Níl a fhios agam ar tharla sé riamh roimhe seo, ach má tharla ní cuimhneach liomsa é. Tá Cúige Laighean, curaidh reatha an URC, in íochtar thábla an chomórtais agus gan oiread agus pointe amháin féin cláraithe acu. Seans freisin gur chuir Cúige Laighean an tús is measa riamh le haon séasúr rugbaí agus gan iad ag aimsiú oiread agus pointe amháin féin i gcoinne na Stormers i mbabhta a haon d’URC na bliana seo.
Cuimhnigh gur ar bharr thábla an URC a bhí Cúige Laighean ó thús go deireadh an séasúr seo caite. Déan comparáid freisin le torthaí na gcúigí eile an deireadh seachtaine seo caite, chláraigh siad ar fad bua le pointe bónais, nó le cúig phointe.
In ainneoin gur éirigh le Cúige Laighean greim a fháil ar chraobh URC an tséasúir seo caite, ní féidir an díomá a bhain leis an gcaoi ar theip orthu áit i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh a bhaint amach a shéanadh. Chinntigh cúpla droch-chinneadh roghnúcháin do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh, cluiche a chaill Cúige Laighean, go raibh go leor amhrais ann maidir le scileanna bainistíochta Leo Cullen.
Bhuel, cinntíonn lag-iarracht Laighean an deireadh seachtaine seo caite go mbeidh an t-ábhar céanna fós i mbéal lucht leanúna Chúige Laighean.
Ní dóigh go mbeidh sé in ann an t-amhras sin a chur ó dhoras an deireadh seachtaine seo ach oiread mar go bhfuil dúshlán ollmhór eile le sárú ag a fhoireann amárach agus iad ag tabhairt faoi na Bulls ar thalamh ard in Pretoria. Nach bocht an scéal é go mbeadh Cúige Laighean sásta má éiríonn leo an bhearna ar chlár na scór eatarthu féin agus na Bulls a choinneáil íseal?
Tá cluiche Chúige Uladh a bhí le bheith i nDún Éideann anocht curtha ar athlá de bharr Stoirm Amy.
Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Chonnacht arís amárach agus iad i gcoinne na Scarlets, foireann a chaill i gcoinne na Muimhneach an Satharn seo caite in ainneoin buntáiste imirt sa mbaile a bheith acu. Is deacair aon cheo seachas bua eile do na Connachtaigh a thuar, go háirithe má imríonn siad mar a rinne siad i gcoinne Benetton i mBabhta 1.
Imreoidh Cúige Mumhan an chéad chluiche baile an séasúr seo amárach agus iad ag cur fáilte roimh Caerdydd, foireann a bhuaigh an tseachtain seo caite i gcoinne na Lions. Is fiú a mheabhrú gurb iad na Lions an fhoireann is laige de na ceithre fhoireann ón Afraic Theas atá ag imirt san URC. Tá mise ag tuar a ndara bua do Chúige Mumhan amárach.
Dún Éideann v Cúige Uladh – Cluiche curtha ar athlá
Dé Sathairn, 4 Deireadh Fómhair
Cúige Chonnacht v Scarlets – Staid Dexcom, 13:45
Cúige Mumhan v Caerdydd – Páirc Thuamhan, 19:45
Dé Domhnaigh, 5 Deireadh Fómhair
Bulls v Cúige Laighean – Loftus Versfeld, 17;30
Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag bun an tábla, creid nó ná creid'