‘Cúis cheiliúrtha’ agus ‘cúis bhróid’ é aistear foghlama teanga Aire na Gaeltachta – An Taoiseach

Admhaíonn an Taoiseach ar chlár faisnéise gur cúrsaí tíreolaíochta ba mhó ba chúis leis an gcinneadh Joe McHugh a cheapadh mar Aire fiú agus gan líofacht sa teanga aige

An Taoiseach Enda Kenny agus  Joe McHugh Pictiúr:Leon Farrell/RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny agus Joe McHugh. Pictiúr:Leon Farrell/RollingNews.ie

Is ‘cúis cheiliúrtha’ agus ‘cúis bhróid’ é aistear foghlama teanga Joe McHugh agus ní cheart go ngoillfeadh sé ar éinne gur roghnaíodh Teachta Dála gan Gaeilge mar Aire Gaeltachta, a deir an Taoiseach Enda Kenny.

Tugann an Taoiseach an méid sin le fios agus é faoi agallamh ag an iriseoir Máire Treasa Ní Cheallaigh do Fine Gaeilgeoir, clár nua faoi aistear teanga McHugh a chraolfar amárach ar RTÉ Raidió a hAon.

“It’s not a case of people saying this is something inferior here, in fact they should be more than proud of the fact that somebody who lost his Irish has actually relearned it.

“That’s a source of celebration and a demonstration that anyone can do this. So, far from being put out by it, they should be welcoming the fact here’s someone who actually applied himself, went down to Oideas Gael and has come back able to converse in the native tongue,” a deir an Taoiseach.

Admhaíonn an Taoiseach ar an gclár gur cúrsaí tíreolaíochta ba mhó ba chúis leis an gcinneadh McHugh a cheapadh thar Theachtaí Dála eile a bhfuil an teanga ar a dtoil acu.

Anuas air sin, luann sé go bhfuil McHugh ar an bhfód le tamall maith de bhlianta agus go raibh baint aige sin lena chinneadh chomh maith.

“He’d been around for a while and obviously it’s a nice thing to be able to shuffle a team and obviously Donegal would have been left without anybody  in Government if you didn’t replace Dinny McGinley with another representative.

“So not just for geographical reasons but for the fact that he’s been around a while.”

Géilleann an Taoiseach nach lia duine ná tuairim i gcás cheapachán McHugh ach seasann sé lena chinneadh.

“You can make judgements as to who you appoint, from there point of view you’re probably right, but from other points of view, you’re probably wrong, but you fill the positions.”

Dar le Kenny gur ceapachán tábhachtach a bhí ann sa tslí is gur chuir sé ar a súile do chách gur féidir le héinne, pé acu ón nGaeltacht iad nó nach ea, an Ghaeilge a shealbhú ach iarracht a dhéanamh.

“In this case I thought it was an important signal to everybody else that here’s somebody who has a responsibility now who had lost his Irish, to go and learn and to prove to everybody that this is possible. Get on with it and you’re going to carry it for the rest of your life. That’s the big prize.”

Deir an Taoiseach le Ní Cheallaigh gur ‘cúis cheiliúrtha’ agus ‘cúis bhróid’ é aistear foghlama teanga Joe McHugh.

“If you asked Joe McHugh a year ago a couple simple questions in Irish he couldn’t answer you. Now he can, and this is an Irish citizen…

“It’s not a case of people saying this is something inferior here, in fact they should be more than proud of the fact that somebody who lost his Irish has actually relearned it. That’s a source of celebration and a demonstration that anyone can do this. So far from being put out by it, they should be welcoming the fact here’s someone who actually applied himself, went down to Oideas Gael and has come back able to converse in the native tongue.”

Déanann McHugh cur síos sa chlár a chraolfar amárach ar a chuid iarrachtaí an teanga a fhoghlaim agus ar conas a bhraith sé nuair a cuireadh in iúl dó gurb é a bheadh ina Aire Gaeltachta.

