Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2024

Eva Noone (Peil) Is cinnte go raibh súil ghéar á coinneáil ag bainisteoir nua fhoireann ban na Gaillimhe, Daniel Moynihan, ar chluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin agus a dtríú craobh as a chéile buaite ag Cill Chóirín-Cluain Bheirn. Léiriú eile a bhí sa bhua sin ar […]

Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2024
Eva Noone ag imirt le Gaillimh. Pic: INPHO/Evan Treacy

Eva Noone (Peil)

Is cinnte go raibh súil ghéar á coinneáil ag bainisteoir nua fhoireann ban na Gaillimhe, Daniel Moynihan, ar chluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin agus a dtríú craobh as a chéile buaite ag Cill Chóirín-Cluain Bheirn. Léiriú eile a bhí sa bhua sin ar an tallann atá i nGaillimh agus ábhar dóchais é sin ag Moynihan. 

Ba í Eva Noone a roghnaíodh mar laoch na himeartha sa chluiche ceannais tar éis di sé phointe a scóráil i gcoinne Bhaile Mhac Cairbre agus d’fhéadfadh bliain mhór a bheith roimpi i ngeansaí an chontae. 

Is mar ionadaí a d’imir Noone sna trí chluiche craoibhe a bhí ag Gaillimh anuraidh ach leis an mianach agus an cumas a léirigh sí do Chill Chóirín-Cluain Bheirn in 2023, d’fhéadfadh sí áit a bhaint amach ar an bhfoireann ón tús i mbliana, rud atá déanta cheana féin ag beirt deirfiúracha léi, Lynsey agus Hannah. 

Tá coisíocht iontach ag Eva agus is ag iarraidh deiseanna ar chúil a chruthú a bhíonn sí i gcónaí ach léirigh an tosach 20 bliain d’aois go bhfuil sí breá ábalta an deis ar phointe a thapú nuair is gá agus tá scóranna aimsithe aici leis an dá chos i gcluiche ceannais na hÉireann. 

Imreoir Chúige Laighean, Ciarán Frawley. Picl INPHO/Laszlo Geczo

Ciarán Frawley (Rugbaí)

Agus slán fágtha le Johnny Sexton, an cheist is mó atá ag dó na geirbe ag lucht tacaíochta rugbaí na hÉireann ná cé a bheidh mar leathchúlaí amuigh againn i gCraobh na Sé Náisiún i mbliana. Bhí an t-ádh linn in Éirinn go raibh imreoirí ar chumas Sexton agus Ronan O’Gara i ngeansaí uimhir a deich le nach mór scór bliain anuas agus deis ann anois ag fear eile an cúram sin a ghlacadh. 

Ba iad Ross Byrne agus Jack Crowley a tugadh go dtí Corn an Domhain agus Crowley ag teacht isteach in áit Sexton den chuid is mó sa Fhrainc ach tá beirt eile ó chúige Laighean, Ciarán Frawley agus Harry Byrne, deartháir Ross, anois san iomaíocht chomh maith. 

Agus Ross gortaithe i láthair na huaire, thosaigh Harry an cluiche in aghaidh La Rochelle i gCorn na gCuradh ach tháinig Frawley isteach ina áit agus is é a thosaigh an tseachtain dár gcionn in aghaidh Sale. Tá Frawley mór agus láidir agus coisíocht mhaith aige chomh maith. Má éiríonn leis geansaí uimhir a deich sin a choinneáil i gcúige Laighean, is idir eisean agus Crowley a bheidh an chéad áit ar fhoireann na hÉireann agus is mó atá imeartha aige mar lánchúlaí agus i lár na páirce leis na Laighnigh agus b’fhéidir gur ina choinne a rachadh an tsolúbthacht sin. 

Cúl á scóráil ag Andrew Moran d’fhoireann faoi 21 na hÉireann. Pic: INPHO/Evan Treacy

Andrew Moran (Sacar)

Níl aon amhras ach gurb é Evan Ferguson an tÉireannach is mó cáil ag Brighton & Hove Albion ach tá Baile Átha Cliathach eile ag an gcumann a bhfuil ardmheas air chomh maith, an t-imreoir lár páirce Andrew Moran. Tá Moran, 20, bliain níos sine ná Ferguson agus cé nach bhfuil an cháil chéanna bainte amach aige go fóill is cinnte go bhfuil sé ag dul sa treo ceart. 

