San fhoclóir a dtugtar Sanas Chormaic air a scríobhadh san 10ú haois déantar iarracht ar a mhíniú cad is brí leis an bhfocal ‘Gaeilge’. Is é a deir an neach léannta a bhreac é ná gurbh é ‘Guth Ealga’, is é sin, guth na hÉireann ba chiall leis.
Ní haon bhréag a rá gurbh é Mícheál Ó Muircheartaigh guth na hÉireann, guth Ealga. Tá na scéalta go léir á n-insint le cúpla lá, agus beidh cuimhne orthu fad is atá sliotair á mbualadh ar fhaiche nó caid á speachadh ar ghort. Bhí filíocht ina chuid tráchtaireachta nach raibh ag an dara duine, ach filíocht a chuir leis an radharc cluaise a dhathaigh sé dúinn seachas baint uaidh dá chlisteacht is a bhí. An cluiche ba mhairbhe féin, ba bheo a bhí. Tá a fhios againn go léir é sin.
Fairis sin, bhí sé cothrom le cách agus meas aige ar gach n-aon. Tá ár gcuid claonta contaethacha go daingean domhain dingthe go préamh ionainn go léir. Mar mhac de chuid na ríochta úd a ghabh forlámhas ar pheil na tíre ar feadh i bhfad, agus mar dhuine a dhein traenáil ar an gcuid sin d’fhoireann Chiarraí a bhí lonnaithe san ardchathair, b’ionadh leat gur éirigh leis a bheith chomh tuisceanach le cách, chomh báúil le gach dream dá laigeacht is a bhí. Mar ba mhó aige an cluiche agus na daoine a d’imir, an lucht féachana a lean, an pobal a raibh sé ag freastal orthu, agus naofacht ár gcluichí dúchais ná aon chlaonpháirtíocht ar bith.
Thuig sé muintir na hÉireann bun barr soir siar. Thuig sé iad mar b’eisean sinn, agus ba sinne é ach ar phlána níos uaisle. Gnáthdhuine ina anam is ina chorp, ach sin toisc gur gnáthdhaoine sinn go léir. Ach amháin gur gnáthdhuine uaislithe ba ea é, a dhein uaisleacht den uirísleacht arb é ár ndúchas uile é. Mórtas ná cur i gcéill ná bréagmhóráil ní raibh ag baint leis, cé gur léir gur thuig sé a mhórmhaitheasaí féin mar ba chóir.
Ceann de ghuaiseanna móra poiblí is ea an tráchtaireacht bheo. Má dhéantar botún, ní féidir tarraingt siar as. Is contúirtí féin sa spórt é, óir gluaiseann chomh mear neamhthrócaireach sin agus ní féidir a bheith i do thost. Bhíodh colún ag Private Eye Shasana bunaithe ar bhotúin bhuile a dhein an tráchtaire David Coleman arna dtugtaí Colemanballs ina mbíodh na tagairtí b’áiféisí á gcur os ard, ar nós, ‘Dhein sé an cúl deireanach a chiceáil lena chloigeann sa nóiméad deireanach,’ nó ‘Táimid anseo in Iarúsailéim, Mecca lucht leanta spóirt,’ nó ‘Tá siad chun tosaigh trí chúl in aghaidh neamhní, sin go díreach a dhá oiread is a bhí an uair cheana!’
Fuaireas féin cúig phunt uathu ar ráiteas ó Johnny Giles a dúirt, ‘Sin foireann na hÉireann mar is fearr iad – nuair nach bhfuil an liathróid acu.’
Tuaiplis nó meancóg mar sin níor dhein Mícheál riamh in ainneoin na milliún focal gan áireamh a spréigh sé ar fud na n-aerthonnta i gcaitheamh a ghlóir-réime. Na seoda uaidh atá ar eolas go coitianta ag an bpobal mór anois is seoda béaloideasa iad, béaloideas reatha na tíre. Níorbh fhéidir go raibh aon cheann díobh sin réamhullamh aige mar a bhíonn ag polaiteoir, óir níorbh fhéidir é. Bhí gach rud eile réamhullamh aige gan amhras, mar ba phroifisiúnaí siar go smior na gcnámh é, proifisiúnaí a bhí bunaithe ar an ngrá daingean a bhí aige dár gcluichí dúchais féin, ar filíocht na ndaoine iad an té a thuigfeadh sin i gceart.
B’idirghabhálaí, agus fear faire, agus réiteoir, leis, é. Is é a bhí ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge nuair a bhíos féin i mo bhall de i 1990idí na haoise seo caite. Ba phribhléid é a bheith i láthair a chuid cathaoirleachta. Bhí sé cothrom le cách, ligeadh do dhaoine labhairt mar ba chóir, choinníodh stiúir ar a raibh ar siúl, bhí a fhios aige cá raibh an chaint ag dul, bhí máistriúil ar smacht a choimeád ar an bplé i ngan fhios dúinn, agus chuir balsam ar egónna de réir mar ba ghá.
Tá sé ráite nach bhfuil ach cúpla céim caidrimh idir gach duine ar domhan ach an nasc a leanúint, ach is féidir a rá gur dócha go bhfuil aithne ag gach duine in Éirinn ar dhuine éigin a raibh aithne aige ar Mhícheál Ó Muircheartaigh. Duine ar bith díobh ní déarfaidís siolla ina aghaidh mar ní bheadh aon chúis acu.
Ní hé amháin go bhfuil na scéalta á malartú againn anois, ach is cinnte go mbeidh scéalta á gcumadh ina thaobh. Cuid de bhéaloideas na hÉireann cheana é, ár nEoghan Rua ar líofacht, ár nGuaire ar oineach eolais, ár nArastatal ar ghaois phobail.
Anois is uaigneach Éire.
An Teanga Bheo
Is uaighneach iad na Gaeil gan thú, ach Beannacht leat Micheál