Breis is 70 uair an chloig níos lú le caitheamh ag daltaí bunscoile ag foghlaim na Gaeilge

Tuigtear go bhfuil sé i gceist níos mó saoirse a thabhairt do bhunscoileanna chun tosaíocht a thabhairt d’ábhair thar a chéile i gcuraclam nua

Breis is 70 uair an chloig níos lú le caitheamh ag daltaí bunscoile ag foghlaim na Gaeilge

Meastar go bhfógrófar go luath go bhfuil an líon ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge i bhformhór mór na mbunscoileanna sa tír le laghdú 30 nóiméad in aghaidh na seachtaine.

Tá creat curaclam nua bunscoile le fógairt ag an Aire Oideachais go luath agus moladh le bheith ann go múinfí teanga eile, chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6 agus go gcaithfí níos mó ama ag múineadh eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist níos mó saoirse a thabhairt do scoileanna rogha a dhéanamh tosaíocht a thabhairt d’ábhair áirithe thar ábhair eile, ach tá imní ann go mbeidh múineadh na Gaeilge thíos leis na hathruithe i go leor scoileanna.

Mar chuid den athbhreithniú a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an gcuraclam, tá sampla tugtha de chlár ama do dhaltaí Rang 3-6 i scoil lán-Bhéarla. D’fhéadfaí, a deirtear, trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh an Bhéarla (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga. Tá uair an chloig agus 45 nóiméad curtha ar leataobh do “am solúbtha”.

Dá gcloífeadh scoil lán-Bhéarla leis an gclár ama atá molta, chaithfeadh daltaí Rang 3-6 dhá uair an chloig níos lú ag foghlaim na Gaeilge gach mí. Sna ceithre bliana sin, chaillfeadh daltaí os cionn 72 uair an chloig de theagasc na Gaeilge.

Cé go bhfágfadh an t-athrú go bhféadfadh scoileanna lán-Ghaeilge níos mó ama a chaitheamh ar an nGaeilge, tá imní léirithe faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na moltaí ar fhoghlaim na teanga sa chóras bunscoile trí chéile.

“Is mór an chéim siar a bheidh ann má tá sé fíor go mbeidh an líon ama do mhúineadh na Gaeilge laghdaithe ó 3.5 uair an chloig go 3 uair an chloig sa tseachtain ó Rang a 3 sa churaclam nua bunscoile,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.

“Bheadh roinnt ceisteanna bunúsacha againn faoi seo. Mar shampla, an bhfuil an Roinn tar éis taighde a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ann do chaighdeán na Gaeilge sna bunscoileanna má laghdaítear an líon ama do mhúineadh na Gaeilge 14% sa tseachtain? Conas a chabhróidh laghdú ama leis na fadhbanna reatha sa chóras a réiteach,” a d’fhiafraigh de Spáinn.

Dúirt sé gur léirigh taighde ón ionad SEALBHÚ i DCU gur mheas múinteoirí iarbhunscoile go raibh caighdeán Gaeilge na ndaltaí a bhí ag teacht ón mbunscoil faoi láthair ró-íseal do shonraíocht na Sraithe Sóisearaí.

Cé go bhféadfadh scoileanna lán-Bhéarla úsáid a bhaint as an am solúbtha chun níos mó ama a chur ar fáil do theagasc na Gaeilge, dúirt de Spáinn go mbeadh “iontas” air dá n-úsáidfí an t-am sin chun an Ghaeilge a mhúineadh, “go háirithe i mbunscoileanna nach bhfuil tiomantas láidir acu don teanga,” ar sé.

I measc na n-athruithe eile atá molta ar an gcuraclam, tuigtear go bhfuil leathuair an chloig níos lú sa tseachtain le caitheamh ar mhúineadh reiligiúin agus go gcuirfear béim níos mó ar chúrsaí folláine.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo, deirtear i dtaighde nua a rinne an NCCA gur mó a thaitníonn an Ghaeilge le daltaí bunscoile a mbíonn níos mó teagmhála acu leis an nGaeilge.

Léirítear sa suirbhé a rinneadh mar chuid den taighde faoin gcuraclam bunscoile nua gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí i mbunscoileanna Béarla an stáit ach nach ndúirt oiread agus páiste amháin i scoil lán-Ghaeilge nár thaitin an teanga leo.

Fág freagra ar 'Breis is 70 uair an chloig níos lú le caitheamh ag daltaí bunscoile ag foghlaim na Gaeilge'

  • Seán

    Creidim go bhfuil an t-Aire seo frith-Ghaelach.
    Is léir nach gcreideann sí go bhfuil an Béarla agus an Ghaeilge comhionann.

  • Pádraig Ó Fearaíl

    “Mo chlann féin a dhíol a mháthair.”

  • Éanna

    Ní hamháin go bhfuil an tAire frith Ghaelach ach creideann sí gur mó vótaí atá le baint amach an Ghaeilge a ionsú ná í a chosaint. Tá nead ina cluais ag stáit seirbhísí na roinne oideachais chomh maith. An eagraíocht is frith Ghaelaí an taobh ó dheas den teorann b’fhéidir?