Tá cúigear iriseoirí i measc an scór duine ar a laghad a maraíodh in ionsaithe a rinne arm Iosrael ar ospidéal al-Nasser i ndeisceart Ghaza inniu.
Maraíodh roinnt daoine sa gcéad ionsaí agus ansin rinneadh an dara hionsaí inar maraíodh tuilleadh daoine. Deir finnéithe gur tharla an dara hionsaí sin tar éis d’oibrithe tarrthála agus iriseoirí deifriú go dtí an áit a ionsaíodh ar dtús.
Maraíodh san ionsaí Hussam al-Masri, a bhí ag obair do Reuters, Mariam Abu Dagga, a bhí ag obair leis an Associated Press, Mohammed Salam a bhí ag iriseoireacht do Al Jazeera, Ahmad Abu Azizón ó Middle East Eye, agus an t-iriseoir Moaz Abu Taha. Gortaíodh Hatem Khaled, iriseoir eile le Reuters, san ionsaí.
I ráiteas ón Associated Press dúradh go raibh iontas agus brón orthu faoi bhás Mariam Abu Dagga agus bás na n-iriseoirí eile a maraíodh san ionsaí céanna.
Chuir Reuters a mbriseadh croí féin in iúl ar bhás al-Masri agus gortú Khaled san ionsaí.
Bhí Hussam al-Masri ag craoladh beo ón díon nuair a buaileadh é agus chlis an craoladh ar an bpointe.
Maraíodh seisear iriseoirí coicís ó shin nuair a dhírigh Iosrael a n-ionsaí ar sprioc in aice le hOspidéal al-Shifa Hospital i gCathair Gaza. Deir an Coiste Cosanta Iriseoirí (CPJ) go bhfuil ar a laghad 192 iriseoir Palaistíneach maraithe ón 7 Deireadh Fómhair 2023.
Sin le rá gur mó iriseoirí atá maraithe in Gaza ná a maraíodh ar fud an domhain uile sna trí bliana roimhe sin.
Dúirt an CPJ le déanaí gur “iarracht chórasach bheartaithe a ghníomhartha a cheilt” a bhí ar bun ag Iosrael agus iad ag marú iriseoirí.
Dúirt urlabhraí ó arm Iosrael go raibh réamhfhiosrúchán faoin ionsaí ordaithe ag an gCeann Foirne agus dúirt go raibh “aiféala ar Iosrael faoi aon dochar a rinneadh do dhaoine nach raibh páirteach [sa gcogadh] agus nach ndíríonn Iosrael ar iriseoirí d’aon turas”.
I dtuairisc an mhí seo ó Action on Armed Violence, dream a dhéanann monatóireacht ar chogaí, dúradh gur cuireadh deireadh le 88% de na fiosrúcháin a rinne arm Iosrael ar líomhaintí i gcoinne a chuid saighdiúirí maidir le coireanna cogaidh agus drochíde agus gan aon locht faighte ar aon duine, sin nó fágadh na líomhaintí gan aon réiteach.
Pádraig
Gnáth-chleachtas é sin an dara hionsaí a dhéanamh.
Ní bhíonn sa chéad ionsaí ach gaiste chun breis daoine a thabhairt isteach ar láthair an áir.
Má bhíonn sé de dhánaíocht ionatsa fóirithint ar na mairbh nó ar íosbartaigh eile, marófar tusa leis, gan aon agó.
Déanfar san.
Is cuma ciacu mac nó iníon, athair nó máthair, dritheáir nó drifiúr atá i gceist. Is cuma…
Trínseálfar tusa leis agus tuilleadh in éineacht leat.
Déanfaidh na húdaráis chuí iniúchadh sa scéal ansin agus póstálfaidh an gaiscíoch saighdiúra a mharú ar líne le mórtas.
‘Caitheamh aimsire’ acu is ea é
(Ní mise adúirt ach iar-shaighdiúr de chuid an IDF).
Níl aon rud athruithe ó thús an tsaoil, faic na ngrást, agus ní athróidh go deireadh ré.