Cruinniú poiblí le reáchtáil san Uaimh faoi aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

Tá cruinniú á reáchtáil san Uaimh le daoine a mhealladh chun grúpa oibre a bhunú le plean teanga a réiteach

Cruinniú poiblí le reáchtáil san Uaimh faoi aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

Tá cruinniú poiblí le reáchtáil san Uaimh i gcontae na Mí tráthnóna faoi stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeilge a fháil don bhaile.

In 2014 a roghnaíodh an Uaimh mar cheann den 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta a d’fhéadfadh aitheantas a fháil mar chuid den phróiseas pleanála teanga a tugadh isteach in Acht na Gaeltachta 2012. Caithfidh Roinn na Gaeltachta plean teanga don bhaile a cheadú sula dtabharfar an t-aitheantas sin don bhaile, áfach.

Deir Caoimhín Ó Cadhla ó Chonradh na Gaeilge, atá ag eagrú an chruinnithe, nach bhfuil anseo ach “an chéad chéim” i dtreo plean teanga a ullmhú don bhaile. An sprioc atá le cruinniú na hoíche anocht, a bheidh ar bun ón 7.00in sa Newgrange Hotel, daoine as an áit a mhealladh chun grúpa oibre a bhunú.

“Agus figiúirí an daonáirimh ag léiriú titim ar chainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht, tá gá níos mó ná riamh le tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta,” a deir Caoimhín Ó Cadhla ó Chonradh na Gaeilge, atá ag eagrú an chruinnithe.

“Trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a dhéanamh den Uaimh, beidh an baile ina chrann taca ag Gaeltacht na Mí. Is gá mar sin go mbeadh níos mó seirbhísí á gcur ar fáil trí Ghaeilge san Uaimh. Ní hamháin sin ach tugann sé deis dúinn an Uaimh a ghaelú agus cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile.”

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh le ceann agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin.

Tá ocht gcinn de Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga cheana féin – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán agus Cathair Saidhbhín.

Tá plean teanga do Bhéal an Mhuirthead á bheartú ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, i láthair na huaire agus tá pleananna eile á n-ullmhú do Bhaile an Róba, don Chlochán agus do Chathair Chorcaí.

Chomh maith leis an Uaimh, tá an obair ar phlean fós le tosú i mBaile Dhún na nGall, i Maigh Chromtha agus i mBaile Átha Buí.

Fág freagra ar 'Cruinniú poiblí le reáchtáil san Uaimh faoi aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta'