CULTÚR: Clár nua ceoil le Dónall Mac Ruairí agus Joy Dunlop, Ceiliúradh litríochta i nGaoth Dobhair, Cnuasach filíochta le Máire Uí Ráinne

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Clár nua ceoil le Dónall Mac Ruairí agus Joy Dunlop, Ceiliúradh litríochta i nGaoth Dobhair, Cnuasach filíochta le Máire Uí Ráinne

 

Margadh na Nollag in Amharclann Chois Fharraige

Cuirfear Margadh na Nollag ar bun in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar an Domhnach, 7 Nollaig, ón 11:00am go dtí a 4:00pm it a Beidh suas le 20 seastán ag ceardaithe áitiúla ag díol táirgí lámhdhéanta, bia agus deoch. Gealltar neart inspioráide don té atá ar thóir bronntanais Nollag atá speisialta agus sainiúil. Tá scéala faighte go mbeidh aoi an-speisialta ag bualadh isteach go dtí an margadh freisin an lá sin agus cuairteoir ón Mol Thuaidh ar an mbealach le bualadh le gasúir Chois Fharraige. Beidh Daidí na Nollag ag bualadh le gasúir óna 1:00pm. go dtí a 3:00pm Tá saorchead isteach.

 

Péint, cúpla focal agus ól

Bíonn tráthnóntaí péinteála, comhrá agus dí ar bun go rialta i gCultúrlann Uí Chanáin agus tá ceann speisialta beartaithe acu don Nollaig. Oíche réchúiseach shóisialta phéinteála agus bholgaim, an cur síos atá déanta ar ‘Péint, Cúpla Focal & Ól’ agus steall den Ghaeilge caite isteach freisin. Deir lucht a heagraithe nach bhfuil aon taithí péinteála ag teastáil agus go bhfuil fáilte roimh dhaoine atá ar bheagán Gaeilge chomh maith le Gaeilgeoirí líofa.

Treorófar na rannpháirtithe céim ar chéim le saothar ealaíne a chruthú ar an oíche agus beidh canbhás ag dul abhaile le gach duine agus a bpictiúr féin air. Beidh ócáid speisialta na Nollag ar bun tráthnóna Dé Domhnaigh, 14 Nollaig ón 7:00pm go dtí 9:00pm Beidh duais ann don gheansaí Nollag is fearr ar an oíche freisin.

£25 atá ar na ticéid atá tá siad le fáil ag an nasc seo.

 

An Nollaig i gCultúrlann Uí Chanáin

Beidh roinnt imeachtaí éagsúla á gcur ar bun i gCultúrlann Uí Chanáin ag ceiliúradh na Nollag do dhaoine fásta, do theaghlaigh agus do pháistí. Ina measc, cuirfear aonach na Nollag agus imeachtaí do pháistí ar bun ar an Domhnach, 7 Nollaig sa gCultúrlann ón 2:00pm go dtí 4:30pm áit a mbeidh bronntanais Nollaig Ghaeilge ar díol agus beidh an caifé ar oscailt freisin. Tá tráthnóna lán le spraoi na Nollag geallta ag na heagraithe do pháistí agus cuairteoir speisialta ag bualadh isteach ón Mol Thuaidh. Cuirfear imeachtaí ealaíne agus ceardaíochta ar bun i rith na hócáide chomh maith le ceol, damhsa agus go leor eile.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

RAIDIÓ

Clár nua ceoil as Éirinn agus Albain le Dunlop agus Mac Ruairí

Cuireadh tús le seachtain anuas le clár ceoil nua, Fonn, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Comhléiriú atá sa gclár idir RnaG agus BBC Radio nan Gàidheal agus beidh trí chlár déag sa tsraith. Is iad na láithreoirí Dónall Mac Ruairí ó RnaG agus Joy Dunlop ó BBC Radio nan Gàidheal a bheidh ag cur na gcláracha i láthair. Nascann an clár ceol na hAlban agus ceol na hÉireann agus déanann sé ceiliúradh ar an gcaidreamh ceoil atá ann idir an dá thír. Beidh ceol comhaimseartha Éireannach agus Albanach á chasadh ag an mbeirt láithreoirí i rith na gcláracha agus iad á gcur i láthair go dátheangach, Dónall ag caint i nGaeilge agus Joy ag caint i nGàidhlig na hAlban.

Craolfar Fonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Aoine ag a 2:15pm.

TEILIFÍS

Clár speisialta ar TG4 ag ceiliúradh 10 mbliana den chomórtas Junior Eurovision

Beidh clár speisialta á chraoladh ag TG4 Dé Domhnaigh, 7 Nollaig ag Éirinn sa chomórtas JUNIOR EUROVISION – ‘Junior Eurovision: An Deichiú Réalt’. Breathnófar siar ar dheich mbliana d’amhránaithe ag canadh i nGaeilge ar son na hÉireann. Freisin, beidh deis ag an lucht féachana aistear réalt na bliana seo a leanúint – is í sin Lottie O’Driscoll Murray.

Beidh Lottie O’Driscoll Murray as Contae Chorcaí ag canadh ar son na hÉireann i gcomórtas Junior Eurovision 2025 leis an amhrán úrnua ‘Rúin’. Beidh scéal Lottie le feiceáil síos tríd an gclár – ó Bhabhta Ceannais na bliana seo caite, nár éirigh le Lottie a thabhairt léi, go sraith na bliana seo inar bhuaigh sí ‘Junior Eurovision Éire’. Beidh Lottie ar dhuine de na hiomaitheoirí a bheidh ar stáitse i Tbilisi na Seoirsia, i measc amhránaithe as 18 tír eile a bheidh ag glacadh páirt sa chomórtas i mbliana. Beidh an ócáid mhór le feiceáil beo ar TG4, Dé Sathairn, 13 Nollaig 2025.

