Cúig leabhar ainmnithe ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards

Tá saothair ó cheithre theach foilsitheoireachta san iomaíocht do ghradam 2022 agus urraíocht á déanamh ag LoveLeabharGaeilge air don chúigiú bliain

Cúig leabhar ainmnithe ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards

Cúig leabhar atá roghnaithe chun dul san iomaíocht do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na Irish Book Awards 2022.

Fógraíodh an gearrliosta don ghradam, atá urraithe ag LoveLeabharGaeilge, tráthnnóna, agus saothair ó cheithre theach foilsitheoireachta atá roghnaithe.

Is iad na leabhair atá ainmnithe do dhuais na bliana seo ná Súil an Daill le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac), EL le Thaddeus Ó Buachalla (Coiscéim), An Dara Rogha le Celia de Fréine (LeabhairComhar), Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid) agus Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin (Éabhlóid).

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ag na Gradaim Foilsitheoireachta Gaeilge 2022 ar Ní Leannáin as a saothar Bláth na dTulach níos luaithe an mhí seo.

Fógrófar buaiteoir ghradam leabhar Gaeilge ag na Irish Books Awards ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain.

Tá LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair Ghaeilge chun cinn, i mbun urraíochta ar an ngradam ó 2018,

Súil an Daill

I dTir Eoghain sa bhliain 1539 atá Súil an Daill suite. Tá Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhabhar a thuilleamh.

Bádh B’fhéidir

Cuireann Seán Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sa chnuasach ficsin eolaíochta seo a bhfuil dánacht ag baint leo.

EL

Ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú haois déag, cruthaítear sa scéal seo le Thaddeus Ó Buachalla saol eile, saol a aithnímid ach nach féidir linn glacadh leis.

Bláth na dTulach

Is bailiúchán gearrscéalta comhaimseartha é Bláth na dTulach, ina bhfuil scéalta ó scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh, curtha le chéile ag Réaltán Ní Leannáin.

An Dara Rogha

San úrscéal tuairimeach seo le Celia de Fréine tá go leor ceachtanna le foghlaim ag Emma agus Zara agus go leor dúshlán le sárú acu. An mbeidh orthu glacadh lena bhfuil i ndán dóibh nó an ann don dara rogha?

Fág freagra ar 'Cúig leabhar ainmnithe ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards'