Cúig leabhar san iomaíocht do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards

Seo an ceathrú bliain don rannóg Leabhar Gaeilge na Bliana, urraithe ag LoveLeabharGaeilge, a bheith mar chuid de na gradaim náisiúnta

Cúig leabhar san iomaíocht do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards

Cúig leabhar Gaeilge atá roghnaithe ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na Irish Book Awards 2021.

Is iad na leabhair atá roghnaithe ar an ngearrliosta ná An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag le Áine Ní Chonghaile (CIC), Inní le Réaltán Ní Leannáin (Éabhlóid), Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin (Barzaz), Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin (Leabhar Breac) agus Mé Suibhne le Feargal Ó Béarra (Leabhar Breac).

Seo an ceathrú bliain don rannóg Leabhar Gaeilge na Bliana a bheith mar chuid de na gradaim náisiúnta agus tá an rannóg urraithe ag LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.

Roghnófar an buaiteoir ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain.

An leabhar Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde a thug leis duais na Gaeilge anuraidh agus Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson a bhuaigh an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana in 2019 agus 2018 faoi seach.

Fág freagra ar 'Cúig leabhar san iomaíocht do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards'

  • Áine Ní Ghlinn

    Ar fheabhas ar fad. Leabhair iontacha. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí, na maisitheoirí & na foilsitheoirí.