D’imir Moran a chéad chluiche do Brighton breis is dhá bhliain ó shin agus tá sé ar iasacht ag Blackburn Rovers don séasúr seo chun go mbeadh tuilleadh deiseanna imeartha aige. Is i gcoinne Cardiff City a d’imir Moran sa chéad chluiche sin do Brighton agus ba in aghaidh an fhreasúra céanna a bhí an cluiche is fearr aige do Blackburn nuair a scóráil sé dhá chúl agus chruthaigh sé péire eile i gcluiche a imríodh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. 

I lár an tábla atá Blackburn faoi láthair ach tá Moran ag imirt go rialta dóibh. D”imir sé d’fhoireann shinsir na hÉireann den chéad uair sa chluiche deireanach ag Stephen Kenny nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí in aghaidh na Nua-Shéalainne. Má choinníonn sé air ag forbairt mar atá, beidh sé féin agus Ferguson le chéile go minic leis an bhfoireann idirnáisiúnta agus b’fhéidir leis an gclub freisin. 

Sophie O’Sullivan chun tosaigh. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Sophie O’Sullivan (Lúthchleasaíocht)

Scór bliain ó rith a máthair den uair dheireanach sna Cluichí Oilimpeacha, tá deis ag Sophie O’Sullivan páirt a ghlacadh ina céad Chluichí Oilimpeacha agus an reathaí óg cáilithe cheana féin don chomórtas 1500m i bPáras. 

Iníon le Sonia, beidh aird i gcónaí ar O’Sullivan mar gheall air sin, ach tá Sophie ag treabhadh a bealaigh féin agus dul chun cinn suntasach déanta aici anuraidh.  

Mí Iúil, bhuaigh O’Sullivan bonn óir ag Craobhacha Faoi 23 na hEorpa nuair a rith sí an rás 1500m i 4:07:18, sáriarracht phearsanta di féin ach bhí sí breis is cúig soicind níos tapa ná sin ag Craobhacha Lúthchleasaíochta an Domhain i mBúdaipeist nuair a chríochnaigh sí i 4:02.15, toradh a chinntigh go mbeidh áit aici i bPáras i mbliana. Ba é an rás sin i mBúdapeist an chéad uair aici páirt a ghlacadh ag ceann de na mórchomórtais shinsir idirnáisiúnta agus dea-thuar a bhí ann roimh na Cluichí Oilimpeacha. 

Tá sáriarrachtaí pearsanta bainte amach ag O’Sullivan sa 800m agus sa 3000m ó shin agus cé gurb iad Ciara Mageean, a bheidh sa chomórtas 1500m chomh maith, agus Rhasidat Adeleke is mó a bhfuil seans acu boinn a bhuachan i bPáras, tá an chuma ar O’Sullivan go mbeidh sí san iomaíocht i measc na mboc mór as seo go ceann píosa fada. 

Imreoir óg Uíbh Fhailí, Adam Screeney. Pic: INPHO/Ken Sutton

Adam Screeney (Iománaint)

Beidh a fhios ag aon duine a bhreathnaigh ar na craobhacha iomána faoi aois ar TG4 le cúpla bliain anuas cé hé Adam Screeney ach seans go bhfaighidh níos mó daoine spléachadh air i mbliana má choinníonn sé air ag forbairt. 

Fiú agus é ag imirt le foirne mionúir agus faoi 20 Uíbh Fhailí, bhí Screeney ar dhuine de na himreoirí is lú ar an bpáirc ach arís is arís eile ba é a sheas amach de bharr an chumais, na scile agus an mhianaigh atá ann. 

I ndiaidh na mblianta crua a bhí ag iománaithe Uíbh Fhailí le nach mór scór bliain anuas, tá muintir an chontae ag tnúth go ndéanfaidh Screeney agus na himreoirí óga cumasacha eile atá ag teacht chun cinn an beart ag leibhéal na sinsear ach níor cheart a bheith ag súil leis an iomarca uathu ach an oiread. Chonacthas cheana féin i gcluiche ceannais Chraobh Faoi 20 na hÉireann anuraidh go mbeidh imreoirí níos téagartha breá sásta a bheith ag tarraingt Screeney siar agus ag streachailt leis chun a chinntiú nach bhfaighidh sé an spás atá uaidh. Beidh an fhadhb sin céad uair níos measa aige leis na sinsir ach ní déarfadh mórán nach dtabharfaidh Screeney faoin dúshlán sin le díocas. 

Rud maith atá ann go mbeidh Uíbh Fhailí ag imirt i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana agus deis níos fearr ag Screeney dul i dtaithí ar na dúshláin nua a bheidh roimhe. 

Fág freagra ar 'Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2024'