CULTÚR: Dráma i mBaile Átha Cliath faoi fhear as an Spidéal agus sraith ar Disney ar fiú blaiseadh di 

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Dráma i mBaile Átha Cliath faoi fhear as an Spidéal agus sraith ar Disney ar fiú blaiseadh di 

TEILIFÍS

Is fiú blaiseadh de The Bear

An fear óg cumasach, suaite ag filleadh ar an bhfód dúchais ón ngealchathair i ndiaidh bhás duine muinteartha. Seanmhúnla agus meirg air. Ach baintear casadh as an múnla sin sa tsraith thíriúil, ghreannmhar, The Bear (Disney+) a bhfuil na hocht gclár di scaoilte le chéile.

Sa chás seo tá Carmen Berzatto (Jeremy Allen White) ag filleadh abhaile ó chathair Nua-Eabhrac go cathair Chicago. Cócaire oilte cumasach é a fhágann saol na mbialann galánta le ceannasaíocht a ghlacadh ar bhialann gan dealramh a mhuintire. Tá air seo a dhéanamh mar gheall ar fhéinmharú a dhearthár, rud atá ag luí go trom air féin agus ar a mhuintir.

Déanann sé iarracht slacht a chur ar shean-nósanna agus drochnósannna fhoireann stobarnáilte na bialainne, a chol ceathrar glórach, argóinteach Richie (Ebon Moss-Bachrach) go háirithe.

Ní nach ionadh soláthraíonn seo míreanna lán le teannas agus le greann. Tá toise níos sollúnta ag baint leis an saothar chomh maith; tionchar fhéinmharú an dearthár, na fiacha atá ag bagairt ar an ngnó agus saol cortha na foirne. Is meascán mearaí de charachtair atá againn, iad sa mhullach ar a chéile sa bhialann agus cad é leibhéal eatarthu agus gach re sea acu lena chéile.

Lena chois sin ar fad tugtar éachtaint ar ghriothal agus ar fhothragadh obair na bialainne. Ní oirfidh sé don duine anbhách ach sárchlár taitneamhach agus téagartha é seo.

Bheadh aithne ag an lucht féachana ar Allen White óna thaispeántas mar Lip in Shameless Mheiriceá. Níl a shárú ann le tabhairt faoi ról an duine shuaite leochailigh.

Breandan M Mac Gearailt

DRÁMA

Dráma i mBaile Átha Cliath faoi fhear ón Spidéal

No Magic Pill
Amharclann an Civic
Tamhlacht
Go dtí an 9 Deireadh Fómhair

Dráma stáitse é No Magic Pill le Christian O’Reilly (The Good Father, Inside I’m Dancing) bunaithe ar shaol Martin Naughton, feachtasóir ar son cearta do dhaoine faoi éagumas in Éirinn, a cailleadh in 2016 agus é 62 bliain d’aois.

B’as an Spidéal ó dhúchas é Martin agus rinne sé go leor i gcaitheamh a shaoil le dúshlán na réamhchlaonta faoin éagumas a thabhairt.

“Scéal faoin tsaoirse agus faoin neamhspleáchas é,” a dúirt O’Reilly ag caint an stiúrthóra sa Dubhlann i nGaillimh, áit a ndearnadh an chéad léiriú ar an dráma.

Léiriú nuálach, cruthaitheach é inar tugadh aird ar leith ar riachtanais rochtana an chliar agus an lucht féachana. Is é Raymond Keane, duine de bhunaitheoirí an chomplacht amharclannaíochta Barabbas a stiúraigh. Deir Keane gur thug an léiriú tuiscint nua níos leithne dhó ar chúrsaí gluaiseachta agus fisiciúlachta san amharclannaíocht.

Aisteoirí i gcathaoireacha rothaí iad formhór an chliar. Tá Paddy Slattery thar barr i ról Martin Naughton. Tá an cliar ar fad le moladh go mór, Sorcha Curley, Mark Fitzgerald, Ferdia Mac Aonghusa, Julie Sharkey, agus Peter Kearns. Bhí Kearns barrúil i bpáirt Dermot agus d’oibrigh sé mar chomhairleoir amharclannaíochta ar an léiriú freisin.

Léiriú spreagúil é a thugann dúshlán na dtuiscintí coitianta ar an éagumas agus insint ann ar scéal Naughton atá urramach agan a bheith ró-urramach, mar a deirtear a bhí an fear féin.

“Píosa amharclannaíochta é ag deireadh an lae,” a deir Peter Kearns, “ní clár faisnéise.”

Ticéid agus tuilleadh eolais ag an nasc seo: NO MAGIC PILL

Bridget Bhreathnach 

 

Fág freagra ar 'CULTÚR: Dráma i mBaile Átha Cliath faoi fhear as an Spidéal agus sraith ar Disney ar fiú blaiseadh di '