‘Cruthaitheacht agus paisean na nGaeilgeoirí óga an chúis dhóchais is mó againn’ – súil chun cinn ar 2018 le Pádhraic Ó Ciardha

Sa tsraith seo féachtar chun cinn ar an mbliain atá romhainn amach i dteannta roinnt daoine aitheanta. An babhta seo is é leascheannaire TG4, a bheidh ag éirí as san athbhliain, atá farainn

‘Cruthaitheacht agus paisean na nGaeilgeoirí óga an chúis dhóchais is mó againn’ – súil chun cinn ar 2018 le Pádhraic Ó Ciardha

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2018? 

Tá, ach is rún é.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2018?

Iarracht na Gaillimhe ar an dara Craobh Shinsir Iomána as a chéile.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2018?

Éadan Donald Trump go rialta ar gach meán nuachta, ainneoin mo dhíchill é a sheachaint.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2018?

(a) M’imeacht féin ar luathscor ó TG4 ar eachtraí nua gairme agus taistil.

(b) Gradam Ceoil TG4 i mBéal Feirste, 4 Feabhra.

(c) Féile na Meán Ceilteach i Llanelli 3-5 Bealtaine.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2018?

Cruthaitheacht, paisean agus úire na hóige le Gaeilge agus a mian an teanga a cheiliúradh go siamsúil.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2018?

Tús a chur le scríobh leabhair atá ar m’intinn le tamall anois. 20 port nua a fhoghlaim ar an bhfeadóg.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2018, céard a d’athrófá?

Bánú na tuaithe.

Fág freagra ar '‘Cruthaitheacht agus paisean na nGaeilgeoirí óga an chúis dhóchais is mó againn’ – súil chun cinn ar 2018 le Pádhraic Ó Ciardha'

  • Seán de Paor

    ‘Beir beannacht om chroi go tir na hEireann banchnoic Eireann o, mar a maireann de shiolra Ir agus Eibhir, banchnoic Eireann o, an ait ud inarbh aoibhinn binnghuth ean, mar shamhchruit chaoin ag caoineadh Gael……..’