Craolfar Junior Eurovision: An Deichiú Réalt ar TG4, Dé Domhnaigh an 7 Nollaig ar 7:30pm.

LITRÍOCHT

Ceiliúradh ar an litríocht agus anscríbhneoireacht i nGaoth Dobhair

Cuirfidh na foilsitheoirí Éabhlóid tráthnóna ceiliúrtha leabhar agus scríbhneoirí ar bun i gcomhar le Éilís Ní Dhuibhne, an Laureate don Fhicsean Éireannach i dTeach Jack ar an Satharn, 6 Nollaig. Déanfaidh an ócáid ‘An Bláth Bán’ ceiliúradh ar an mbláthú atá ag teacht ar litríocht nua na Gaeilge, agus ar scríbhneoirí a d’fhoilsigh leabhair nua leis an gcomhlacht Éabhlóid i mbliana. Beidh ceoltóirí áitiúla ann le cur leis an oíche chomh maith le sólaistí agus scoth an chomhluadair, a deir an lucht eagraithe. I measc na scríbhneoirí a bheidh i mbun comhrá le hÉilís Ní Dhuibhne ar an oíche, beidh Brian Mac a’Bhaird, Róise Ní Bhaoill, Aileen Crossley, Cormac Mac Giolla Easpaig, Seán Ó Muireagáin, Pádraig Ó Tiarnaigh agus Máire Dinny Wren.

‘An Bláth Bán’, Teach Jack ar an Ghlaisigh, Gaoth Dobhair, Dé Satharn, 6 Nollaig ag 6:00pm.

SEOLTAÍ LEABHAR

Seoladh Cumraíocht le Máire Uí Ráinne

Beidh an leabhar Cumraíocht le Máire Uí Ráinne á sheoladh ag Ciarán Ó Fátharta i Scoil na Trá Báine, an Trá Bháin, Leitir Móir ar an gCéadaoin, 3 Nollaig. I dTír an Fhia a rugadh Máire Uí Ráinne sa mbliain 1945. Is í an duine is sine de dheichniúr clainne í a bhí ag Michael Mór Ó Conghaile agus a bhean Bríd. Chaith sí 43 bliain ag múinteoireacht idir scoileanna i nDún Locháin, san Aird Mhóir, i Leitir Móir agus ar an Trá Bháin. Thosaigh Máire ag cumadh filíochta go hóg i gColáiste Mhuire agus bhuaigh Comórtas Bailéad Pheait na Máistreás sa mbliain 1984. Tá Máire pósta ag Pádraig Ó Ráinne agus tá triúr clainne acu.

Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc seo.

 

Laoighseach Ní Choistealbha. Pictiúr: Manuela Dei Grandi

Cnuasach filíochta nua le Laoighseach Ní Choistealbha á sheoladh tráthnóna

Beidh dhá leabhar nua á seoladh ag na foilsitheoirí Barzaz i Siopa Leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh tráthnóna inniu, 28 Samhain ag 6pm. Seolfar an cnuasach nua filíochta Mainistir na Feola le Laoighseach Ní Choistealbha ag an ócáid. Seo an dara cnuasach aici agus san áireamh ann tá dánta colainne agus creidimh, dánta faoin teanga agus cearta an duine agus faoin bhfilíocht féin.

Tá léirmheas Tuairisc anseo.

COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA

Comórtas próis do dhaoine óga Scoil Gheimhridh Joe Steve

Tá comórtas próis do dhaoine óga fógartha ag Scoil Gheimhridh Joe Steve agus fáilte á cur roimh iarratais. Is comórtas do dhaltaí bunscoile agus meánscoile atá anseo agus rannóga  éagsúla ann. Is iad na catagóirí atá ann ná Catagóir A do dhaltaí ó Rang 1 go Rang 3 agus 300 focal san iarratas. Tá Catagóir B dírithe ar Rang 4 go Rang 6 agus 500 focal atá á lorg. Do lucht dara leibhéal, tá Catagóir C do dhaltaí ó Bhliain 1 go Bliain 3 agus 750 focal atá ag teastáil sna hiarratais sin. Ar deireadh, tá Catagóir D ann do scoláirí ó Bhliain 4 go Bliain 6 agus 1,250 focal atá á lorg sna hiarratais sin.

Iarrtar ar na scríbhneoirí óga saothar próis a scríobh agus a rogha a dhéanamh as 6 théama éagsúla – 1. An Cat sa mBosca, 2. An Seanteach, 3. Cic sa Tóin, 4. Ní raibh mé in ann stopadh ag gáire, 5. Torann san oíche, agus 6. An t-am a ndeachaigh mé i bhfolach ar mo Mhama.

Is é Dé hAoine, 12 Nollaig, an spriocdháta agus is féidir na hiarratais a fhágáil isteach ag amharclann Chois Fharraige nó iad a chur sa bpost. Meabhraíonn an lucht eagraithe do na scríbhneoirí óga a bheith cinnte go gcuirfidh siad a n-ainm lena n-iarratas.

Tuilleadh eolais ar fáil ó Amharclann Chois Fharraige.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Clár nua ceoil le Dónall Mac Ruairí agus Joy Dunlop, Ceiliúradh litríochta i nGaoth Dobhair, Cnuasach filíochta le Máire Uí Ráinne'