“I knew there was going to be trouble ahead… I ceartainly wasn’t walking on clouds,” a deir Aire Stáit na Gaeltachta.

Deir McHugh go raibh sé chomh neirbhíseach sin faoina easpa líofachta i dtosach na haimsire gur tháinig a chuid dualgaisí idir é agus coladh na hoíche.

Tagraíonn an tAire Stáit chomh maith d’fhíseán grinn a rinne Tuairisc.ie faoina aistear teanga agus a dhúil sa bhfocal ‘smugairle róin’.

Bhain an físeán siar as, a deir sé, ach mheas sé gur deineadh go maith é. Craolfar Fine Gaeilgeoir ag a haon a chlog amárach, Dé Sathairn.

Fág freagra ar '‘Cúis cheiliúrtha’ agus ‘cúis bhróid’ é aistear foghlama teanga Aire na Gaeltachta – An Taoiseach'

  • Seán de Búrca

    Ní go rómhinic a fhágaim freagraí ar Tuairisc.ie ná ar an Journal ach chuir cacamas Kenny fearg ceart orm. Táim ag éirí bréan de bheith ag éisteach leis an mbolscaireacht so go léir a spalpann Kenny amach i leith McHugh. Deireann sé gur ar mhaithe leis an dteanga a cheapadh McHugh mar Aire na Gaeltachta. Go mbeadh McHugh ina eiseamláir dúinn go léir agus go mbeadh an teanga go líofa aige. In ainm Dé chaith sé dhá sheachtain i nDún na nGall agus b’shin an méid! An gceapann sé dáiríre gurbh fhéidir le héinne an teanga a fhoghlaim taobh isitgh de bhliain amháin. Is léir gur beag an beann atá ag Kenny ar lucht labhartha na Gaelainne ach fós áitíonn sé go seasann sé ar thaobh na teangan. Níl ach damáiste déanta aige go dtí anois agus ní fada eile a mhairfidh an Ghaelainn leis an bhfear san mar Thaoiseach! ‘Is seoid í an Ghaeilge, aistear foghlama, twenty year plan’ – a leithéid de chac.

  • R ua Ruairc

    ‘from there point of view you’re probably right, but from other points of view, you’re probably wrong…’ Tar ar ais Bertie.

  • Shane

    Só chun mo chuid taighde a dhéanamh d’éist mé mé leis an gclár ar an suíomh RTÉ Raidió 1. Bhí sé pianmhar le héisteacht. idir an droch-Ghaeilge agus an míchompoird a bhí ar an McHugh féin. Is beag nach raibh trua is comhbhrón agam don Aire Stáit agus a easpa chumais – ach ansin mheabhraigh mé gur air féin agus Enda ata an locht is milleán agus d’imigh an comhbhrón gan mhoill.

    Chuir sé an clár BBC “The Office” i gcuimhne dom: an an bainisteoir David Brent (Ricky Gervais) gan clú faoina phoist féin nó a neamhábaltacht agus é ag caint seafóide gan é a bheith ar eolas aige féin cad a bhí sé a rá . Má tá aon duine a iarraidh “geandrámaíocht na n-earráidí” agus píosa “bheach sé greannmhar murach é a bheith chomh náireach”, éist leis.

    Ar aon chaoi: bhí an trácht seo scríofa ar an Journal faoin scéal ag “”Críostóir Ó Faoláin”:

    “Tá an cheart aige, tá méadú tar éis teacht ar líon na cainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht. An fadhb ná, tháinig méadú níos mó fós ar líon na Béarlóirí sa Ghaeltacht le linn an tréimhse cheana. Mar sin, bhí laghdú ar céadatán na cainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht. (Bhí méadú i cúpla Gaeltacht, ar nós Gaeltacht na nDéise, ach ar an iomlán is laghdú a bhí ann.)”

    An bhfuil aon fhirinne sa trácht sin?? – tá an-amhras orm……