Is cuimhin liomsa an sceoin a bhain leis an teorainn, na saighdiúirí agus gunnaí ar iompar acu…

Tá na cuimhní cinn ón tseanaimsir ag teacht ar ais ag cuid againn atá san aois gur cuimhin linn mar a bhíodh an saol nuair a bhí an teorainn ina neart

Is cuimhin liomsa an sceoin a bhain leis an teorainn, na saighdiúirí agus gunnaí ar iompar acu…

Pictiúr: LEON FARRELL/PHOTOCALL IRELAND!

Fuair alt a scríobh Dearbhail McDonald, eagarthóir gnó ghrúpa an Independent, faoi oidhreacht na teorann i nuachtán an Guardian le gairid ardmholadh agus tharraing an t-alt go leor airde ar na meáin shóisialta.

Rinne sí cur síos taibhsiúil ar chuimhní a hóige ar an teorainn; oifigigh chustaim, Gardaí agus saighdiúirí ag stopadh carranna, soilse strainséartha sa dorchadas agus an imní ar fad a bhain leis.

An teannas ar éadan a hathar, a máthair ag cur fainic ar na páistí fanacht socair sa suíochán cúil, agus an t-athrú a thagadh ar an atmaisféar sa gcarr a luaithe agus a d’fheicfí an solas ag scaladh ag fógairt ionad seiceála.

Tá go leor de na cuimhní céanna agam féin. Bhí muid ar cheann den bheagán teaghlach ar m’aithne a thugadh cuairteanna rialta thar teorainn sa 1970idí agus sna 1980idí. Bhí suim ar leith ag m’athair, go ndéana Dia trócaire air, i stair agus i bpolaitíocht an Tuaiscirt. Chuir sé suim ar leith freisin i bhfás agus forbairt ghluaiseacht na teanga sna sé chontae.

Théadh muid ar saoire mar theaghlach go Baile an Chaistil i nGlinnte Aontroma beagnach chuile bhliain.

Dá bharr sin, cuimhním ar an teannas a ndearna Dearbhail McDonald cur síos air. Cuimhním ar na hionaid sheiceála ar an teorainn agus na geataí slándála i lár Bhéal Feirste. Is cuimhin liom an t-iontas mar chailín beag saighdiúirí a fheiceáil ar na sráideanna agus gunnaí ar iompar acu. Cuimhním ar na scuainí ag an teorainn. Mná tí i dtithe lóistín ag rá linn a bheith cúramach agus muid ag dul amach ag spaisteoireacht.

Tá na laethanta sin imithe le hos cionn fiche bliain anois, buíochas le Dia. Tá athrú ó bhonn ar an saol i dTuaisceart Éireann. Agus tá go leor de na fadhbanna a bhí ann ligthe i ndearmad. Dea-scéal agus sampla don domhan ar fad, nó gur tháinig an Breatimeacht ar an bhfód. Tá na cuimhní cinn ón tseanaimsir ag teacht ar ais ag cuid againn atá san aois gur cuimhin linn mar a bhíodh an saol nuair a bhí an teorainn ina neart. Tá glúin eile fásta suas nach bhfuil aon chuimhne acu ar an teorainn. Agus nár lige Dia go mbeadh.

Sin an pointe a gcaithfidh muid ar fad aird a thabhairt air san anonn agus anall síoraí seo faoin mBreatimeacht. Tá deacrachtaí trádála, eacnamaíochta agus talmhaíochta i ndán dúinn. Níl iontu sin ach scéal thairis nuair a chuimhníonn tú ar an scéal daonna a bhaineann lenár dteorainn. Ní thuigeann Theresa May an fhadhb. Níor mhair sí ann. Tá Leo Varadkar chomh hóg agus gur ar éigean is cuimhin leis féin í.

Is cuimhin liomsa an sceoin agus an imní a bhain leis an teorainn. Agus ní bhíodh mise á trasnú ach uair nó dhó sa mbliain. Tá trua mo chroí agam do na pobail a bhfuil uafás na teorann mar a bhíodh á mheabhrú dóibh in athuair. Agus gan aon chosúlacht go bhfuil fuascailt ar an scéal. Níl sé chomh simplí le próiseáil bainne agus luach na gcaorach. Tá croí agus anam cheantar na teorann i gceist. Tá súil agam go n-aithneofar é sin.

Fág freagra ar 'Is cuimhin liomsa an sceoin a bhain leis an teorainn, na saighdiúirí agus gunnaí ar iompar acu…'