollscoile. Sé cumas an scoláire a chinntíonn cead isteach tríd an doras tosaigh agus cinntíonn tabhartais sna milliúin go bhfuil seans agat dul isteach an doras cúil. Bhí taobhdhoras ag Singer a chinntigh go bhféadfadh scoláire éalú isteach mar mháistrí spóirt, mar dhea, le cabhair breabanna agus cur i gcéill. In ainneoin an fhothragtha ar fad níl an córas náireach seo athruithe mórán. Cé go bhfuil taobhdhoras Singer iata (go fóill ar aon nós), tá an doras cúil fós ar oscailt.
Breandán M Mac Gearailt
Fág freagra ar 'CULTÚR: Greann Marina Hyde, cumhacht Claire Keegan agus caimiléireacht na n-ollscoileanna'