LEABHAR
Aistriúchán Béarla ar dhán le scríbhneoir agus seanchaí tréitheach
‘Féirín thar fhéiríní an tsaoil’ a thug ar léirmheastóir ar an dán fada An Craiceann agus a Luach le hEithne Ní Ghallchobhair nuair a tháinig sé amach in 2022 agus níl aon amhras ach gur ag an scríbhneoir agus seanchaí tréitheach seo atá ceann de na guthanna is sainiúla agus is suimiúla dá bhfuil againn i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Beidh deis anois ag daoine an féirín seo de dhán, atá bunaithe ar scéal béaloidis faoi mhaighdean mhara, a scaipeadh níos forleithne agus aistriúchán Béarla soilbhir scaoilte ach stuama déanta ag an bhfile Paddy Bushe air. Arlen House a d’fhoilsigh An Craiceann Agus A Luach/Under Her Skin.
CEARDLANN
Leideanna ó Choimicí Gael
Beidh ceardlann á reáchtáil ag Glór na nGael i gcomhar le Coimicí Gael le Aidan Courtney i dTeach na Cúirte in Uachtar Ard ar an Satharn 23 Márta. Foilsitheoir greannán is ea Coimicí Gael.
Díreoidh Aidan ar conas pictiúir a tharraingt agus féinmhuinín a bheith agat agus tú ag tarraingt. Beidh sé ag trácht ar cad as a dtagann na smaointe don tarraingt agus taispeánfar cén chaoi le leabhrán beag a chur le chéile. Is imeacht saor in aisce é seo a mhairfidh timpeall dhá uair a chloig atá ann agus is í an Ghaeilge teanga na hócáide.
Tá spásanna teoranta agus is fearr áit a chur in áirithe roimh ré.
IRISLEABHAR
Kafka agus ceist na teanga agus Pádraig Ó Chíobháin agus saoirse na mban
Tá fáil anois ar an eagrán is deireanaí den irisleabhar Léann 7: Cumann Léann na Litríochta. Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus taighde bunaidh. Tá taighde ar fhilíocht, ar dhrámaíocht agus ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge san áireamh san eagrán nua. Comhfhiontar é Léann 7 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Luimnigh agus is iad Rióna Ní Fhrighil, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Mícheál B. Ó Mainnín eagarthóirí an irisleabhair.
San eagrán seo tá: ‘An Eochair’, Franz Kafka agus Ceist na Teanga’ le Radvan Markus, ‘An Cultúr Ceilte i Nathanna na Gaeilge’ le Katie Ní Loingsigh; ‘Saothar Phádraig Uí Chíobháin agus Saoirse na mBan’ le Peter Weakliam; ‘Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (1489)’ le Gordon Ó Riain agus ‘Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe agus a Mhuintir’ le Darach Ó Scolaí.
Tá Léann 7 ar fáil ar líne ó Leabhar Breac agus cuma shlachtmhar ríspéisiúil air.
FÉILTE
Imeachtaí Gaeilge ag Cúirt i nGaillimh
Tá clár na féile Cúirt i nGaillimh ar fáil. Beidh an fhéile ar bun i mbliana ón 23-28 Aibreán, an 39ú bliain ag an bhféile idirnáisiúnta litríochta.
Trí ócáid i nGaeilge a bheidh mar chuid de chlár na bliana seo. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ar an Déardaoin, an 25 Aibreá – ócáid leis an scríbhneoir Róise Ní Bhaoill ar bhuaigh a cnuasach gearrscéalta Imram agus Scéalta Eile Gradam Fhoras na Gaeilge do Leabhar Ficsin Gaeilge ag Gradaim Leabhar An Post anuraidh. Beidh Ní Bhaoill ag léamh óna cnuasach ar stáitse na Taibhdheirce agus ag caint faoi na scéalta. Bíodh súil amach agaibh freisin do Idir an Dá Fhearsaid, cnuasach filíochta le Ní Bhaoill atá díreach foilsithe ag Éabhlóid.
Ar an Aoine an 26 Aibreán leanfar leis an togra Dinnseanchas –The Lore of Places a bhí ina chuid de Cúirt cheana. Beidh saothar le Mícheál Ó Ruairc agus Bríd Ní Mhóráin san áireamh i mbliana agus pléifear ábhar an togra in agallamh poiblí ar stáitse na Taibhdheirce. An tríú hócáid a bheidh ar bun ná imeacht do pháistí bunaithe ar an bpictiúrleabhar álainn The Slug and the Snail | An Drúchtín agus an Seilide le Oein DeBhairduin. Leagan Gaeilge é den bhunleabhar a tharraingíonn ar thraidisiún scéalaíochta an lucht siúil in Éirinn. Olya Anime a mhaisigh. Beidh DeBhairduin agus an t-aistritheoir Natalie Ní Chasaide i láthair ag an ócáid seo a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc.
Féile Liteartha Fhrancach-Éireannach 2024
Beidh an 24ú Féile Liteartha Fhrancach-Éireannach ar bun i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 22-24 Márta. Téama na bliana seo ná an léargas a fhaightear sa litríocht chomhaimseartha ar na nascanna stairiúla idir an Fhrainc agus Éirinn.
Is iad Alliance Française i mBaile Átha Cliath agus Ambasáid na Fraince in Éirinn a eagraíonn an fhéile agus is fóram atá ann chun an caidreamh idir an dá thír a láidriú is a chothú le cuidiú na litríochta. I mbliana, beidh dhá scríbhneoir déag ag glacadh páirt sa bhféile idir Éireannaigh agus Fhrancaigh. Ina measc, beidh na scríbhneoirí Gaeilge Diarmuid Johnson agus Ciara Ní É. An t-ábhar cainte a bheidh acusan agus téama na bliana seo ná ‘blas’. Céard is blas ann, agus céard atá i ndán don ‘bhlas’ i ndomhan na hintleachta saorga?
Gach eolas anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Féirín de dhán, coimicí as Gaeilge, Kafka is ceist na teanga agus na Gaeil ag na féilte'