Cruinniú ag eagraíochtaí teanga leis an Roinn Oideachais faoi laghdú ar uaireanta teagaisc na Gaeilge

Faoin churaclam nua, tiocfaidh laghdú 30 bomaite sa tseachtain ar theagasc na Gaeilge i bhformhór mór na mbunscoileanna sa stát

Cruinniú ag eagraíochtaí teanga leis an Roinn Oideachais faoi laghdú ar uaireanta teagaisc na Gaeilge

D’éiligh eagraíochtaí Gaeilge ag cruinniú a bhí acu leis Roinn Oideachais agus an NCCA nach rachfaí ar aghaidh leis an phlean laghdú a dhéanamh ar uaireanta teagaisc na Gaeilge i mbunscoileanna an stáit.

Bhí cruinniú ag ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge le hoifigigh de chuid na Roinne Oideachais agus na Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), cruinniú ag ar pléadh na hathruithe conspóideacha atá beartaithe ar an chreatchuraclam nua bunscoile.

Má leantar leis an phlean don churaclam nua atá molta ag an CNCM, tiocfaidh laghdú 30 bomaite sa tseachtain ar theagasc na Gaeilge i bhformhór mór na mbunscoileanna sa stát.

Faoin churaclam nua múinfear teanga eile, chomh maith leis an Ghaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6 agus deirtear go gcaithfear níos mó ama ag múineadh eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn le Tuairisc nach léir dóibh i ndiaidh an chruinnithe an tseachtain seo caite go bhfuil “aon bhunús oideachais” leis an chinneadh uaireanta teagaisc na Gaeilge a laghdú sna bunscoileanna.

“Níor tháinig muid amach as an gcruinniú le haon tuiscint nua. Ní fheicimid go raibh aon bhunús oideachais leis an gcinneadh agus ní fheictear dúinn conas nach mbeidh laghdú ar an gcaighdeán Gaeilge má leantar leis an bplean leathuair an chloig níos lú a chaitheamh ar theagasc na Gaeilge gach seachtain agus sin thar thréimhse sé bliana na bunscoile.

“An phríomhtheachtaireacht a bhí againn nár chóir dul ar aghaidh leis an bplean,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge le Tuairisc gur chruinniú “fiúntach” a bhí ann inar cuireadh in iúl don Roinn Oideachais agus don CNCM go raibh “imní” ar an eagraíocht Ghaeilge faoi na leasuithe atá beartaithe ar an churaclam bunscoile.

“Chuir Foras na Gaeilge in iúl go bhfuil imní orainn faoin laghdú ar an am a chaithfear ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna T2 [scoileanna Béarla].

“Bhí deis ag na páirtithe éagsúla tuairimí a thabhairt agus plé a dhéanamh ar an cheist. Tá Foras na Gaeilge sásta go dtuigeann an Roinn Oideachais agus an CNCM na buarthaí atá léirithe le tamall anuas faoin cheist seo,” a dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.

Maidir leis an éileamh a rinne na heagraíochtaí Gaeilge go dtarraingeofaí siar an plean chun laghdú a dhéanamh ar uaireanta teagaisc na Gaeilge sa churaclam nua bunscoile, dúirt urlabhraí ón CNCM le Tuairisc nach mbeadh aon ráiteas á dhéanamh acu faoin scéal agus gur ceist don Roinn Oideachais atá ann.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais faoin scéal.

Mar chuid den athbhreithniú a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an churaclam, tá sampla tugtha de chlár ama do dhaltaí Ranganna 3-6 i scoil lán-Bhéarla.

D’fhéadfaí, a deirtear, trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh an Bhéarla (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga.

Tá uair an chloig agus 45 nóiméad curtha ar leataobh do “am solúbtha” agus deis ag scoileanna tuilleadh ama a chaitheamh le hábhair eile, an Ghaeilge ina measc.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gurb iad na daltaí i scoileanna Béarla atá níos laige ó thaobh na Gaeilge de, is mó a bheidh “thíos leis” na leasuithe atá beartaithe ar an churaclam.

“Mura bhfuil múinteoirí sa scoil atá muiníneach ó thaobh na Gaeilge de, drochsheans go gcaithfidís am sa bhreis le teagasc na Gaeilge, am a deirtear atá ar fáil mar chuid den am ‘solúbtha,” a dúirt de Spáinn.

I measc na n-athruithe eile atá molta ar an churaclam, tuigtear go bhfuil leathuair an chloig níos lú sa tseachtain le caitheamh ar mhúineadh reiligiúin agus go gcuirfear béim níos mó ar chúrsaí folláine.

Rinneadh iontas an tseachtain seo caite de mhaíomh an Aire Norma Foley go gcuirfidh an curaclam bunscoile nua feabhas ar fhoghlaim na Gaeilge.

Deirtear i dtaighde nua a rinne an NCCA gur fearr a thaitníonn an Ghaeilge le daltaí bunscoile a mbíonn níos mó teagmhála acu leis an Ghaeilge.

Léiríodh sa suirbhé a rinneadh mar chuid den taighde faoin churaclam nua bunscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí i mbunscoileanna Béarla an stáit ach nach ndúirt oiread agus páiste amháin i scoil lán-Ghaeilge nár thaitin an teanga leo.

Fág freagra ar 'Cruinniú ag eagraíochtaí teanga leis an Roinn Oideachais faoi laghdú ar uaireanta teagaisc na Gaeilge'