Cuibheasach gan a beith maíteach – Buiséad Paschal Donohoe

Ní foláir na roghanna a rinne an tAire Airgeadais a bhreithniú de réir mar a d’fhreastail siad ar chúig riachtanas

Cuibheasach gan a beith maíteach – Buiséad Paschal Donohoe

Oireann ganntanas agus géarchéim d’airí airgeadais. Is féidir leo an freagra diúltach céanna a thabhairt ar gach iarratas a chuirtear faoina mbráid agus an buiséad á dhréachtú. Is é sin, mura dtugtar aon aird ar a rabhadh roimh ré.

‘Níl breis airgid ar fáil. Ní chaithfidh mé airgead nach bhfuil agam. Tá a fhios agaibh cén freagra a thabharfaidh mé má fhiafraítear díom a bhfuil mé toilteanach caiteachas breise a cheadú – níl.’

Níl an ghéarchéim Bhreatimeachta buailte leis an rialtas fós, ach is faoina scáth a chuir Paschal Donohoe an Buiséad le chéile.

Ní raibh sé ábalta droim láimhe a thabhairt le gach iarratas, ach rinne sé dhá chinneadh a léirigh a údarás sa rialtas.

Dhiúltaigh sé do dhá mholadh a tharraing an-aird roimh ré: geallúint an Taoisigh go bhfógrófaí laghdú ar cháin ioncaim sa Bhuiséad, agus moladh Willie O’Dea go dtabharfaí ardú €5 do phinsinéirí.

Ní foláir na roghanna a rinne an tAire Airgeadais a bhreithniú de réir mar a d’fhreastail siad ar chúig riachtanas polaitiúil a bheidh ag brú ar an rialtas in 2020: Breatimeacht, athrú aeráide, liúntais agus seirbhísí poiblí, stuaim, agus olltoghchán.

An Breatimeacht

Gheall Paschal Donohoe deontais, iasachtaí agus beartais eile a chuirfeadh an rialtas ar fáil chun tacú leis na hearnálacha den gheilleagar a bheidh i gcruachás tar éis an chrua-Bhreatimeachta. Cuirfear €220m ar fáil láithreach, agus beidh suas le €1.2 billiún ar fáil má theastaíonn sé. 

Ní raibh aon dul as ag an aire ach an buiséad a leagan amach agus caiteachas práinneach a phleanáil ar bhonn an Bhreatimeachta gan mhargadh. Ní bheidh éifeacht ná laigí na mbeartas a d’fhógair sé soiléir go dtiocfaidh an crú ar an tairne. Is ar airí eile (Michael Creed agus Heather Humphreys go háirithe) a bheas an fhreagracht na beartais sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus gan mhoill de réir mar a thagann dochar an Bhreatimeachta chun solais.

Athrú Aeráide

Bhí an t-ardú ar cháin charbóin (dhá cent ar lítear peitril) a d’fhógair Paschal Donohoe chomh beag sin gur ar éigean a thabharfar faoi deara é. Is ionann an t-ardú agus méadú €6 ar gach tonna carbóin – tá geallta ag an Rialtas go mbeidh arduithe rialta gach bliain go dtí go mbeidh €80 ar gach tonna carbóin in 2030.

Cé go gcaithfear an teacht isteach breise (€90 milliún) ar insliú tithe agus ar bheartais athchóirithe eile, ní chuirfidh ardú dhá cent sa lítear ina luí ar an bpobal gur chóir dóibh nósanna nó gléasanna taistil a athrú.

Admhaíonn gach duine, beagnach, go bhfuil athruithe móra de dhíth chun astaíocht charbóin na tíre a shrianadh, ach léirigh laige an Bhuiséid arís nach bhfuil an rialtas in aon ghiorracht don chur chuige a bheidh riachtanach. Bhí cur síos ar eisceacht phraiticiúil amháin sa Bhuiséad: ciste €30 milliún a bhunófar chun iarfhostaithe Bhord na Móna a chur ag obair ar insliú tithe agus ar athchóiriú portaigh. Ach léiríonn an eisceacht sin laige an chur chuige náisiúnta.

Liúntais agus Seirbhísí Poiblí

Ní raibh ach €900 milliún sa bhreis le caitheamh ag Paschal Donohoe, i gcomparáid le caiteachas an rialtais i mbliana. Is ar mhionathruithe a  chaithfear an t-airgead an bhliain seo chugainn; creidmheas beag cánach sa bhreis do chúramóirí baile (€100 sa bhliain) agus do dhaoine atá féinfhostaithe (€150) mar shampla, agus ardú €5 sa tseachtain do dhaoine aosta atá ina gcónaí ina n-aonar. D’fhógair sé leathnú suntasach ar na scéimeanna faoina gcuirtear cóireáil dochtúra agus fiaclóra ar fáil saor in aisce do pháistí. Baineadh cuid den mhaith as an dea-scéala áfach nuair a thug cumainn na ndochtúirí agus na bhfiaclóirí le fios nár pléadh leathnú an dá scéim leosan.

Stuaim

Dá mbeadh riar mar ba chóir ar an státchiste agus an geilleagar folláin le cúig bliana, bheadh airgead á chur i dtaisce ag an rialtas faoin am seo. Ní bheidís ag brath ach oiread ar theacht isteach gan choinne ó cháin chorparáideach chun íoc as caiteachas reatha, agus ní bheadh orthu brath ar iasachtaí chun cabhrú le feirmeoirí, le hiascairí agus le comhlachtaí a bheidh faoi bhrú más Breatimeacht crua atá romhainn.

Sa Dáil Dé Máirt, chuir Michael McGrath ó Fhianna Fáil drochriar airgeadais i leith an rialtais. Cé go raibh údar réasúnta lena thuairim, níor mhol sé aon chaiteachas ba chóir a bheith seachanta ionas go mbeadh cuma níos folláine ar an státchiste.

Ní chuirfeadh ceisteanna casta faoi chúrsaí airgeadais dá leithéid mórán imní ar Fhine Gael, mura mbeadh caiteachas ar ospidéal nua na leanaí imithe ó smacht. Cúis imní eile: tá cáil ar an bpáirtí, dar leo féin, mar dhream a bhíonn níos stuama ná páirtí ar bith eile ó thaobh cúrsaí airgeadais de. Tarraingeoidh scéal an ospidéil amhras orthu as seo go dtí an toghchán, agus ní dhéanfar dearmad air ach oiread agus cumas an rialtais maidir le caiteachas á phlé idir seo agus an toghchán.

Olltoghchán

Glactar leis ar gach aon taobh i dTeach Laighean gurb é an Buiséad seo an ceann deireanach a fhógrófar roimh an olltoghchán. Ní raibh beartais ann dáiríre a rachaidh go mór chun sochair ná chun dochair d’Fhine Gael. Is díol suntais é mar sin féin gur cuireadh athrú contúirteach amháin (an méadú ar an gcáin ar ola théite) siar go dtí Bealtaine na bliana seo chugainn.

Tá dáta oiriúnach olltoghcháin á phlé go tréan ag Fine Gael faoi láthair, agus toghchán i mí na Samhna (má chuirtear moill ar lá an Bhreatimeachta) á mholadh ag Teachtaí Dála áirithe. Ceaptar áfach go bhfuil fonn ar an Taoiseach fanacht go dtí an chéad leath den bhliain seo chugainn. Dá dteastódh olltoghchán an mhí seo chugainn uaidh, bheadh deacracht amháin aige láithreach: fáth nó leithscéal réasúnta a aimsiú.

Fág freagra ar 'Cuibheasach gan a beith maíteach – Buiséad Paschal Donohoe'