CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Cuimhnímis ar Dessie Charlie, Dick Albert, Proinsias Bruton, Bertie Gormley…

Gach iriseoir a chuala ár léirmheastóir raidió ó mhaidin, luaigh siad gurb é seo an feachtas is giorra riamh – 22 lá – ach a Mhaighdean Bheannaithe, is mór an tamall 60 nóiméad féin don chlabaireacht

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Cuimhnímis ar Dessie Charlie, Dick Albert, Proinsias Bruton, Bertie Gormley…

Maire Column2

Chaith mé úlla lofa amach faoin gcrann agus thosaigh cath na bpunann idir dhá lon dubh a raibh riar a gcoda go maith orthu théis an gheimhridh.  Thall sa gcúinne bhí an fíbín céanna ar na hiriseoirí a bhí ag éisteacht le hiomarbhá na bpolaiteoirí a bhí ag Seán O’Rourke ar RTÉ Raidió 1. Ba léir go raibh gach páirtí réidh lena gcuid áilleagán a spáint agus féasta na n-iriseoirí tosaithe. Bhí an liathróid caite isteach ag an Taoiseach. Bhí giolla ag Áras an Uachtaráin le n-inseacht dúinn céard a dhéanfadh Kenny agus an tUachtarán. Ag imirt póló, ag fiach fianna, ag ithe bruithneoige, nó an ngabhfaidís amach ar an bhfair do? Bhí goib órga na lon dubh ag éirí níos taitneamhaí.

Caithfidh na Ciarraígh an córas gutháin a fheabhsú más mian linn Healy-Rae a chloisteáil mar tachtadh san aer agus é ag fógairt gurbh iad cleas Joan agus Enda na sprionlóirí ba thútaí a casadh sa tír seo riamh.  ‘Is dóigh gur sa Black Valley atá sé,’ arsa Seán, agus ar ndóigh ní bheadh aon ghnó de ghuthán sa Mhongóil!

Seasmhacht agus greim stuama ar an halmadóir, a deir Fine Gael. Cothrom na Féinne do chách, a deir Fianna Fáil. Airgead  agus a roinnt, paidir na nDaonlathach Sóisialach, ní ardóidh ná ní laghdóidh siad cáin agus tá siad féin agus an IMF ar an deichniúr céanna. Ní mé arb é Stephen Donnelly an chéad duine riamh a luaigh an IMF mar dhea-phoiblíocht! Bhí plean cánach ag Billy Timmins ón bpáirtí sin nach Gaeilge ná Béarla a ainm agus é coisricthe ag KPMG agus é ag moladh cáin 23% ar chuile dhuine againn, toghlaigh aon suíocháin agus Gardaí ag obair go mbeidh siad 63. Tá tiachóigín rúnda ag Piaras Ó Dochartaigh agus ag Paul Murphy agus seans go roinnfidís é le haon duine a thabharfadh coirnéal den leaba dóibh. Théis The Big Short a fheiceáil ní fhéadfaidís níos mó dochair a dhéanamh ná a dhéanann  cneámhairí measúla an chórais airgeadais.

Thaitin madra beag Twitter Fhianna Fáil le John Downing, an Lucht Oibre ar garda ar Fhine Gael ach cleas contúirteach, dar leis, a bheith i do ‘mudguard’ ag páirtí eile. Ní fiú aird ar bith a thabhairt ar pháirtithe agus iad ag rá nach ndéanfaidh siad comhrialtas le dream eile. Nuair a thiocfas an crú ar an tairne ar an 10 Márta, chun leas na tíre agus toisc a mbreith stuama a bheith tugtha ag an bpobal, déanfar rialtas. Cuimhnímis ar Dessie Charlie, Dick Albert, Proinsias Bruton, Bertie Gormley! Dar le Harry Magee, tá athrú mór ar an tír seo ó laethanta an dá pháirtí go leith (i gcead do Shéamus Ó Conaola), tá na teorainneacha athraithe, tá níos lú teachtaí le toghadh, tá cuótaí ban ann agus beidh céatadán níos mó den vóta ó iarrthóirí leis an gcraobh a bhaint.

Focal comhairle do na hiarrthóirí – is é Kenny an teachta is faide sa Dáil, tá Micheál Kitt ag imeacht ar pinsean théis 42 bliain ag rialú na tíre i ngan fhios don saol mór – is mairg a bheadh réabhlóideach ná glórach ar na meáin náisiúnta.

Aisteach go leor bhí mír i bhfad níos spéisiúla ag Seán O’Rourke ina dhiaidh sin le síceolaí agus é ag cur síos ar an naircisíocht, galar a bhíonn ar dhaoine a cheapann gurbh iad féin a rug iad féin. Galar ceart atá ann a chuireann isteach ar oibriú na hinchinne agus tosaíonn tú do do chreidiúint féin, fiú nuair a cheapann chuile dhuine atá thart ort gur seafóid cheart do chuid cainte. Is galar é seo nach féidir leis an othar é a aithneachtáil air féin agus cuid lárnach é den chultúr macho. Bean amháin níor labhair leis an Ruairceach, nó má labhair níor chuala mise í!

Gach iriseoir a chuala mé ó mhaidin, luaigh siad gurb é seo an feachtas is giorra riamh – 22 lá – ach a Mhaighdean Bheannaithe, is mór an tamall 60 nóiméad féin den chlabaireacht. Agus pé scéal é, is cosúil gur giolcaireacht a bhuafas an cath – dar leis na saineolaithe siúd. Is mise atá sásta go bhfuil mé róleisciúil leis an tír a tharrtháil ó na dreamanna eile sin agus nach mbeidh ormsa cosán an tslánaithe a aimsiú don tírín seo.

Ba bhinne liom féin giolcaireacht mo chuid lon dubh agus is mó a mhúinfidís dom mar faoi dheireadh an chláir bhí an péire ag placadh an úlla in éineacht!

Fág freagra ar 'CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Cuimhnímis ar Dessie Charlie, Dick Albert, Proinsias Bruton, Bertie Gormley…'