Cuirtear dualgas reachtúil ar na seirbhísí sláinte tús áite a thabhairt don leas poiblí ar a gcáil féin

Tá scannail a bhaineann le seirbhísí sláinte á bhfiosrú thuaidh, theas agus thall i Sasana – baineann siad uile le cultúr féinchosantach na rúndachta

Cuirtear dualgas reachtúil ar na seirbhísí sláinte tús áite a thabhairt don leas poiblí ar a gcáil féin

Ospidéal Royal Victoria

Seachtain ó shin fuair 2,500 othar litir ó Iontaobhas Sláinte Bhéal Feirste á nglaoch ar ais le haghaidh comhairle éigeandála maidir lena gcúram ó néareolaí. Taca an ama chéanna bhí drochscéalta á bhfáil ag mná sa Phoblacht faoi thástálacha ailse i muineál na broinne. Anuas air sin, tháinig sé chun solais i Sasana go bhfuair 270 bean bás le hailse bhrollaigh ó rinneadh faillí i scagthástáil ar 450,000 bean.

Bhí obair an néareolaí, an Dr Watt á scrúdú ag na húdaráis i mBéal Feirste ó mhí na Nollag 2016. Níor ceadaíodh don Dr Watt aon teagmháil a bheith aige le hothair ó Mheitheamh na bliana seo caite. Mar sin féin, níor cuireadh na hothair ar an eolas go dtí anois; ina measc tá daoine a bhfuil na galair néarón luadrach, scléaróis iolrach agus siad ar an inchinn ag cur as dóibh. Tá seisiúin speisialta á reáchtáil ag néareolaithe gach Satharn as seo go ceann trí mhí mar chéad chéim i bhfuascailt na géarchéime seo.

I gcás an scannail i Sasana mhaígh an comhlacht teicneolaíochta a bhí freagrach as fógraí a sheoladh amach gur chuir siad na húdaráis ar an eolas bliain ó shin go raibh grúpa ban a bhí i dteideal scagthástálacha fágtha as an áireamh ag an gcóras; chuir na húdaráis sláinte an locht ar an gcomhlacht a dúirt gur lean siad na treoracha a tugadh dóibh. Ó dheas, níor cuireadh mná ar an eolas faoi thorthaí an iniúchta ar thástálacha cé go raibh ailse nó baol ailse i muineál na broinne ar roinnt díobh.

Tá na ‘botúin’ seo ar fad á bhfiosrú anois, i dTuaisceart Éireann, sa deisceart agus i Sasana ach ní gá a bheith i do chancrán lena mheas go mbaineann siad uilig le cultúr féinchosantach rúndachta i seirbhísí sláinte. Ba é sin breithiúnas an bhreithimh Ardchúirte, Sir John O’Hara a d’eisigh tuairisc a bhí géarcháinteach ar an 31 Eanáir faoi iompar dochtúirí agus bainisteoirí.

Bhí an Breitheamh O’Hara i gceannas ar fhiosrú a bunaíodh in 2004 faoi pháistí a fuair bás in ospidéil. Scrúdaigh sé bás triúr páistí agus imeachtaí tar éis bhás beirte eile. Bhí na páistí idir 17 mí d’aois agus 15 bliain. Chinn an fiosrú go raibh bás ceathrar as an gcúigear inseachanta. Rinneadh neamart i gcúram Adam Strain, Claire Roberts agus Raychel Ferguson.

Nocht an Breitheamh O’Hara liodán de na deacrachtaí a bhí ag an bhfiosrú agus é sa tóir ar fhíricí.

I gcás Adam Strain, 4 bliana d’aois, a fuair bás in ospidéal na leanaí i mBéal Feirste i 1995, ceileadh faisnéis faoinar tharla d’Adam san obrádlann agus caitheadh go mímhacánta, cosantach leis an bhfiosrú.

San ospidéal céanna a cailleadh Claire Roberts, 9 mbliana, i 1996 – rinneadh forcheilt ar eolas agus cuireadh moill ar thuairisc faoina bás chuig an gCróinéir “chun scrúdú a sheachaint”. 17 mí d’aois a bhí Lucy Crawford a aistríodh ó ospidéal na hÉirne go Béal Feirste – chinn an fiosrú go raibh an cúram a fuair sí easnamhach. Aistríodh Raychel Ferguson, 9 mbliana, ó Dhoire go Béal Feirste. Fearacht na bpáistí eile fuair sí bás de bharr hyponatraemia – easpa sóidiam sa bhfuil i ngeall ar lochtanna ar chóireáil infhéitheach. Bhí drogall ar chliniceoirí lochtanna a admháil, a dúirt O’Hara. Bhí pairilis cheirbreach ar Conor Mitchell, 15, a fuair bás i mBéal Feirste tar éis cóireáil lochtach a fháil san ospidéal in Craigavon.

Bhí sé sách dona gur chaill tuismitheoirí a bpáistí de bharr droch-chúram ach masla i gceann na héagóra ab ea an séanadh agus an cheilt eolais. An ndéanfaidh nochtadh na lochtanna aon difear? I bhfianaise na tuarascála agus an diancháineadh a rinne an Breitheamh O’Hara orthu d’admhaigh Boird Sláinte Bhéal Feirste, an Iarthair agus an Deiscirt go ndearnadh botúin. Gheall an Roinn Sláinte go gcuirfí tascfhórsa i bhfeighil fheidhmiú na moltaí a rinne an Fiosrú.

Chífimid. Thar aon ní eile, mhol O’Hara go mbeadh iachall ar lucht leighis – idir chliniceoirí agus bhainistíocht – insint do theaghlaigh nuair a dhéantar botún nó teip agus a bheith oscailte, macánta leo. Tá sé chun bualadh leis an tSeirbhís Cróinéireachta an tseachtain seo chugainn chun plé a dhéanamh ar na laigí a chonaic sé ar an gcóras nuair nár tuairiscíodh bás linbh in ospidéal in am cuí agus gur ceileadh cad ba thrúig bháis di.

Ba cheart na fíricí sin ar fad a bheith tugtha do mhuintir na bpáistí – gan fiosrú poiblí a bheith riachtanach chun an t-eolas a shracadh astu sin a bhí freagrach. Is é an scéal céanna é leis na scannail reatha faoi fhadhbanna néareolaíochta agus tástálacha ailse. Tá athrú cultúir riachtanach. Ní leor féinriail. Cuirtear dualgas reachtúil ar na seirbhísí sláinte tosaíocht a thabhairt don leas poiblí ar a gcáil féin.

Fág freagra ar 'Cuirtear dualgas reachtúil ar na seirbhísí sláinte tús áite a thabhairt don leas poiblí ar a gcáil féin'