Cúlra teanga conspóideach ag Heather Humphreys ach cúrsa Gaeilge amháin ar a laghad déanta aici

Tá ceist líofacht na Gaeilge a bheith ag iarrthóirí an toghcháin uachtaránachta go mór i mbéal an phobail san fheachtas go dtí seo

Cúlra teanga conspóideach ag Heather Humphreys ach cúrsa Gaeilge amháin ar a laghad déanta aici

Rinne Heather Humphreys, atá ina rogha na coitiantachta faoi láthair don uachtaránacht, iarracht amháin ar a laghad an Ghaeilge a fhoghlaim le linn di a bheith ina haire rialtais.

Cé go raibh an cháil ar Humphreys gur beag spéis a bhí aici sa teanga ná i gcás na teanga nuair a bhí sí ina haire sinsearach i Roinn na Gaeltachta idir 2014-2017, tuigtear do Tuairisc go ndearna sí cúrsa samhraidh Gaeilge cúpla bliain ina dhiaidh sin.

Chuir Tuairisc sraith ceisteanna faoin nGaeilge chuig Heathar Humphreys, a meastar a gheobhaidh ainmniúchán Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta, ach níl freagra faighte againn ar na ceisteanna sin go fóill.

Tá ceist líofacht na Gaeilge a bheith ag iarrthóirí an toghcháin uachtaránachta go mór i mbéal an phobail san fheachtas go dtí seo. Dúirt an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly le Tuairisc, mar shampla, gur chóir gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán. Tá geallúint tugtha ag Connolly go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” a hoifige dá dtoghfaí í.

Le linn di a bheith ina haire fiontair agus gnó in 2019, rinne Heather Humphreys cúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Fhinne sa nGaeltacht Láir i nDún na nGall.

Bhain conspóid, áfach, lena tréimhse mar aire Gaeltachta, go háirithe ó tharla nach raibh Gaeilge ag an té a ceapadh ina aire stáit sa roinn léi in 2014, Joe McHugh.

Cé gur éirigh le McHugh roinnt Gaeilge a fhoghlaim nuair a ceapadh ina aire stáit Gaeltachta é, níor bhac Heather Humphreys mórán leis an teanga ar chor ar bith.

Dúirt foinse amháin a bhíodh ag plé le cás na Gaeilge go náisiúnta an tseachtain seo nach cuimhin leis gur bhain Humphreys aon rud mór ar chor ar bith amach don Ghaeilge ná don Ghaeltacht agus í ina haire i Roinn na Gaeltachta. Níor chuimhin leis gur chas sí le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le linn na mblianta sin.

“Ní cuimhin liom gur chuir sí mórán spéise sa teanga ná sna rudaí a bhí ar chlár oibre na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an am. Ní fhéadfainn a rá gur bhain sí aon rud mór ar chor ar bith amach don Ghaeilge ná do phobal na Gaeltachta nuair a bhí sí ina haire Gaeltachta.

“Ní cuimhin liom go raibh aon chruinniú aici féin riamh le heagraíocht Ghaeilge. D’fhágadh sí faoin aire stáit sa Roinn na cruinnithe sin a dhéanamh,” a dúradh.

Agus í ina haire sinsearach Gaeltachta, dhiúltaigh Heather Humphreys cruinnithe a bheith aici le heagraíochtaí Gaeilge agus dúirt sí gur cúram don aire stáit a bhí ansin.

I mí Iúil 2016, dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin, a thug sí a céad chuairt oifigiúil mar aire ar cheantar Gaeltachta.

I mí Dheireadh Fómhair, d’iompaigh an craoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra ar an mBéarla ar a chlár Cormac ag a Cúig ar RnaG agus é ag impí Heather Humphreys glacadh lena chuireadh chun agallaimh.

An bhliain chéanna, 2016, dúradh gur ‘masla’ a bhí ann nach raibh Heathar Humphreys i láthair do ráitis faoin nGaeilge a tugadh sa Dáil.

Dúirt sí ag an am gur mó dochar ná maitheas a dhéanann daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoi easpa Gaeilge daoine eile.

Dúirt Humphreys an uair sin go raibh iarracht déanta aici ó ceapadh ina haire ealaíon, oidhreachta agus Gaeltachta í an Ghaeilge a fhoghlaim agus go raibh sé i gceist aici treisiú ar na hiarrachtaí sin sna blianta ina dhiaidh sin.

Dúirt sí go mb’fhearr ‘obair as lámh a chéile’ ar son na teanga seachas ‘a bheith ag tabhairt amach’ agus gur chóir gach duine a mhealladh i dtreo na teanga fiú ‘mura mbeadh againn ach cúpla focal’.

I measc na bpolaiteoirí eile a rinne cúrsaí Gaeilge le hOideas Gael, bhí an t-iaruachtarán Mary McAleese, a rinne cúrsaí go leor leis an gcoláiste Gaeilge.

Cainteoirí Gaeilge iad roinnt de na daoine a bhfuil spéis léirithe acu i dtoghchán uachtaránachta an fhómhair, Éamon Ó Cuív agus Mary Hanafin ó Fhianna Fáil ina measc.

Tá roinnt Gaeilge ag an té is déanaí atá á lua le Fianna Fáil agus an toghchán, Jim Gavin, iarbhainisteoir fhoireann peile Bhaile Átha Cliath.

Tá roinnt Gaeilge freisin ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, nach bhfuil cinneadh déanta go fóill aici faoina hainm féin a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'Cúlra teanga conspóideach ag Heather Humphreys ach cúrsa Gaeilge amháin ar a laghad déanta aici'